#3049891
Ag tabhairt dá haire gur chuir an Foras dlús in 2021 lena chomhar le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais trí bhíthin ócáidí agus foilseacháin chomhpháirteacha in éineacht le EIGE maidir le cóineasú aníos i gcomhionannas inscne agus ar an bhearna phá idir na hinsciní, in éineacht le Cedefop bunaithe ar an anailís chomhpháirteach ar an suirbhé Eorpach ar chuideachtaí, agus in éineacht leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil maidir leis na dúshláin shóisialta a bhaineann le beartais fuinnimh ísealcharbóin; ag tabhairt dá haire thairis sin gur lean an Foras dá mhalartú taithí agus dá chomhar le FRA i réimse na modheolaíochta suirbhé agus a forbartha agus le EU-OSHA i réimse an taighde ar an digitiú, lena n-áirítear réimse na teilea-oibre agus réimsí eile;
Notes that in 2021 the Foundation stepped up its cooperation with other Union agencies through joint events and publications with EIGE on upward convergence in gender equality and on the gender pay gap, with Cedefop based on the joint analysis of the European company survey, and with the European Environment Agency on the social challenges of low-carbon energy policies; notes further that the Foundation continued its exchange of experience and cooperation with FRA in the area of survey methodology and its development and with EU-OSHA in the research area of digitalisation, including telework, and other areas;