Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

12 toradh in 8 ndoiciméad

  1. #653413

    A oiread is féidir, beidh an fhaisnéis sin bunaithe ar fhoinsí seanbhunaithe sonraí, amhail an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme agus Eurostat.

    As far as possible, such information shall be based on established sources of data, such as the Farm Accountancy Data Network and Eurostat.

    Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle

  2. #1853832

    Is ó fhoinsí sonraí fadbhunaithe go príomha a thiocfaidh na sonraí is gá le haghaidh na dtáscairí comhthéacs agus tionchair, amhail an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme agus Eurostat.

    Data needed for the context and impact indicators shall primarily come from established data sources, such as the Farm Accountancy Data Network and Eurostat.

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha a bheidh le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha faoi CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

  3. #2167920

    Rialachán (AE) 2021/2115ó pharlaimint na hEORPA agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013

  4. #2350239

    Tá modh ríofa eile indéanta freisin, ag úsáid an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme mar fhoinse faisnéise.

    Another calculation method is also possible, using the FADN as a source of information.

    Rialachán (AE) 2022/590 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 a mhéid a bhaineann le cuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  5. #3044913

    Bunaíodh an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme (LSCF) le Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle.

    The Farm Accountancy Data Network (FADN) was established by Council Regulation (EC) No 1217/2009.

    Rialachán (AE) 2023/2674 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme a thiontú ina Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme

  6. #1851758

    I gcás nach bhfuil sonraí do na táscairí sin ar fáil nó nach bhfuil siad iomlán, tabharfar aghaidh ar na bearnaí i gcomhthéacs an Chláir Staitistiúil Eorpaigh arna bhunú faoi Rialachán (AE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i gcomhthéacs an chreata dlí lena rialáiltear an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme nó trí chomhaontuithe foirmiúla le soláthraithe eile sonraí amhail an tAirmheán Comhpháirteach Taighde agus an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil.

    Where data for these indicators are not available or not complete, the gaps shall be addressed in the context of the European Statistical Program established under Regulation (EC) No 223/2009 of the European Parliament and of the Council, the legal framework governing the Farm Accountancy Data Network or through formal agreements with other data providers such as the Joint Research Centre and the European Environment Agency.

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha a bheidh le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha faoi CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

  7. #2167921

    I gcás nach bhfuil sonraí do na táscairí sin ar fáil nó nach bhfuil siad iomlán, tabharfar aghaidh ar na bearnaí i gcomhthéacs an Chláir Staidrimh Eorpaigh arna bhunú faoi Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i gcomhthéacs an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme a bhunaíodh le Rialachán (CE) Uimh 1217/2009 ón gComhairle, nó trí chomhaontuithe foirmiúla le soláthraithe eile sonraí amhail an tAirmheán Comhpháirteach Taighde agus an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil.

    Where data for those indicators are not available or not complete, the gaps shall be addressed in the context of the European Statistical Programme established under Regulation (EC) No 223/2009 of the European Parliament and of the Council, the Farm Accountancy Data Network established by Council Regulation (EC) No 1217/2009, or through formal agreements with other data providers such as the Joint Research Centre and the European Environment Agency.

    Rialachán (AE) 2021/2115ó pharlaimint na hEORPA agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013

  8. #2350229

    I gcás gníomhaíochtaí eile, soláthraítear sonraí réigiúnacha trí shuirbhéanna staidrimh nó trí fhaisnéis na gcuntas micr-eacnamaíoch (mar shampla an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme) ach níl aon ráthaíocht ann go bhfuil siad sin ionadaíoch ar bhonn réigiúnach.

    For other activities, regional data are provided by statistical surveys or micro-economic accounts information (for example the farm accountancy data network (“FADN”)) but there is no guarantee that those are regionally representative.

    Rialachán (AE) 2022/590 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 a mhéid a bhaineann le cuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  9. #2582548

    Tá liosta de rannóga an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme (“rannóga LSCF”) le haghaidh gach Ballstáit in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009.

    Annex I to Regulation (EC) No 1217/2009 contains a list of Farm Accountancy Data Network divisions (‘FADN divisions’) for each Member State.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2497 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rannóga na Fraince agus na Ríochta Aontaithe sa Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme san Aontas

  10. #2583248

    Tar éis don Fhrainc a iarraidh an dá roinn LSCF (an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme) atá aici, “Guadalúip” agus “Martinique”, a chumasc in aon rannán amháin ar a dtabharfar “Antilles françaises”, ós rud é gurb an-chosúil na cineálacha feirmeoireachta a dhéantar ar fheirmeacha an dá rannán LSCF atá ann faoi láthair, (feirmeacha a dhéanann speisialtóireacht i dtorthaí a fhás, bananaí go sonrach, agus i dtáirgeadh cánaí siúcra agus gairneoireacht chomh maith).

    Following the request of France to merge its two FADN divisions ‘Guadeloupe’ and ‘Martinique’ into one FADN division called ‘Antilles françaises’ as farms in both current FADN divisions have very similar types of farming (highly specialized in fruit growing, particularly bananas, as well as in sugar cane production and horticulture).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2499 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2022 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/220 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle lena mbunaítear líonra chun sonraí cuntasaíochta ar ioncaim agus oibriú gnó na ngabháltas talmhaíochta san Aontas Eorpach a bhailiú

  11. #3033866

    Tá liosta de rannóga an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme (‘rannóga LSCF’) le haghaidh gach Ballstáit in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009.

    Annex I to Regulation (EC) No 1217/2009 contains a list of Farm Accountancy Data Network divisions (‘FADN divisions’) for each Member State.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2514 ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rannóga na Fionlainne sa Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme san Aontas

  12. #3044904

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme a thiontú ina Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme

    amending Council Regulation (EC) No 1217/2009 as regards conversion of the Farm Accountancy Data Network into a Farm Sustainability Data Network