#1711457
Aon bheart maidir le rochtain na n-úsáideoirí deiridh ar sheirbhísí agus feidhmchláir trí líonraí cumarsáide leictreonaí, nó maidir le húsáid na seirbhísí agus na bhfeidhmchlár sin, a bhféadfadh feidhmiú na gceart nó na saoirsí a aithnítear sa Chairt a theorannú, ní fhorchuirfear iad ach amháin sa chás ina bhforáiltear dóibh leis an dlí agus go n-urramaítear leo na cearta nó na saoirsí sin, sa chás ina bhfuil siad comhréireach, inar gá iad agus ina gcomhlíontar go fírinneach cuspóirí an leasa choitinn leo arna aithint ag dlí an Aontais nó an gá atá le cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt agus prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, lena n-áirítear an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa.
Any measure regarding end-users’ access to, or use of, services and applications through electronic communications networks liable to limit the exercise of the rights or freedoms recognised by the Charter shall be imposed only if it is provided for by law and respects those rights or freedoms, is proportionate, necessary, and genuinely meets general interest objectives recognised by Union law or the need to protect the rights and freedoms of others in line with Article 52(1) of the Charter and with general principles of Union law, including the right to an effective remedy and to a fair trial.