Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

75 toradh in 50 doiciméad

  1. #1861315

    fostaíocht san Eoraip, athléimneacht eacnamaíoch agus fás cliste;

    European employment, economic resilience, and smart growth;

    Togra le haghaidh CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Clár Oibre Straiteiseach um Nualaíocht na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) 2021-2027: Borradh a chur faoi Thallann Nuálaíochta agus faoi Chumas Nuálaíochta na hEorpa

  2. #1972545

    fostaíocht, athléimneacht eacnamaíoch agus fás cliste na hEorpa; agus

    European employment, economic resilience and smart growth; and

    Cinneadh (AE) 2021/820 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 maidir le Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) 2021-2027: Borradh a chur faoi Thallann Nuálaíochta agus faoi Chumas Nuálaíochta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1312/2013/AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  3. #2366203

    Beidh foghlaim aosach ríthábhachtach chun cur leis an athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta.

    Adult learning will be key to boost social and economic resilience.

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta

  4. #1678905

    athléimneacht eacnamaíoch fhadtéarmach na ndídeanaithe, na n-imirceach, na gcomhphobal óstach, idirthurais agus tionscnaimh, mar fhreagairt straitéiseach chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce.

    the long-term economic resilience of refugees, migrants, host and transit communities, and communities of origin as a strategic response to addressing root causes of migration.

    Cinneadh (AE) 2018/412 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2018 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE lena dtugtar ráthaíocht ó AE don Bhanc Eorpach Infheistíochta in aghaidh caillteanas de thoradh oibríochtaí um maoiniú a thacaíonn le tionscadail infheistíochta lasmuigh den Aontas

  5. #1861205

    Ar na dúshláin a bhaineann le fostaíocht san Eoraip, athléimneacht eacnamaíoch agus fás cliste, tá saincheisteanna eacnamaíocha, amhail an dífhostaíocht (an dífhostaíocht i measc na hóige go háirithe) agus iomaíocht dhomhanda.

    Challenges related to European employment, economic resilience, and smart growth, include economic issues such as unemployment (especially youth unemployment) and global competition.

    Togra le haghaidh CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Clár Oibre Straiteiseach um Nualaíocht na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) 2021-2027: Borradh a chur faoi Thallann Nuálaíochta agus faoi Chumas Nuálaíochta na hEorpa

  6. #1926003

    sláinte, agus athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus institiúideach, a bhfuil mar aidhm leis, inter alia, acmhainneacht um ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus acmhainneacht freagartha géarchéime a mhéadú; agus

    health, and economic, social and institutional resilience, with the aim of, inter alia, increasing crisis preparedness and crisis response capacity; and

    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

  7. #2199177

    sláinte, agus athléimneacht eacnamaíoch, sóisialta agus institiúide, agus (iv) beartais don chéad ghlúin eile, do leanaí agus don óige.

    health, and economic, social and institutional resilience, and (iv) policies for the next generation, children and the youth.

    TOGRA LE hAGHAIDH TUARASCÁIL CHOMHPHÁIRTEACH AR FHOSTAÍOCHT ÓN gCOIMISIÚN AGUS ÓN gCOMHAIRLE

  8. #2199650

    an tsláinte, agus athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus institiúideach, agus beartais le haghaidh na chéad ghlúine eile, na leanaí agus na hóige.

    health, and economic, social and institutional resilience, and policies for the next generation, children and the youth.

    TOGRA LE hAGHAIDH TUARASCÁIL CHOMHPHÁIRTEACH AR FHOSTAÍOCHT ÓN gCOIMISIÚN AGUS ÓN gCOMHAIRLE

  9. #2430847

    Roinnt dea-chleachtas i margadh an tsaothair agus i mbeartais shóisialta a chuireann leis an athléimneacht eacnamaíoch agus sóisialta a áirithiú, agus cóineasú i dtreo na ndea-chleachtas sin.

    Ensure sharing of, and convergence towards, good practices in labour market and social policies that increase economic and social resilience.

    Moladh ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro 2022/C 153/01

  10. #2634125

    sláinte, agus athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus institiúideach, rud a bhfuil sé d’aidhm aige, inter alia, acmhainneacht um ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus acmhainneacht freagartha géarchéime a mhéadú;

    health, and economic, social and institutional resilience with the aim of, inter alia, increasing crisis preparedness and crisis response capacity;

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE Tuarascáil athbhreithnithe ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta

  11. #2634131

    Rannchuidíonn 29 % de chaiteachas na mbeart leis an gclaochlú digiteach, agus 16 % le beartais a bhaineann le sláinte, athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus institiúideach, rud a léiríonn freisin na freagairtí ar phaindéim COVID.

    29% of the measures’ expenditure contribute to the digital transformation, and 16% to policies related to health, economic, social and institutional resilience reflecting also the responses to the COVID pandemic.

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE Tuarascáil athbhreithnithe ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta

  12. #2634211

    Sláinte, agus athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus institiúideach, rud a a bhfuil sé d’aidhm aige, inter alia, acmhainneacht um ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus acmhainneacht freagartha géarchéime a mhéadú;

    Health, and economic, social and institutional resilience, with the aim of, inter alia, increasing crisis preparedness and crisis response capacity

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE Tuarascáil athbhreithnithe ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta

  13. #2645074

    sláinte, agus athléimneacht eacnamaíoch, sóisialta agus institiúide, agus (iv) beartais don chéad ghlúin eile, do leanaí agus don óige.

    health, and economic, social, and institutional resilience, and (iv) policies for the next generation, children and the youth.

    TOGRA LE hAGHAIDH TUARASCÁIL CHOMHPHÁIRTEACH AR FHOSTAÍOCHT ÓN gCOIMISIÚN AGUS ÓN gCOMHAIRLE

  14. #2881470

    A bhuí le dearadh uathúil na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, is féidir tacaíocht shuntasach airgeadais a chur ar fáil go pras do na Ballstáit chun rannchuidiú lena n-athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta.

    Thanks to its unique design, the RRF can swiftly provide significant financial support to Member States to contribute to their economic and social resilience.

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta: Dhá bhliain ar an bhfód Ionstraim uathúil atá i gcroílár chlaochlú glas agus digiteach an Aontais

  15. #2882413

    Cuireann an Beartas Comhtháthaithe go mór le hinfheistíocht phoiblí ar leibhéal an Aontais trí na tosaíochtaí Eorpacha comhaontaithe a sholáthar, rud a spreagann cóineasú agus athléimneacht eacnamaíoch.

    Cohesion Policy is a major contributor to public investment at EU level delivering on commonly agreed European priorities, driving economic convergence and resilience.

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030

  16. #3056028

    Tá ionchais i leith an stáit ag athrú agus chun na haistrithe, uathriail straitéiseach oscailte, agus athléimneacht eacnamaíoch, a bhaint amach, teastóidh uirlisí agus inniúlachtaí iomchuí.

    Expectations towards the state are changing and pursuing the transitions, open strategic autonomy, and economic resilience, will require appropriate tools and competencies.

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE Tuarascáil Fadbhreathnaitheachta 2023 An inbhuanaitheacht agus an fholláine i gcroílár Uathriail Straitéiseach Oscailte na hEorpa

  17. #3056441

    Tá tacaíocht nach beag á soláthar do na Ballstáit tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun athléimneacht eacnamaíoch agus sóisialta a chaomhnú agus chun an claochlú glas agus digiteach a dhéanamh réadúil.

    The Recovery and Resilience Facility is providing significant financial support to Member States to foster economic and social resilience and make the green and digital transformation a reality.

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG AN gCÚIRT INIÚCHÓIRÍ Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta Bhuiséad an Aontais Eorpaigh - Bliain Airgeadais 2022

  18. #1678854

    Ba cheart é a chur isteach mar chuspóir nua arna chumhdach ag ráthaíocht AE athléimneacht eacnamaíoch fhadtéarmach na ndídeanaithe, na n-imirceach, na gcomhphobal óstach, idirthurais agus tionscnaimh a fheabhsú, mar fhreagairt straitéiseach chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce (an “cuspóir nua”).

    The long-term economic resilience of refugees, migrants, host and transit communities, and communities of origin as a strategic response to addressing root causes of migration should be added as a new objective supported by the EU guarantee (the ‘new objective’).

    Cinneadh (AE) 2018/412 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2018 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE lena dtugtar ráthaíocht ó AE don Bhanc Eorpach Infheistíochta in aghaidh caillteanas de thoradh oibríochtaí um maoiniú a thacaíonn le tionscadail infheistíochta lasmuigh den Aontas

  19. #1678895

    uasmhéid dar luach EUR 30000000000 faoi shainordú ginearálta, a ndéantar EUR 1400000000 de a chur i leataobh do thionscadail san earnáil phoiblí atá dírithe ar athléimneacht eacnamaíoch fhadtéarmach na ndídeanaithe, na n-imirceach, na gcomhphobal óstach, idirthurais agus tionscnaimh, mar fhreagairt straitéiseach chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce;

    a maximum amount of EUR 30000000000 under a general mandate, of which EUR 1400000000 is earmarked for projects in the public sector directed towards the long-term economic resilience of refugees, migrants, host and transit communities, and communities of origin as a strategic response to addressing root causes of migration;

    Cinneadh (AE) 2018/412 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2018 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE lena dtugtar ráthaíocht ó AE don Bhanc Eorpach Infheistíochta in aghaidh caillteanas de thoradh oibríochtaí um maoiniú a thacaíonn le tionscadail infheistíochta lasmuigh den Aontas

  20. #1678896

    uasmhéid dar luach EUR 2300000000 faoi shainordú iasachtaithe i leith na hearnála príobháidí do thionscadail atá dírithe ar athléimneacht eacnamaíoch fhadtéarmach na ndídeanaithe, na n-imirceach, na gcomhphobal óstach, idirthurais agus tionscnaimh, mar fhreagairt straitéiseach chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce.

    a maximum amount of EUR 2300000000 under a private-sector lending mandate for projects directed towards the long-term economic resilience of refugees, migrants, host and transit communities, and communities of origin as a strategic response to addressing root causes of migration.

    Cinneadh (AE) 2018/412 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2018 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE lena dtugtar ráthaíocht ó AE don Bhanc Eorpach Infheistíochta in aghaidh caillteanas de thoradh oibríochtaí um maoiniú a thacaíonn le tionscadail infheistíochta lasmuigh den Aontas

  21. #1678957

    Áireofar i rialacha agus nósanna imeachta BEI féin pé forálacha is gá maidir le measúnú a dhéanamh ar an tionchar comhshaoil agus sóisialta a bheidh ag tionscadail infheistíochta agus ar ghnéithe a bhaineann le cearta an duine agus cosc coinbhleachtaí, d'fhonn a áirithiú go mbeidh tionscadail infheistíochta a dtacófar leo faoin gCinneadh seo inbhuanaithe ó thaobh na sochaí agus an chomhshaoil de agus go gcuireann oibríochtaí um maoiniú de chuid BEI a dhéantar faoi Thionscnamh Athléimneachta BEI, agus go háirithe an sainordú iasachtathe i leith na hearnála príobháidí, go gcuireann siad feabhas ar athléimneacht eacnamaíoch na ndídeanaithe, na n-imirceach, na gcomhphobal óstach agus idirthurais, agus na gcomhphobal tionscnaimh.

    The EIB's own rules and procedures shall include the necessary provisions on the assessment of the environmental and social impact of investment projects and of aspects related to human rights and conflict prevention, to ensure that investment projects supported under this Decision are environmentally and socially sustainable and that EIB financing operations under the EIB Resilience Initiative, and in particular the private-sector lending mandate, improve the economic resilience of refugees, migrants, host and transit communities, and communities of origin.

    Cinneadh (AE) 2018/412 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2018 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE lena dtugtar ráthaíocht ó AE don Bhanc Eorpach Infheistíochta in aghaidh caillteanas de thoradh oibríochtaí um maoiniú a thacaíonn le tionscadail infheistíochta lasmuigh den Aontas

  22. #1720018

    Maidir leis an gcomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a neartú trí athchóirithe struchtúracha, a théann chun tairbhe an Aontais agus atá i gcomhréir le prionsabail agus luachanna an Aontais, is ríthábhachtach é chun taca a chur faoin athléimneacht eacnamaíoch agus faoi rannpháirtíocht rathúil agus cóineasú réadach feabhsaithe san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, lena n-áiritheofar cobhsaíocht fhadtéarmach agus rathúnas fadtéarmach an Aontais.

    Strengthening economic and social cohesion through structural reforms, which benefit the Union and are in accordance with Union principles and values, is crucial to underpin economic resilience as well as successful participation and enhanced real convergence in the Economic and Monetary Union, ensuring the Union’s long-term stability and prosperity.

    Rialachán (AE) 2018/1671 Ó Pharlaimint Na hEorpa Agus Ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/825 chun imchlúdach airgeadais an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach a mhéadú agus cuspóir ginearálta an Chláir sin a oiriúnú

  23. #1925795

    Le géarchéim COVID-19 tá sé tugtha chun suntais freisin a thábhachtaí atá athchóirithe agus infheistíochtaí sa tsláinte agus san athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus institiúideach, a bhfuil sé mar aidhm leo, inter alia, an acmhainneacht ullmhachta agus freagartha géarchéime a mhéadú, go háirithe trí fheabhas a chur ar leanúnachas gnó agus seirbhísí poiblí, ar inrochtaineacht agus acmhainneacht na gcóras sláinte agus cúraim, ar éifeachtacht an riaracháin phoiblí agus na gcóras náisiúnta, lena n-áirítear an t-ualach riaracháin a íoslaghdú, agus ar éifeachtacht na gcóras breithiúnach mar aon le calaois a chosc agus maoirseacht a dhéanamh ar an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid.

    The COVID-19 crisis has also highlighted the importance of reforms and investments in health, and economic, social and institutional resilience, that aim to, inter alia, increase crisis preparedness and crisis response capacity, in particular by improving business and public service continuity, the accessibility and capacity of health and care systems, the effectiveness of public administration and national systems, including minimising the administrative burden, and the effectiveness of judicial systems as well as fraud prevention and anti-money laundering supervision.

    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

  24. #1925798

    Níl aon ionstraim ann faoi láthair, lena ndéantar foráil do thacaíocht dhíreach airgeadais atá ceangailte le torthaí a ghnóthú agus le cur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí poiblí a dhéanann na Ballstáit i bhfreagairt do dhúshláin a shainaithnítear i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, lena n-áirítear prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe NA, agus d’fhonn tionchar fadtéarmach a imirt ar tháirgiúlacht agus ar athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus institiúideach na mBallstát.

    Currently, no instrument foresees direct financial support linked to the achievement of results and to the implementation of reforms and public investments of the Member States in response to challenges identified in the context of the European Semester, including the European Pillar of Social Rights and the UN Sustainable Development Goals, and with a view to having a lasting impact on the productivity and economic, social and institutional resilience of the Member States.

    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

  25. #1925865

    Ba cheart go leagfaí amach sa phlean téarnaimh agus athléimneachta an tacar mionsonraithe de bhearta maidir lena fhaireachán agus cur chun feidhme, lena n-áirítear spriocanna agus clocha míle agus costais mheasta, mar aon le tionchar ionchasach an phlean téarnaimh agus athléimneachta ar acmhainneacht fáis, ar chruthú post agus ar athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus institiúideach, lena n-áirítear trí bheartais a chur chun cinn maidir le leanaí agus an óige, agus maidir le maolú a dhéanamh ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta ghéarchéim COVID-19, lena rannchuideofar le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena bhfeabhsófar, dá bhrí sin, an comhtháthú agus an cóineasú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach laistigh den Aontas.

    The recovery and resilience plan should set out the detailed set of measures for its monitoring and implementation, including targets and milestones and estimated costs, as well as the expected impact of the recovery and resilience plan on growth potential, job creation and economic, social and institutional resilience, including through the promotion of policies for children and the youth, and on the mitigation of the economic and social impact of the COVID-19 crisis, contributing to the implementation of the European Pillar of Social Rights, thereby enhancing the economic, social and territorial cohesion and convergence within the Union. It should also include measures that are relevant for the green transition, including biodiversity, and the digital transition.

    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

  26. #1925880

    Maidir leis na critéir a bhaineann leis na moltaí tírshonracha, leis an acmhainneacht fáis, cruthú fostaíochta agus athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus institiúideach a neartú, agus lena rannchuideofar le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, ba cheart go dteastódh ó na critéir sin an scór is airde den mheasúnú a bhaint amach.

    The criteria related to the country-specific recommendations, to the strengthening of the growth potential, job creation and economic, social and institutional resilience, and to contributing to the implementation of the European Pillar of Social Rights, should require the highest score of the assessment.

    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

  27. #1926156

    míniú mionsonraithe ar an gcaoi a neartaíonn an plean téarnaimh agus athléimneachta acmhainneacht fáis, cruthú fostaíochta agus athléimneacht eacnamaíoch , shóisialta agus institiúideach an Bhallstáit lena mbaineann, lena n-áirítear trí bheartais a chur chun cinn maidir le leanaí agus an óige, agus maolú a dhéanamh ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta ghéarchéim COVID-19, lena rannchuideofar le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus lena bhfeabhsófar, dá bhrí sin, an comhtháthú agus an cóineasú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach laistigh den Aontas;

    a detailed explanation of how the recovery and resilience plan strengthens the growth potential, job creation and economic, social and institutional resilience of the Member State concerned, including through the promotion of policies for children and the youth, and mitigates the economic and social impact of the COVID-19 crisis, contributing to the implementation of the European Pillar of Social Rights, and thereby enhancing the economic, social and territorial cohesion and convergence within the Union;

    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

  28. #1926189

    cibé acu a mheastar nó nach meastar go rannchuideoidh an plean go héifeachtach le hacmhainneacht fáis, cruthú fostaíochta agus athléimneacht eacnamaíoch, institiúideach agus shóisialta an Bhallstáit a neartú, lena rannchuideofar le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena n-áirítear trí bheartais a chur chun cinn maidir le leanaí agus an óige, maidir le maolú a dhéanamh ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta ghéarchéim COVID-19, lena bhfeabhsófar, dá bhrí sin, an comhtháthú agus an cóineasú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach laistigh den Aontas;

    whether the recovery and resilience plan is expected to effectively contribute to strengthening the growth potential, job creation, and economic, social and institutional resilience of the Member State, contributing to the implementation of the European Pillar of Social Rights, including through the promotion of policies for children and the youth, and to mitigating the economic and social impact of the COVID-19 crisis, thereby enhancing the economic, social and territorial cohesion and convergence within the Union;

    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

  29. #1926500

    Meastar go rannchuideoidh an plean go héifeachtach le hacmhainneacht fáis, cruthú fostaíochta agus athléimneacht eacnamaíoch institiúideach agus shóisialta an Bhallstáit a neartú, lena rannchuideofar le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena n-áirítear trí bheartais a chur chun cinn maidir le leanaí agus an óige, agus le maolú a dhéanamh ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta na géarchéime, agus feabhas á chur, ar an gcaoi sin, leis an gcomhtháthú agus leis an gcóineasú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach laistigh den Aontas;

    The recovery and resilience plan is expected to effectively contribute to strengthening the growth potential, job creation, and economic, social and institutional resilience of the Member State, contributing to the implementation of the European Pillar of Social Rights, including through the promotion of policies for children and youth, and to mitigating the economic and social impact of the COVID-19 crisis, thereby enhancing the economic, social and territorial cohesion and convergence within the Union.

    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

  30. #1972561

    Ar na dúshláin reatha a bhaineann le fostaíocht, athléimneacht eacnamaíoch agus fás cliste na hEorpa, tá saincheisteanna socheacnamaíocha, amhail an dífhostaíocht a chomhrac (go háirithe an dífhostaíocht i measc na hóige), feabhas a chur ar scileanna agus ar thimpeallachtaí oibre, agus aghaidh a thabhairt ar iomaíocht dhomhanda.

    Current challenges related to European employment, economic resilience, and smart growth, include socio-economic issues such as tackling unemployment (in particular youth unemployment), improving skills and working environments and facing global competition.

    Cinneadh (AE) 2021/820 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 maidir le Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) 2021-2027: Borradh a chur faoi Thallann Nuálaíochta agus faoi Chumas Nuálaíochta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1312/2013/AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  31. #1986825

    iomaíochas, féintuilleamaí agus athléimneacht eacnamaíoch OCTanna a mhéadú, trí raon trádála OCTanna in earraí agus seirbhísí a éagsúlú agus trí luach agus méid a dtrádála in earraí agus seirbhísí a mhéadú agus trí chumas OCTanna a neartú chun infheistíochtaí príobháideacha a mhealladh in earnálacha éagsúla den ghníomhaíocht eacnamaíoch;

    increasing the OCTs’ competitiveness, self-reliance and economic resilience, through diversifying the range and increasing the value and volume of OCTs trade in goods and services and by strengthening the OCTs’ ability to attract private investments in various sectors of economic activity;

    Cinneadh (AE) 2021/1764 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Comhlachas na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear leis an Aontas Eorpach lena n-áirítear caidreamh idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Ghraonlainn agus Ríocht na Danmhairge, den pháirt eile (an Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear, lena n-áirítear an Ghraonlainn)

  32. #2199443

    Ba cheart dóibh sin díriú ar théarnamh cuimsitheach a chur chun cinn trí chruthú post a chothú, aistrithe ón dífhostaíocht go dtí an fhostaíocht agus thar earnálacha a éascú, ag cur feabhas ar athléimneacht eacnamaíoch agus sóisialta agus a áirithiú go mbeidh na haistrithe glasa agus digiteacha cóir, agus iad ag déanamh dul chun cinn i dtreo phríomhspriocanna 2030 an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta.

    These should aim to promote an inclusive recovery by fostering job creation, easing transitions from unemployment into employment and across sectors, improving economic and social resilience and ensuring that the green and digital transitions are fair, while progressing towards the 2030 EU headline targets on employment, skills and poverty reduction.

    TOGRA LE hAGHAIDH TUARASCÁIL CHOMHPHÁIRTEACH AR FHOSTAÍOCHT ÓN gCOIMISIÚN AGUS ÓN gCOMHAIRLE

  33. #2199643

    I mí na Bealtaine 2020 mhol an Coimisiún NextGenerationEU (EUR 807 billiún i bpraghsanna reatha, leabaithe i gCreat Airgeadais Ilbhliantúil an Aontais Eorpaigh 2021-2027) chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta na géarchéime a mhaolú, athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta a neartú agus geilleagair agus sochaithe an Aontais a ullmhú ar bhealach níos fearr le haghaidh dhúshláin agus dheiseanna na n-aistrithe glasa agus digiteacha, lena n-áirítear i ndáil le diminsean an chothroim.

    In May 2020 the Commission proposed NextGenerationEU (EUR 807 billion in current prices, embedded in the 2021-2027 EU Multiannual Financial Framework) to mitigate the economic and social impact of the crisis, strengthen economic and social resilience and make the EU’s economies and societies better prepared for the challenges and opportunities of the green and digital transitions, including in relation to their fair dimension.

    TOGRA LE hAGHAIDH TUARASCÁIL CHOMHPHÁIRTEACH AR FHOSTAÍOCHT ÓN gCOIMISIÚN AGUS ÓN gCOMHAIRLE

  34. #2234570

    Is é ba cheart a bheith i gcúnamh macrairgeadais an Aontais ionstraim airgeadais eisceachtúil lena dtugtar tacaíocht neamhcheangailte agus neamhshannta ar mhaithe le comhardú na n-íocaíochtaí, agus é mar aidhm aici aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha maoiniúcháin sheachtraigh an tairbhí, agus ba cheart an cúnamh sin a úsáid mar bhonn le clár beartais a chur chun feidhme faoina gcuirfí bearta láidre práinneacha i bhfeidhm maidir le coigeartú agus leis an athchóiriú struchtúrach, bearta a bheadh ceaptha staid an tairbhí i dtaca le comhardú na n-íocaíochtaí sa ghearrthéarma agus an athléimneacht eacnamaíoch sa mheántéarma a fheabhsú.

    The Union’s macro-financial assistance should be an exceptional financial instrument of untied and undesignated balance-of-payments support, which aims to address the beneficiary’s immediate external financing needs and should underpin the implementation of a policy programme containing strong immediate adjustment and structural reform measures designed to improve the beneficiary’s balance-of-payments position in the short term and economic resilience in the medium term.

    Cinneadh (AE) 2022/313 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Feabhra 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais don Úcráin

  35. #2366703

    an t-aistriú glas,(ii) an claochlú digiteach,(iii) fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach, lena n-áirítear comhtháthú eacnamaíoch, poist, táirgeacht, iomaíochas, taighde, forbairt agus nuálaíocht agus margadh inmheánach a fheidhmíonn go maith ina bhfuil fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna),(iv) comhtháthú sóisialta agus críochach,(v) sláinte, agus athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus institiúideach arb é is aidhm dóibh, inter alia, feabhas a chur ar ullmhacht agus acmhainneacht freagartha do ghéarchéimeanna, agus (vi) beartais don chéad ghlúin eile, do leanaí agus don óige, amhail oideachas agus scileanna.

    green transition, (ii) digital transformation, (iii) smart, sustainable and inclusive growth, including economic cohesion, jobs, productivity, competitiveness, research, development and innovation, and a well-functioning internal market with strong small and medium enterprises (SMEs), (iv) social and territorial cohesion, (v) health, and economic, social and institutional resilience with the aim of, inter alia, increasing crisis preparedness and crisis response capacity, and (vi) policies for the next generation, children and the youth, such as education and skills.

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta

  36. #2367125

    Tá comhaontú ginearálta ann faoi thosaíochtaí na samhla fáis eacnamaíoch Eorpaí, lena n-áirítear an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, agus faoin ngá athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta an Aontais a fheabhsú.

    There is a broad consensus on the priorities for the European economic growth model, including the green and digital transitions, and the need to enhance the Union’s economic and social resilience.

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN I dtreo geilleagar glas digiteach athléimneach: ár Samhail Fáis Eorpach

  37. #2367137

    Tá gá le gníomhú láithreach bonn chun ár n-uaillmhianta a thabhairt i gcrích agus an neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050 agus deiseanna na deacáide digití a thapú, agus an athléimneacht eacnamaíoch, chríochach agus shóisialta á bhfeabhsú an tráth céanna.

    Our ambitions of achieving climate neutrality by 2050 and seizing the opportunities of the digital decade, while enhancing economic, territorial and social resilience, require immediate action.

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN I dtreo geilleagar glas digiteach athléimneach: ár Samhail Fáis Eorpach

  38. #2578686

    Ó thús chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, rinne an tAontas, a Bhallstáit agus institiúidí airgeadais na hEorpa EUR 19,7 billiún a shlógadh le haghaidh athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus airgeadais na hÚcráine.

    Since the beginning of Russia’s war of aggression against Ukraine, the Union, its Member States and European financial institutions have mobilised EUR 19,7 billion for Ukraine’s economic, social and financial resilience.

    Rialachán (AE) 2022/2463 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macrairgeadais +)

  39. #2634212

    agus Bearta chun sláinte agus athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus institiúideach a chur chun cinn, is gné lárnach iad de na pleananna téarnaimh agus athléimneachta, agus is é is aidhm dóibh córais sláinte agus athléimneacht institiúidí a neartú.

    Measures to promote health, and economic, social and institutional resilience feature prominently in the recovery and resilience plans, aiming to strengthen health systems and the resilience and preparedness of institutions.

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE Tuarascáil athbhreithnithe ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta

  40. #2634272

    Cé go rannchuidíonn bearta sonracha den chuid is mó le colún 4 (Comhtháthú sóisialta agus críochach), colún 5 (Sláinte, agus athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus institiúideach), agus colún 6 (Beartais don chéad ghlúin eile) den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, tacaítear freisin le comhionannas inscne trí bhearta lena rannchuidítear le colún 1 (an t-aistriú glas), colún 2 (an claochlú digiteach) agus colún 3 (Fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach)..

    While specific measures mostly contribute to pillars 4 (Social and territorial cohesion), 5 (Health, and economic, social and institutional resilience), and 6 (Policies for the next generation) of the RRF, gender equality is also supported through measures contributing to pillars 1 (Green transition), 2 (Digital transformation) and 3 (Smart, sustainable and inclusive growth).

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE Tuarascáil athbhreithnithe ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta

  41. #2638006

    Tá gá le céimeanna cinntitheacha breise chun an athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta a chothú, chun slándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas a áirithiú agus chun ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis a laghdú i bhfad roimh 2030.

    Further decisive steps are needed towards fostering economic and social resilience, ensuring the EU’s security of energy supply and reducing our dependencies on fossil fuels from Russia well before 2030.

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG AN mBANC CEANNAIS EORPACH, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA, CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN AGUS CHUIG AN mBANC EORPACH INFHEISTÍOCHTA Seimeastar Eorpach 2022 - Pacáiste an Earraigh

  42. #2642259

    Ba cheart go mbeidh se d’aidhm acu sin aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá tagtha chun cinn sa chomhthéacs socheacnamaíoch atá ann faoi láthair agus an fás cuimsitheach agus inbhuanaithe a chur chun cinn, trí chruthú post ardcháilíochta agus aistrithe ardcháilíochta post a chothú ar feadh an tsaoil oibre agus ar fud earnálacha, lena gcuirfear feabhas ar an athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta, agus lena n-áiritheofar aistriú glas cóir agus aistriú digiteach cóir, agus dul chun cinn á dhéanamh i dtreo phríomhspriocanna an Aontais agus spriocanna náisiúnta maidir le fostaíocht, scileanna, agus laghdú na bochtaineachta faoi 2030.

    These should aim to address the challenges that have emerged in the current socio-economic context and promote sustainable and inclusive growth, by fostering quality job creation and transitions throughout the working life and across sectors, improving social and economic resilience, and ensuring fair green and digital transitions, while progressing towards the EU headline and national targets on employment, skills, and poverty reduction by 2030.

    TOGRA LE hAGHAIDH TUARASCÁIL CHOMHPHÁIRTEACH AR FHOSTAÍOCHT ÓN gCOIMISIÚN AGUS ÓN gCOMHAIRLE

  43. #2673394

    Ina theannta sin, tá suas le EUR 360000 milliún i bpraghsanna 2018 le leithdháileadh in iasachtaí do na Ballstáit le haghaidh clár lena maoinítear téarnamh agus athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta trí thacaíocht a thabhairt d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí agus tá suas le EUR 5600 milliún i bpraghsanna 2018 le leithdháileadh chun ráthaíochtaí buiséadacha agus caiteachas gaolmhar a sholáthar do chláir lena ndírítear ar thacú le hoibríochtaí infheistíochta i réimse bheartais inmheánacha an Aontais.

    In addition, up to EUR 360000 million in 2018 prices are to be allocated in loans to Member States for a programme financing recovery and economic and social resilience via support to reforms and investments and up to EUR 5600 million in 2018 prices are to be allocated for provisioning for budgetary guarantees and related expenditure for programmes aiming at supporting investment operations in the field of Union internal policies.

    Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2023/278 bhuiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023

  44. #2928411

    (2) Ardleibhéal infheistíochta poiblí a choinneáil ar bun agus infheistíochtaí príobháideacha a chur chun cinn a bhfuil gá leo chun borradh a chur faoin athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta agus chun tacú leis an aistriú glas agus an aistriú digiteach, lena n-áirítear le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh níos fearr agus an aistrithe chuig foinsí inathnuaite fuinnimh.

    (2) Sustain a high level of public investment and promote private investments, which are needed to boost economic and social resilience and to support the green and digital transition, including for greater energy efficiency and for the transition to renewable energy sources.

    Moladh ón gComhairle an 16 Bealtaine 2023 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro 2023/C 180/01

  45. #2928630

    Tá sé ríthábhachtach go rachfar ar aghaidh le cláir an bheartais chomhtháthaithe a chur chun feidhme go tapa sa chaoi gur comhlánú a bheidh iontu ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus go mbeidh sineirge ann idir iad féin agus an plean sin, an chaibidil REPowerEU san áireamh, ionas go ndéanfar na haistrithe glasa agus digiteacha a chur i gcrích, go méadófar an athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta, agus go mbeidh forbairt chríochach chothrom ann freisin sa Bheilg.

    Proceeding with the swift implementation of the cohesion policy programmes in complementarity and synergy with the recovery and resilience plan, including the REPowerEU chapter, is key to achieving the green and digital transitions, increasing economic and social resilience and achieving balanced territorial development in Belgium.

    Moladh ón gComhairle an 14 Iúil 2023 maidir le Clár Náisiúnta na Beilge um Athchóiriú 2023 agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta na Beilge 2023

  46. #2928888

    Tá sé ríthábhachtach go rachfar ar aghaidh le cláir an bheartais chomhtháthaithe a ghlacadh agus iad a chur chun feidhme go pras sa chaoi gur comhlánú a bheidh iontu ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus go mbeidh sineirge ann idir iad féin agus an plean sin, an chaibidil REPowerEU san áireamh, ionas go ndéanfar na haistrithe glasa agus digiteacha a chur i gcrích, go méadófar an athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta, agus go mbeidh forbairt chríochach chothrom ann freisin sa Bhulgáir.

    Proceeding with the adoption of the cohesion policy programmes as well as their swift implementation in complementarity and synergy with the recovery and resilience plan, including the REPowerEU chapter, is key to achieving the green and digital transitions, increasing economic and social resilience, and achieving balanced territorial development in Bulgaria.

    Moladh ón gComhairle an 14 Iúil 2023 maidir le Clár Náisiúnta na Bulgáire um Athchóiriú 2023 agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár um Chóineasú na Bulgáire 2023

  47. #2929141

    Tá sé ríthábhachtach go rachfar ar aghaidh le cláir an bheartais chomhtháthaithe a chur chun feidhme go tapa sa chaoi gur comhlánú a bheidh iontu ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus go mbeidh sineirge ann idir iad féin agus an plean sin, an chaibidil REPowerEU san áireamh, ionas go ndéanfar an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a chur i gcrích, go méadófar an athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta, agus go mbeidh forbairt chríochach chothrom ann freisin sa tSeicia.

    Proceeding with the swift implementation of the cohesion policy programmes in complementarity and synergy with the recovery and resilience plan, including the REPowerEU chapter, is key to achieving the green and digital transition, increasing economic and social resilience, and achieving balanced territorial development in Czechia.

    Moladh ón gComhairle an 14 Iúil 2023 maidir le Clár Náisiúnta na Seicia um Athchóiriú 2023 agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta na Seicia 2023

  48. #2929345

    Tá sé ríthábhachtach go rachfar ar aghaidh le cláir an bheartais chomhtháthaithe a chur chun feidhme go tapa sa chaoi gur comhlánú a bheidh iontu ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus go mbeidh sineirge ann idir iad féin agus an plean sin, an chaibidil REPowerEU san áireamh, ionas go ndéanfar an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a chur i gcrích, go méadófar an athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta, agus go mbeidh forbairt chríochach chothrom ann freisin sa Danmhairg.

    Proceeding with the swift implementation of the cohesion policy programmes in complementarity and synergy with the recovery and resilience plan, including the REPowerEU chapter, is key to achieving the green and digital transitions, increasing economic and social resilience and achieving balanced territorial development in Denmark.

    Moladh ón gComhairle an 14 Iúil 2023 maidir le Clár Náisiúnta na Danmhairge um Athchóiriú 2023

  49. #2929600

    Tá sé ríthábhachtach go rachfar ar aghaidh le cláir an bheartais chomhtháthaithe a chur chun feidhme go tapa sa chaoi gur comhlánú a bheidh iontu ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus go mbeidh sineirge ann idir iad féin agus an plean sin, an chaibidil REPowerEU san áireamh, ionas go ndéanfar an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a chur i gcrích, go méadófar an athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta, agus go mbeidh forbairt chríochach chothrom ann freisin sa Ghearmáin.

    Proceeding with the swift implementation of the cohesion policy programmes in complementarity and synergy with the recovery and resilience plan, including the REPowerEU chapter, is key to achieving the green and digital transitions, increasing economic and social resilience, and achieving balanced territorial development in Germany.

    Moladh ón gComhairle an 14 Iúil 2023 maidir le Clár Náisiúnta na Gearmáine um Athchóiriú 2023 agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta na Gearmáine 2023

  50. #2929881

    Tá sé ríthábhachtach go rachfar ar aghaidh le cláir an bheartais chomhtháthaithe a chur chun feidhme go tapa sa chaoi gur comhlánú a bheidh iontu ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus go mbeidh sineirge ann idir iad féin agus an plean sin, an chaibidil REPowerEU san áireamh, ionas go ndéanfar an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a chur i gcrích, go méadófar an athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta, agus go mbeidh forbairt chríochach chothrom ann freisin san Eastóin.

    Proceeding with the swift implementation of the cohesion policy programmes in complementarity and synergy with the recovery and resilience plan, including the REPowerEU chapter, is key to achieving the green and digital transition, increasing economic and social resilience, and achieving balanced territorial development in Estonia.

    Moladh ón gComhairle an 14 Iúil 2023 maidir le Clár Náisiúnta na hEastóine um Athchóiriú 2023 agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta na hEastóine 2023