#2178264
Cuótaí atá ar fáil do Bhallstát de bhun na Rialachán ábhartha maidir le deiseanna iascaireachta tar éis malartuithe deiseanna iascaireachta a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22), aistrithe cuótaí ó 2019 go 2020 i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle lena dtugtar isteach coinníollacha breise le haghaidh bainistíocht TACanna agus cuótaí ó bhliain go bliain (IO L 115, 9.5.1996, lch. 3) agus le hAirteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 nó athleithdháileadh agus asbhaint deiseanna iascaireachta i gcomhréir le hAirteagail 37 agus 105 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
Quotas available to a Member State pursuant to the relevant fishing opportunities Regulations after taking into account exchanges of fishing opportunities in accordance with Article 16(8) of Regulation (EU) No 1380/2013 of the European Parliament and of the Council on the Common Fisheries Policy, amending Council Regulations (EC) No 1954/2003 and (EC) No 1224/2009 and repealing Council Regulations (EC) No 2371/2002 and (EC) No 639/2004 and Council Decision 2004/585/EC (OJ L 354, 28.12.2013, p. 22), quota transfers from 2019 to 2020 in accordance with Article 4(2) of Council Regulation (EC) No 847/96 introducing additional conditions for year-to-year management of TACs and quotas (OJ L 115, 9.5.1996, p. 3) and with Article 15(9) of Regulation (EU) No 1380/2013 or reallocation and deduction of fishing opportunities in accordance with Articles 37 and 105 of Regulation (EC) No 1224/2009.