#2625950
ag tabhairt dá haire gur chinn an Chúirt, ina Tuarascáil Speisialta Uimh. 07/2020 Implementing Cohesion policy: comparatively low costs, but insufficient information to assess simplification savings [An Beartas Comhtháthaithe a chur chun feidhme: costais ísle go comparáideach, ach ganntanas faisnéise chun measúnú a dhéanamh ar choigiltí ón simpliú] go bhfuil na costais fhoriomlána a tuairiscíodh maidir le cur chun feidhme chistí an Bheartais Comhtháthaithe réasúnta íseal, ach go raibh siad bunaithe ar shonraí nach bhfuil sách iomlán agus neamhleanúnach; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur chinn an Chúirt nár leor an fhaisnéis chostais a bhí ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag simpliú rialacha an Aontais;
Takes note that the Court, in its Special Report 07/2020 ‘Implementing Cohesion policy: comparatively low costs, but insufficient information to assess simplification savings’ found that overall costs reported for implementing the Cohesion Policy funds are comparatively low, but were based on insufficiently complete and incoherent data; notes with concern that the Court found that the cost information available was not adequate in order to assess the impact of simplifying Union rules;