#1618141
breithiúnacht
judgement
breithiúnacht
judgement
an daonlathas agus a chuid institiúidí a neartú, lena n-áirítear breithiúnacht neamhspleách agus éifeachtúíl, agus an smacht reachta a neartú, lena n-áirítear a chur chun feidhme;
strengthening of democracy and its institutions, including an independent and efficient judiciary, and of the rule of law, including its implementation;
Chun críocha an Rialacháin sin, ba cheart an téarma "an breithiúnacht agus an fhoireann bhreithiúnach" a léiriú le go gcuirfear san áireamh breithiúna, ionchúisitheoirí agus oifigigh de chuid na cúirte, chomh maith le cleachtóirí eile dlí a bhfuil baint acu leis an mbreithiúnacht, amhail abhcóidí, dlíodóirí, nótairí, báillí, oifigigh phromhaidh, idirghabhálaithe agus ateangairí cúirte.
For the purposes of this Regulation, the term "judiciary and judicial staff" should be interpreted so as to include judges, prosecutors and court officers, as well as other legal practitioners associated with the judiciary, such as lawyers, notaries, bailiffs, probation officers, mediators and court interpreters.
Beidh na táscairí a úsáidfear chun baint amach na gcuspóirí sonracha a thomhas réamhshainithe, soiléir, trédhearcach agus, i gcás inarb iomchuí, bainfidh siad go sonrach le tíortha faoi leith agus beidh siad intomhaiste, agus áireofar orthu, inter alia, toghcháin dhaonlathacha a ndéanfar faireachán leordhóthanach orthu, meas ar chearta an duine agus na saoirsí bunúsacha, breithiúnacht neamhspleách, comhar maidir le saincheisteanna ceartais, saoirse agus slándála, an leibhéal éillithe, sreabha trádála, comhionannas inscne agus táscairí a chumasaíonn míréireachtaí inmheánacha eacnamaíocha a thomhas, lena n-áirítear leibhéil fostaíochta.
The indicators used to measure the achievement of the specific objectives shall be predefined, clear, transparent and, where appropriate, country-specific and measurable, and shall include, inter alia, adequately monitored democratic elections, respect for human rights and fundamental freedoms, an independent judiciary, cooperation on issues of justice, freedom and security, the level of corruption, trade flows, gender equality and indicators enabling internal economic disparities, including employment levels, to be measured.
Is réamhchoinníollacha iad na saoirsí bunúsacha smaointeoireachta, coinsiasa agus reiligiúin nó creidimh, cainte, tionóla agus comhlachais maidir le hiolrachas polaitiúil, maidir le próisis dhaonlathacha agus maidir le sochaí oscailte, agus tá rialú daonlathach, cuntasacht bhaile agus scaradh cumhachtaí bunriachtanach chun breithiúnacht neamhspleách agus an smacht reachta a chothú, agus tá siad sin riachtanach chun cearta an duine a chosaint go héifeachtach.
The fundamental freedoms of thought, conscience and religion or belief, expression, assembly and association are the preconditions for political pluralism, democratic process and an open society, whereas democratic control, domestic accountability and the separation of powers are essential to sustain an independent judiciary and the rule of law which in turn are required for effective protection of human rights.
An daonlathas agus próisis dhaonlathacha chuimsitheacha a neartú agus a chur chun cinn, an smacht reachta, an t-éilliú a chomhrac, rialachas agus maoirseacht, lena n-áirítear próisis thoghchánacha thrédhearcacha, chuimsitheacha agus inchreidte, chomh maith le hinstitiúidí trédhearcacha, cuntasacha, éifeachtacha agus cuimsitheacha ar gach leibhéal, lena n-áirítear comhlachtaí reachtacha, breithiúnacht neamhspleách, rannpháirtíocht agus ionadaíocht pholaitiúil fhóinteach a neartú;
Strengthening and promoting democracy and inclusive democratic processes, the rule of law, the fight against corruption, governance and oversight, including transparent, inclusive and credible electoral processes as well as transparent, accountable, effective and inclusive institutions at all levels, including legislative bodies, an independent judiciary, strengthening a meaningful political participation and representation;
An daonlathas agus próisis daonlathais a neartú agus a chur chun cinn; tacú le hinstitiúidí éifeachtacha agus cuntasacha agus leis an gcomhrac in aghaidh an éillithe, na gáinneála drugaí agus na coiriúlachta eagraithe; an smacht reachta agus breithiúnacht neamhspleách a neartú;
Strengthening and promoting democracy and inclusive democratic processes; supporting effective and accountable institutions and the fight against corruption, drugs trafficking and organised crime; strengthening the rule of law and an independent judiciary;