Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

7 dtoradh in 3 dhoiciméad

  1. #3111871

    Ba cheart é sin a chur san áireamh chun nuashonrú a dhéanamh ar an gCoimre maidir le Cibearshlándáil na Teicneolaíochta Toghcháin a d’ullmhaigh an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise.

    This should be taken into account to update the Compendium on Cyber Security of Election Technology prepared by the NIS Cooperation Group.

    Moladh (AE) 2023/2829 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2023 maidir le próisis thoghchánacha chuimsitheacha athléimneacha san Aontas agus feabhas a chur ar an ngné Eorpach agus ar stiúradh éifeachtúil na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa

  2. #2800666

    Déanfaidh an Coimisiún, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) agus an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, i gcomhar le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha sibhialta agus míleata agus líonraí bunaithe, lena n-áirítear an líonra Eorpach um eagrú an idirchaidrimh maidir le cibirghéarcéimeanna (EU-CyCLONe), déanfaidh siad measúnú riosca agus cruthóidh siad cásanna riosca.

    The Commission, the High Representative of the Union for Foreign Affairs and Security Policy (the ‘High Representative’) and the NIS Cooperation Group in cooperation with relevant civilian and military bodies and agencies and established networks, including the European cyber crisis liaison organisation network (EU-CyCLONe), are to conduct a risk evaluation and build risk scenarios.

    Moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le cur chuige comhordaithe ón Aontas chun athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a neartú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2023/C 20/01

  3. #2800747

    Mar gheall ar an gcúram a ordaítear sna conclúidí ón gComhairle maidir leis an gChibirsheasamh ón Aontas, iarrtar ar an gCoimisiún, ar an Ardionadaí agus an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise an obair le líonraí ábhartha agus le comhlachtaí sibhialta agus míleata a threisiú, i gcomhréir lena gcúraimí agus lena bhfreagrachtaí faoi seach faoi dhlí an Aontais, chun measúnú riosca a dhéanamh agus cásanna riosca cibearshlándála a thógáil, agus tábhacht an fhuinnimh, an bhonneagair dhigitigh, an iompair agus an bhonneagair spáis, agus na hidirspleáchais ar fud na n-earnálacha agus na mBallstát á cur san áireamh go háirithe.

    Due to the tasking stipulated in the Council conclusions on the EU’s Cyber posture, the Commission, the High Representative and the NIS Cooperation Group are invited to intensify, in accordance with their respective tasks and responsibilities under Union law, work with relevant networks and civil and military bodies and agencies in conducting risk evaluation and building cybersecurity risk scenarios, taking into account in particular the importance of energy, digital infrastructure, transport and space infrastructure and the interdependencies across sectors and Member States.

    Moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le cur chuige comhordaithe ón Aontas chun athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a neartú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2023/C 20/01

  4. #3111621

    Ba cheart d’údaráis thoghchánacha agus do chibearúdaráis na mBallstát leanúint d’fhaisnéis ábhartha a mhalartú, go háirithe trí mhalartuithe comhpháirteacha idir an Líonra Comhair Eorpach um Thoghcháin agus an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, go háirithe roimh thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa.

    Member States’ electoral and cyber authorities should continue to exchange relevant information, in particular through joint exchanges between the European Cooperation Network on Elections and the NIS Cooperation Group, especially in advance of elections to the European Parliament.

    Moladh (AE) 2023/2829 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2023 maidir le próisis thoghchánacha chuimsitheacha athléimneacha san Aontas agus feabhas a chur ar an ngné Eorpach agus ar stiúradh éifeachtúil na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa

  5. #3111625

    Ba cheart do na Ballstáit, le tacaíocht ón gCoimisiún faoi chuimsiú an Líonra Comhair Eorpaigh um Thoghcháin, agus iad ag obair i ndlúthchomhar lefis an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, malartú a dhéanamh ar chleachtais ábhartha maidir le measúnuithe riosca agus bearta maolaithe riosca a dhéanamh chun gur féidir taithí agus saineolas a scaipeadh go tapa, lena n-áirítear maidir le nuálaíochtaí rathúla.

    Member States should, with the support of the Commission in the framework of the European Cooperation Network on Elections working in close cooperation with the NIS Cooperation Group, exchange on relevant practices in performing risks assessments and risk mitigation measures in order to allow for experience and expertise to spread quickly including on successful innovations.

    Moladh (AE) 2023/2829 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2023 maidir le próisis thoghchánacha chuimsitheacha athléimneacha san Aontas agus feabhas a chur ar an ngné Eorpach agus ar stiúradh éifeachtúil na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa

  6. #3184682

    Chun obair leantach a dhéanamh ar Ghlao Nevers, rinne an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, le tacaíocht ón gCoimisiún agus ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus i gcomhairle le Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC), measúnú riosca ardleibhéil ar bhonneagair agus líonraí cumarsáide, lena n-áirítear cáblaí fomhuirí.

    To follow up on the Nevers Call, the NIS Cooperation Group, with the support of the Commission and the EU Agency for Cybersecurity (ENISA) and in consultation with the Body of European Regulators for Electronic Communications (BEREC), conducted a high-level risk assessment on communications infrastructures and networks, including submarine cables.

    Moladh (AE) 2024/779 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2024 maidir le Bonneagair Cáblaí Fomhuirí Shlána agus Athléimneacha

  7. #3184715

    Baileoidh an Grúpa Saineolaithe na saineolaithe is gá agus feidhmeoidh sé mar ardán slán le haghaidh comhordú idir na Ballstáit agus cuirfidh sé comhairle agus cúnamh ar fáil don Choimisiún lena gcomhlánófar na róil agus na cúraimí arna ndéanamh ag an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise arna bhunú leis an Dara Treoir NIS agus ag Grúpa CER arna bhunú le Treoir CER.

    The Expert Group will gather the necessary experts and serve as a secure platform for coordination between Member States and provide advice and assistance to the Commission complementing the roles and tasks conducted by the NIS Cooperation Group established by the NIS 2 Directive and the CER Group established by the CER Directive.

    Moladh (AE) 2024/779 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2024 maidir le Bonneagair Cáblaí Fomhuirí Shlána agus Athléimneacha