Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

12 toradh in 8 ndoiciméad

  1. #2636878

    Chuir an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa cúig thogra leathana le chéile faoi dhaonlathas na hEorpa.

    The Conference on the Future of Europe formulated five broad proposals under European democracy.

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN AN CHOMHDHÁIL AR THODHCHAÍ NA hEORPA Gníomhaíocht nithiúil a dhéanamh den fhís

  2. #3057190

    Cuspóir a leag an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa amach ba ea cloí leis an smacht reachta ar bhonn sistéamach ar fud na mBallstát uile.

    Systematically upholding the rule of law across all Member States was an objective formulated by the Conference on the Future of Europe.

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG AN gCÚIRT INIÚCHÓIRÍ Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta Bhuiséad an Aontais Eorpaigh - Bliain Airgeadais 2022

  3. #3111922

    D’fhéadfadh na Ballstáit leas a bhaint as an saineolas agus na dea-chleachtais ar leibhéal an Aontais, go háirithe an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa.

    Member States could draw on the expertise and best practices at the Union level, in particular the Conference on the Future of Europe.

    Moladh (AE) 2023/2836 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2023 maidir le ról gníomhach agus rannpháirtíocht éifeachtach na saoránach agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta sna próisis ceaptha beartas poiblí a chur chun cinn

  4. #2626455

    H. de bhrí gur shainaithin an Coiste naoi dtionscnamh shuaitheanta chun a ghníomhaíocht a dhéanamh níos straitéisí agus níos láidre ó thaobh tionchair de: (1) An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, (2) freagairt ar COVID-19 a bhaineann leis an tsláinte, (3) An Plean Gníomhaíochta maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme, (4) Comhshocrú CoR4Climate, (4) Todhchaí an chomhair trasteorann, (6) An Comhshocrú Nua maidir le hImirce agus Lánpháirtíocht, (7) An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, (8) An Fhís fhadtéarmach do na Limistéir Thuaithe, agus (9) Buiséad an Choiste Straitéisigh — cion cothrom de na hacmhainní a áirithiú don Choiste;

    H. whereas the Committee identified nine flagship initiatives to make its action more strategic and impactful: (1) Recovery and Resilience Facility, (2) Health related COVID-19 response, (3) The Action Plan for the Implementation of the European Pillar of Social Rights, (4) CoR4Climate Pact, (5) The future of cross-border cooperation, (6) The New Pact for Migration and Integration, (7) Conference on the Future of Europe, (8) Long-term vision for Rural Areas, and (9) Strategic Committee’s Budget – ensuring a fair share of the resources for the Committee;

    Rún (AE) 2022/1706 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn VII — Coiste na Réigiún

  5. #2633712

    In 2021, thug oifigigh an Choimisiúin 36 chur i láthair (iad go léir trí fhíschomhdháil) d’ionadaithe Pharlaimintí náisiúnta sa Bhruiséil maidir le hábhair éagsúla, amhail clár gníomhaíochta an Aontais i réimse na sláinte, straitéis an Aontais Eorpaigh um vacsaíní, an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, plean gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, an tÚdarás Eorpach um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil (HERA), an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’, an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, rialáil níos fearr, an tuarascáil bhliantúil maidir leis an bhfadbhreathnaitheacht straitéiseach nó an Teachtaireacht maidir leis an Artach.

    In 2021, Commission officials gave 36 presentations (all of them by videoconference) to representatives of national Parliaments in Brussels on various subjects, such as EU4Health, the EU’s vaccine strategy, EU-UK relations, the European Pillar of Social Rights action plan, the Health Emergency Preparedness and Response Authority (HERA), the ‘Fit for 55’ package, the Conference on the Future of Europe, better regulation, the strategic foresight report or the Communication on the Arctic.

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2021 MAIDIR LE CUR I bhFEIDHM PHRIONSABAIL NA COIMHDEACHTA AGUS NA COMHRÉIREACHTA AGUS MAIDIR LE CAIDREAMH LEIS NA PARLAIMINTÍ NÁISIÚNTA

  6. #2633722

    I measc na n-ábhar a pléadh bhí an t-athbhreithniú ar Uachtaránacht na Slóivéine, an pheirspictíocht Eorpach do na Balcáin Thiar, ról na ndaoine óga amach anseo i bpróisis chinnteoireachta an Aontais agus níos faide i gcéin, agus an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa.

    Topics discussed included the review of the Slovenian Presidency, the European perspective for the Western Balkans, the future role of young people in EU decision-making processes and beyond, and the Conference on the Future of Europe.

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2021 MAIDIR LE CUR I bhFEIDHM PHRIONSABAIL NA COIMHDEACHTA AGUS NA COMHRÉIREACHTA AGUS MAIDIR LE CAIDREAMH LEIS NA PARLAIMINTÍ NÁISIÚNTA

  7. #2633745

    Chuir roinnt Parlaimintí réigiúnacha líon méadaitheach rún faoi bhráid an Choimisiúin ar shaincheisteanna éagsúla, amhail beartas comhtháthaithe agus saincheisteanna réigiúnacha, saincheisteanna Eorpacha (ina measc, an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa), agus saincheisteanna domhanda amhail rochtain ar vacsaíní, cearta an duine agus cearta mionlach ar fud an domhain.

    Several regional Parliaments submitted an increasing number of resolutions directly to the Commission on various issues, such as cohesion policy and regional issues, European issues (among them the Conference on the Future of Europe), and global issues like access to vaccines, human rights and minority rights worldwide.

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2021 MAIDIR LE CUR I bhFEIDHM PHRIONSABAIL NA COIMHDEACHTA AGUS NA COMHRÉIREACHTA AGUS MAIDIR LE CAIDREAMH LEIS NA PARLAIMINTÍ NÁISIÚNTA

  8. #3047751

    F. de bhrí gur shainaithin an Coiste naoi dtionscnamh shuaitheanta agus rinneadh obair leantach maidir leo in 2021 chun a ghníomhaíocht a dhéanamh níos straitéisí agus níos láidre ó thaobh tionchair de: (1) An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, (2) freagairt ar COVID-19 a bhaineann leis an tsláinte,(3) An Plean Gníomhaíochta maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme, (4) Comhshocrú CoR4Climate, (4) Todhchaí an chomhair trasteorann, (6) An Comhshocrú Nua maidir le hImirce agus Lánpháirtíocht, (7) An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, (8) An Fhís fhadtéarmach do na Limistéir Thuaithe, agus (9) Buiséad CnaR Straitéisigh – cion cothrom de na hacmhainní a áirithiú don Choiste;

    F. whereas the Committee identified nine flagship initiatives and followed them up in 2021 to make its action more strategic and impactful: (1) Recovery and Resilience Facility; (2) Health related COVID-19 response; (3) The Action Plan for the Implementation of the European Pillar of Social Rights; (4) CoR4Climate Pact; (5) The future of cross-border cooperation; (6) The New Pact for Migration and Integration; (7) Conference on the Future of Europe; (8) Long-term vision for Rural Areas; and (9) a Strategic CoR’s Budget – ensuring a fair share of the resources for the Committee;

    Rún (AE) 2023/1834 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn VII – Coiste Eorpach na Réigiún

  9. #3057178

    Sampla de rannpháirtíocht na saoránach arna maoiniú ag buiséad an Aontais ab ea an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a chuir críoch lena cuid oibre i mí Bealtaine 2022, inar cuireadh 49 dtogra choincréiteacha i láthair.

    An example of citizens’ engagement financed by the EU budget was the Conference on the Future of Europe that concluded its work in May 2022, presenting 49 concrete proposals.

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG AN gCÚIRT INIÚCHÓIRÍ Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta Bhuiséad an Aontais Eorpaigh - Bliain Airgeadais 2022

  10. #3184366

    le ‘rannpháirtíocht saoránach’ tagraítear do rannpháirtíocht saoránach i bpróisis rannpháirtíochta maidir le cinnteoireacht, cur chun feidhme agus faireachán, chun feabhas a chur ar cháilíocht, trédhearcacht agus úinéireacht beartas ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, rud ar thacaigh an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, agus na Painéil Saoránach Eorpach a tháinig aisti, go láidir leis chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo agus chun uirlisí nua a oiriúnú trí phainéil saoránach i bpríomhréimsí.

    “citizen engagement” refers to the involvement of citizens in participatory processes of decision making, implementation and monitoring, to improve quality, transparency and ownership of policies at local, national and EU level, which has been strongly supported by the Conference for the Future of Europe and the resulting European Citizens Panels for addressing current and future challenges and adapting new tools through citizens’ panels in key areas.

    Moladh (AE) 2024/736 ón gCoimisiún an 1 Márta 2024 maidir le Cód Cleachtais maidir le rannpháirtíocht saoránach le haghaidh luachshocrú eolais

  11. #1998496

    I gcomhréir le conclúidí ón gComhairle an 1 Nollaig 2020 maidir le feasacht dhaonlathach agus rannpháirtíocht dhaonlathach a chothú i measc daoine óga san Eoraip agus an 21 Meitheamh 2021 maidir le rialachas il-leibhéil a neartú agus rannpháirtíocht daoine óga sna próisis chinnteoireachta á cur chun cinn, an teachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2020 maidir leis an bplean gníomhaíochta um an daonlathas Eorpach, agus an rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2015 maidir leis an athchóiriú ar dhlí toghcháin an Aontais Eorpaigh, is é is aidhm, dá bhrí sin, don Bhliain Eorpach ná borradh a chur faoi rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga i saol daonlathach na hEorpa, lena n-áirítear trí thacú le gníomhaíochtaí rannpháirtíochta do dhaoine óga ó chúlraí éagsúla i bpróisis amhail an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, rannpháirtíocht shibhialta agus tionscnaimh shaorálaíochta a chur chun cinn, agus feasacht á hardú, dá bhrí sin, faoi luachanna agus cearta bunúsacha an Aontais agus faoi stair agus cultúr na hEorpa, lena dtabharfar daoine óga agus cinnteoirí le chéile ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena rannchuideofar le próiseas na lánpháirtíochta Eorpaí.

    In line with the Council conclusions of 1 December 2020 on fostering democratic awareness and democratic engagement among young people in Europe and of 21 June 2021 on strengthening the multilevel governance when promoting the participation of young people in decision-making processes, the communication of the Commission of 3 December 2020 on the European democracy action plan and the resolution of the European Parliament of 11 November 2015 on the reform of the electoral law of the European Union, the European Year therefore aims to boost the active involvement of young people in Europe’s democratic life, including by supporting participation activities for young people from diverse backgrounds in processes such as the Conference on the Future of Europe, promoting civic engagement and volunteering initiatives, thereby raising awareness of Union values and fundamental rights and European history and culture, bringing together young people and decision-makers at local, regional, national and Union levels and contributing to the process of European integration.

    Cinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 maidir le Bliain Eorpach na hÓige (2022) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  12. #1998556

    tacaíocht a thabhairt do dhaoine óga agus iad a chumhachtú, lena n-áirítear trí obair óige, go háirithe daoine óga a bhfuil níos lú deiseanna acu, daoine óga ó chúlraí atá faoi mhíbhuntáiste agus ó chúlraí éagsúla, daoine óga a bhaineann le grúpaí leochaileacha agus imeallaithe, daoine óga ó cheantair thuaithe, iargúlta, fhorimeallacha agus bheagfhorbartha agus daoine óga ó na réigiúin is forimeallaí, le heolas agus inniúlachtaí ábhartha a fháil agus, ar an gcaoi sin, le bheith ina saoránaigh ghníomhacha agus rannpháirteacha agus ina ngníomhaithe ar son an athraithe, arna spreagadh ag an muintearas Eorpach, lena n-áirítear iarrachtaí breise maidir le fothú acmhainneachta i ndáil le rannpháirtíocht óige agus rannpháirtíocht saoránach i measc daoine óga agus i measc na ngeallsealbhóirí uile a oibríonn chun ionadaíocht a dhéanamh ar a leasanna agus le rannchuidiú daoine óga ó chúlraí éagsúla a chur san áireamh i bpróisis chomhairliúcháin ríthábhachtacha, amhail an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus próiseas Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh;

    empower and support young people, including through youth work, especially young people with fewer opportunities, young people from disadvantaged and diverse backgrounds, young people belonging to vulnerable and marginalised groups, young people from rural, remote, peripheral and less-developed areas and young people from outermost regions, to acquire relevant knowledge and competences and thus become active and engaged citizens and actors of change, inspired by a European sense of belonging, including additional efforts at building capacity for youth participation and civic engagement among young people and among all stakeholders that work to represent their interests and involving the contribution of young people from diverse backgrounds in key consultation processes, such as the Conference on the Future of Europe and the EU Youth Dialogue process;

    Cinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 maidir le Bliain Eorpach na hÓige (2022) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)