#737203
Gan dochar do dhlí an Aontais ná do shainchumais an Choimisiúin, tá sé tábhachtach go saineoidh an Coimisiún, ar bhealach tráthúil agus i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara uile, na hinfheistíochtaí poiblí i mbonneagar calafoirt a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún [13] (Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine), agus an bonneagar sin nach dtagann faoi raon feidhme na Státchabhrach, agus aird á tabhairt ar chineálacha áirithe bonneagar nach bonneagair eacnamaíocha iad, lena n-áirítear bonneagar a bhaineann le rochtain agus le cosaint, ar an gcoinníoll go bhfuil siad ar fáil do na húsáideoirí uile a d’fhéadfadh a bheith ann ar théamaí cothroma neamh-idirdhealaitheacha.
Without prejudice to Union law and to the prerogatives of the Commission, it is important that the Commission identify, in a timely manner and in consultation with all interested parties, which public investments in port infrastructure fall within the scope of Commission Regulation (EU) No 651/2014 [13] (General Block Exemption Regulation), and which infrastructure does not fall under the scope of State aid, taking into consideration the non-economic nature of certain infrastructure, including access and defence infrastructure, provided that they are accessible to all potential users on equal and non-discriminatory terms.