Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

6 thoradh in 5 dhoiciméad

  1. #1846815

    cé acu atá nó nach bhfuil an tsubstaint shícighníomhach nua á measúnú, nó an raibh sí riamh á measúnú, ag córas na Náisiún Aontaithe;

    whether the new psychoactive substance is currently under assessment, or has been under assessment, by the United Nations system;

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le substaintí sícighníomhacha nua

  2. #1999074

    Níl 4F-MDMB-BICA á mheasúnú faoi láthair ag córas na Náisiún Aontaithe, cé gur moladh MDMB0-4en-PINACA a sceidealú faoi chóras na Náisiún Aontaithe.

    4F-MDMB-BICA is not currently under assessment by the United Nations system, whereas MDMB-4en-PINACA has been recommended for scheduling under the United Nations system as well.

    Treoir Tarmligthe (AE) 2021/802 ón gCoimisiún an 12 Márta 2021 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na substaintí sícighníomhacha nua 3,3-démheitil-2-{[1-(peint-4-éin-1-il)-1H-iondasól-3-carbóinil]aimín}bútánóáit mheitile (MDMB-4en-PINACA) agus 2-{[1-(4-fluarabúitil)-1H-iondól-3-carbóinil]aimín}-3,3-démheitiolbútánóáit mheitile (4F-MDMB-BICA) a áireamh sa sainmhíniú ar “dhruga”

  3. #2853858

    ciallaíonn ‘córas na Náisiún Aontaithecóras an tsásra rialaithe a bunaíodh le Coinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí.

    ‘United Nations system’ means the control mechanism system established by the United Nations Drug Conventions.

    Rialachán (AE) 2023/1322 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2023 maidir le Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh (EUDA) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006

  4. #1671600

    faisnéis i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil an tsubstaint shícighníomhach nua á measúnú faoi láthair, nó an raibh sí á measúnú, laistigh den chóras a bunaíodh le Coinbhinsiún Aonair um Dhrugaí Támhshuanacha 1961, arna leasú le Prótacal 1972, agus le Coinbhinsiún maidir le Substaintí Síceatrópacha 1971 (“córas na Náisiún Aontaithe”).

    information on whether the new psychoactive substance is currently or has been under assessment within the system established by the 1961 Single Convention on Narcotic Drugs, as amended by the 1972 Protocol, and the 1971 Convention on Psychotropic Substances (‘United Nations system’);

    Rialachán (AE) 2017/2101 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 a mhéid a bhaineann le malartú faisnéise maidir le substaintí sícighníomhacha nua, agus le córas luathrabhaidh agus nós imeachta measúnaithe riosca maidir leo

  5. #1747668

    faisnéis ar cé acu atá nó nach bhfuil an tsubstaint shícighníomhach nua á measúnú faoi láthair, nó an raibh sí riamh á measúnú, laistigh den chóras a bunaíodh leis an gCoinbhinsiún Aonair um Dhrugaí Támhshuanacha 1961, arna leasú le Prótacal 1972, nó leis an gCoinbhinsiún maidir le Substaintí Síceatrópacha 1971 (córas na Náisiún Aontaithe).

    information on whether the new psychoactive substance is currently under assessment, or has been under assessment, within the system established by the 1961 Single Convention on Narcotic Drugs, as amended by the 1972 Protocol, or the 1971 Convention on Psychotropic Substances (United Nations system).

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 maidir le malartú faisnéise, córas luathrabhaidh agus nós imeachta measúnaithe riosca i dtaobh substaintí sícighníomhacha nua

  6. #1846791

    ciallaíonn 'córas na Náisiún Aontaithe' an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, an Coimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha, agus an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, agus gach ceann acu ag gníomhú i gcomhréir lena gcúraimí féin de réir na tuairisce atá orthu in Airteagal 3 de Choinbhinsiún Aonair na Náisiún Aontaithe ar Dhrugaí Támhshuanacha (1961), arna leasú le Prótacal 1972, nó in Airteagal 2 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Shubstaintí Síceatrópacha (1971).

    ‘United Nations system’ means the World Health Organisation, the Commission on Narcotic Drugs and the Economic and Social Committee acting in accordance with their respective responsibilities as described in Article 3 of the 1961 United Nations Single Convention on Narcotic Drugs, as amended by the 1972 Protocol, or in Article 2 of the 1971 United Nations Convention on Psychotropic Substances.

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le substaintí sícighníomhacha nua