Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

7 dtoradh in 4 dhoiciméad

  1. #149546

    ciallaíonn "an tAire" an tAire Iascaigh agus Foraoiseachta;

    "the Minister" means the Minister for Fisheries and Forestry;

    Ionstraimí Reachtúla: 1980

  2. #174087

    ciallaíonn "an tAire" an tAire Iascaigh agus Foraoiseachta;

    "the Minister" means the Minister for Fisheries and Forestry;

    Ionstraimí Reachtúla: 1981

  3. #148517

    Leis an Ordú seo cuirtear deireadh leis an toirmeasc ar na táirgí iascaigh go léir a thagann faoi réim na reachtaíochta i dtaobh onnmhairí a rialú a riarann an tAire Iascaigh agus Foraoiseachta, a onnmhairiú go dtí an Róidéis Theas.

    This Order lifts the prohibition on the export to Southern Rhodesia of all fishery products coming within the scope of export control legislation administered by the Minister for Fisheries and Forestry.

    Ionstraimí Reachtúla: 1980

  4. #157455

    Leis an Ordú seo déantar iascaireacht ronnach ar shoithí, ar mó ná 55 throigh a bhfad cláraithe, a thoirmeasc laistigh de theorainneacha iascaigh eisiacha an Stáit le linn na tréimhse sonraithe, ach amháin faoi cheadúnas a eiseoidh an tAire Iascaigh agus Foraoiseachta.

    This Order prohibits fishing for mackerel within the exclusive fishery limits of the State by vessels exceeding 55 feet in registered length during the specified period except under licence issued by the Minister for Fisheries and Forestry.

    Ionstraimí Reachtúla: 1980

  5. #183257

    Leis an Ordú seo déantar iascaireacht ronnach ar shoithí ar mó ná 55 throigh a bhfad cláraithe a thoirmeasc laistigh de theorainneacha iascaigh eisiata an Stáit le linn na tréimhse sonraithe ach amháin faoi cheadúnas a eiseoidh an tAire Iascaigh agus Foraoiseachta.

    This Order prohibits fishing for mackerel by vessels exceeding 55 feet in registered length within the exclusive fishery limits of the State during the specified period except under licence issued by the Minister for Fisheries and Forestry.

    Ionstraimí Reachtúla: 1981

  6. #1378219

    (2) Féadfaidh an tAire Iascaigh agus Foraoiseachta, an t-údarás, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí nó Córas Iompair Éireann, de réir mar a bheidh, imeachtaí achomaire a thionscamh maidir le cion a rinneadh i lárionad chuan iascaigh de réir bhrí an Achta um Lárionaid Chuanta Iascaigh, 1968 , i gcuan le húdarás cuain nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí nó i gcuan atá á bhainistí ag Córas Iompair Éireann.

    (2) Summary proceedings in respect of an offence committed in a fishery harbour centre within the meaning of the Fishery Harbour Centres Act, 1968 , the harbour of a harbour authority or the Commissioners of Public Works or a harbour managed by Córas Iompair Éireann may be brought by the Minister for Fisheries and Forestry, the authority, the Commissioners of Public Works or Córas Iompair Éireann, as the case may be.

    Uimhir 8 de 1981: AN tACHT UM DHUMPÁIL AR FARRAIGE, 1981

  7. #1393708

    (3) San alt seo ciallaíonn “an tAire iomchuí” an tAire oiriúnach de réir bhrí alt 30 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955 , nó, i ndáil le haon oifig nó fostaíocht lena mbaineann alt 27 den Acht Iascaigh, 1980 , an tAire Iascaigh agus Foraoiseachta. [EN] Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht. 3. —Faoi réir alt 8 den Acht seo, cuirtear, leis seo, an t-alt seo a leanas in ionad alt 8 den Phríomh-Acht: [EN] “8.—(1) Le linn do na Coimisinéirí aon duine a roghnú a bheidh le moladh acu faoin Acht seo tabharfaidh siad aird ar chomórtas a sheolfaidh siad agus déanfar aon chomórtas den sórt sin a sheoladh amhlaidh de réir rialacháin arna ndéanamh ag na Coimisinéirí. [EN] (2) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le comórtais a sheolfar de bhun an ailt seo: [EN] (a) Faoi réir mhír (d) den fho-alt seo agus alt 4 (b) den Acht um Údaráis Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1983 , beidh an comórtas ar oscailt do na daoine go léir ar mian leo cur isteach ar an gcomórtas agus a bhfuil, nó a éilíonn go bhfuil, na cáilíochtaí forordaithe acu don oifig lena mbaineann an comórtas agus a íocfaidh an táille (más ann) a bheidh forordaithe ag na Coimisinéirí maidir leis an gcomórtas sin, [EN] (b) is é a bheidh sa chomórtas, de réir mar a chinnfidh na Coimisinéirí, aon cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas: [EN] (i) agallamh, [EN] (ii) scrúdú scríofa, [EN] (iii) scrúdú praiticiúil, [EN] (iv) aon triail nó trialacha eile is iomchuí leis na Coimisinéirí, [EN] (c) i gcás arb é a bheidh sa chomórtas níos mó ná ceann amháin de na trialacha a shonraítear i mír (b) den fho-alt seo (cibé acu is de na haicmí céanna nó d'aicmí éagsúla a bheidh sonraithe amhlaidh iad), ní gá gur triail chomórtais níos mó ná aon cheann amháin de na trialacha, agus [EN] (d) féadfaidh na Coimisinéirí é a chur de choinníoll go mbeidh ar iarrthóir, chun bheith istigh ar aon chuid den chomórtas, caighdeán is iomchuí leis na Coimisinéirí a bhaint amach. [EN] (3) Féadfaidh na Coimisinéirí, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an Aire iomchuí de réir bhrí alt 2 den Acht um Údaráis Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1983 , rialacháin a dhéanamh maidir le seoladh (lena n-áirítear, má mheasann na Coimisinéirí gur infheidhme iad, am agus áit agus ábhair) na gcomórtas a bheidh le rith acu chun críocha an ailt seo, agus féadfaidh na rialacháin sin baint a bheith acu le haicme amháin nó níos mó de na comórtais sin nó le haon chomórtas nó comórtais áirithe díobh sin. [EN] (4) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a dhéanann difear d'fhorálacha alt 5 den Acht seo.”. [EN] Rialacháin faoi alt 8 den Phríomh-Acht. 4. —Féadfaidh rialacháin faoi alt 8 den Phríomh-Acht, i dteannta na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt sin a fhorordú— [EN] (a) aon ní amháin nó níos mó díobh seo a leanas a shonrú: [EN] (i) na cineálacha trialach a bheidh sa chomórtas lena mbaineann na rialacháin, [EN] (ii) an modh chun iarratas a dhéanamh le bheith istigh ar an gcomórtas sin, [EN] (iii) an t-eolas, an traenáil, an taithí nó aon ní eile a bheartaíonn na Coimisinéirí, de bhun alt 2 (1) den Acht seo, a chur san áireamh sa chomórtas, [EN] (b) a fhoráil, i gcás inar dóigh leis na Coimisinéirí, mar gheall ar an líon daoine atá ag iarraidh bheith istigh ar an gcomórtas agus caighdeán eolais, traenála nó taithí na ndaoine sin i gcoitinne, gur réasúnach gan na daoine sin go léir a ligean isteach ar an gcomórtas, go bhféadfaidh na Coimisinéirí gan aon duine a ligean isteach ar an gcomórtas ach daoine a measann siad gur dóigh dóibh caighdeán a bhaint amach sa chomórtas ba leor lena roghnú agus lena moladh don cheapachán. [EN] An Príomh-Acht le feidhm a bheith aige mar a leasaítear leis an Acht seo é. 5. —I gcás ina gcuirtear an Príomh-Acht nó aon fhoráil de chun feidhme le haon Acht eile nó faoi aon Acht eile maidir le hoifig nó fostaíocht áirithe, nó i ndáil le haon bhord, coiste nó comhlacht eile (corpraithe nó neamhchorpraithe), beidh feidhm ag an bPríomh-Acht nó ag an bhforáil maidir leis an oifig nó leis an bh

    1955, No. 9

    Uimhir 1 de 1983: AN tACHT UM ÚDARÁIS ÁITIÚLA (OIFIGIGH AGUS FOSTAITHE), 1983