Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

42 toradh in 3 dhoiciméad

  1. #2993440

    ciallaíonn ‘comhlacht bainistíochta an chalafoirtcomhlacht bainistíochta an chalafoirt mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Rialachán (AE) 2017/352;

    ‘managing body of the port’ means managing body of the port as defined in Article 2, point (5), of Regulation (EU) 2017/352;

    Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  2. #737286

    Féadfaidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí calafoirt, lena n-áirítear fochonraitheoirí, na híoscheanglais a chomhlíonadh chun an tseirbhís chalafoirt chomhfhreagrach a dhéanamh.

    The managing body of the port, or the competent authority, may require providers of port services, including subcontractors, to comply with minimum requirements for the performance of the corresponding port service.

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  3. #737302

    Cuirfidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, soláthraithe seirbhísí calafoirt ar an eolas roimh ré maidir le haon athrú ar na critéir agus ar an nós imeachta.

    The managing body of the port, or the competent authority, shall, in advance, inform providers of port services of any change in the criteria and of the procedure.

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  4. #737306

    Caithfidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, le soláthraithe seirbhísí calafoirt ar bhealach trédhearcach, oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach.

    The managing body of the port, or the competent authority, shall treat providers of port services in a transparent, objective, non-discriminatory and proportionate manner.

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  5. #737320

    Foilseoidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, an cinneadh a ghlacfar maidir le líon na soláthraithe seirbhísí calafoirt a theorannú.

    The managing body of the port, or the competent authority, shall publish the adopted decision to limit the number of providers of port services.

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  6. #737343

    Le linn na tréimhse ama sin, seolfaidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, nós imeachta nua chun soláthraí seirbhísí calafoirt a roghnú nó cuirfidh sé Airteagal 8 i bhfeidhm.

    During that period, the managing body of the port, or the competent authority, shall either launch a new procedure to select a provider of port services or shall apply Article 8.

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  7. #737393

    I gcás den sórt sin, áiritheoidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt go leanfaidh úsáideoir an bhonneagair chalafoirt de bheith in ann méid an mhuirir ar bhonneagar calafoirt a shainaithint go héasca.

    In such a case, the managing body of the port shall make sure that the amount of the port infrastructure charge remains easily identifiable by the user of the port infrastructure.

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  8. #737421

    Urramóidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt agus soláthraithe seirbhísí calafoirt rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus a gcuid oibleagáidí faoin Airteagal seo á gcur i gcrích acu.

    The managing body of the port and providers of port services shall respect the confidentiality of commercially sensitive information when carrying out their obligations under this Article.

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  9. #1887023

    Áiritheoidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt nó an t-údarás inniúil, go gcuirfear úsáideoirí calafoirt agus ionadaithe nó comhlachais na n-úsáideoirí calafoirt ar an eolas dá réir sin.

    The managing body of the port or the competent authority shall ensure that port users and the representatives or associations of port users are informed accordingly.

    Rialachán (AE) 2020/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/352, ionas go mbeidh an comhlacht bainistíochta calafoirt nó an t-údarás inniúil in ann solúbthacht a sholáthar i leith thobhach na muirear ar bhonneagar calafoirt i gcomhthéacs ráig COVID-19

  10. #737146

    Ar mhaithe le bainistiú calafoirt a bheadh éifeachtúil, sábháilte agus slán ó thaobh an chomhshaoil de, ba cheart comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, bheith in ann a chur de cheangal go mbeidh soláthraithe seirbhísí calafoirt in ann a léiriú go gcomhlíonann siad na híoscheanglais chun an tseirbhís a dhéanamh ar bhealach iomchuí.

    In the interest of efficient, safe and environmentally sound port management, the managing body of the port, or the competent authority, should be able to require that providers of port services are able to demonstrate that they meet minimum requirements for the performance of the service in an appropriate way.

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  11. #737257

    ciallaíonn “údarás inniúil” aon chomhlacht poiblí nó príobháideach a bhfuil sé de theideal aige, thar ceann comhlachta ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta, gníomhaíochtaí a chur i gcrích faoin dlí náisiúnta nó faoi ionstraimí náisiúnta, ar gníomhaíochtaí iad a bhaineann le gníomhaíochtaí calafoirt a eagrú nó a riar, i gcomhar le comhlacht bainistíochta an chalafoirt nó ina ionad;

    ‘competent authority’ means any public or private body which, on behalf of a local, regional or national level, is entitled to carry out, under national law or instruments, activities related to the organisation and administration of port activities, in conjunction with or instead of the managing body of the port;

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  12. #737259

    ciallaíonn “comhlacht bainistíochta an chalafoirt” aon chomhlacht poiblí nó príobháideach a bhfuil sé mar chuspóir aige, nó a dtugtar an chumhacht dó, faoin dlí náisiúnta nó faoi ionstraimí náisiúnta, bonneagar an chalafoirt a riar agus a bhainistiú, ar an leibhéal áitiúil, agus ceann amháin nó níos mó de na cúraimí seo a leanas a dhéanamh sa chalafort lena mbaineann, bíodh sin i gcomhcheangal le gníomhaíochtaí eile nó ná bíodh: trácht an chalafoirt a chomhordú, trácht an chalafoirt a bhainistiú, gníomhaíochtaí na n-oibreoirí atá i láthair sa chalafort lena mbaineann a chomhordú, agus gníomhaíochtaí na n-oibreoirí atá i láthair sa chalafort lena mbaineann a rialú;

    ‘managing body of the port’ means any public or private body which, under national law or instruments, has the objective of carrying out, or is empowered to carry out, at a local level, whether in conjunction with other activities or not, the administration and management of the port infrastructure and one or more of the following tasks in the port concerned: the coordination of port traffic, the management of port traffic, the coordination of the activities of the operators present in the port concerned, and the control of the activities of the operators present in the port concerned;

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  13. #737266

    ciallaíonn “conradh seirbhíse calafoirt” comhaontú foirmiúil atá ceangailteach ó thaobh dlí nó gníomh a bhfuil éifeacht dhlíthiúil choibhéiseach aige idir soláthraí seirbhísí calafoirt agus comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó údarás inniúil a bhfuil mar ábhar aige seirbhís calafoirt amháin nó níos mó a sholáthar, gan dochar don bhealach a ndéantar soláthraithe seirbhísí calafoirt a ainmniú;

    ‘port service contract’ means a formal and legally binding agreement or an act of equivalent legal effect between a provider of port services and a managing body of the port, or a competent authority, having as its subject-matter the provision of one or more port services, without prejudice to the form of designating providers of port services;

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  14. #737300

    I gcás ina n-áirítear sna híoscheanglais eolas sonrach ar dhálaí áitiúla, áiritheoidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, go bhfuil rochtain leordhóthanach ar fhaisnéis ann, faoi choinníollacha a bheidh trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.

    Where the minimum requirements include specific knowledge of local conditions, the managing body of the port, or the competent authority, shall ensure that there is adequate access to information, under transparent and non-discriminatory conditions.

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  15. #737301

    Sna cásanna dá bhforáiltear i mír 1, foilseoidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, na híoscheanglais dá dtagraítear i mír 2 agus an nós imeachta maidir leis an gceart a thabhairt seirbhísí calafoirt a sholáthar faoi na ceanglais sin faoin 24 Márta 2019 nó, i gcás íoscheanglas a bhfuil feidhm le bheith acu tar éis an dáta sin, foilseofar iad trí mhí ar a laghad roimh an dáta óna bhfuil feidhm le bheith ag na ceanglais sin.

    In the cases provided for in paragraph 1, the managing body of the port, or the competent authority, shall publish the minimum requirements referred to in paragraph 2 and the procedure for the granting of the right to provide port services under those requirements by 24 March 2019 or, in the case of minimum requirements that are to apply after that date, at least three months before the date from which those requirements are to apply.

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  16. #737307

    Déanfaidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, an ceart seirbhísí calafoirt a sholáthar ar bhonn na n-íoscheanglas a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 4 a thabhairt nó a dhiúltú laistigh de thréimhse réasúnta, nach mbeidh i gcás ar bith níos faide ná ceithre mhí tar éis iarraidh a fháil go ndeonófaí ceart den sórt sin agus na doiciméid riachtanacha.

    The managing body of the port, or the competent authority, shall grant or refuse the right to provide port services on the basis of the minimum requirements established in accordance with Article 4 within a reasonable period, which in any event shall not exceed four months, from receiving a request for the granting of such a right and the necessary documents.

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  17. #737308

    Aon diúltú den sórt sin, ag comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó ag an údarás inniúil, beidh bonn cirt cuí ina leith, ar bhonn na n-íoscheanglas a leagtar amach in Airteagal 4(2).

    Any such refusal, by the managing body of the port, or by the competent authority, shall be duly justified on the basis of the minimum requirements set out in Article 4(2).

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  18. #737309

    Má dhéanann comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, aon teorannú ar an gceart chun seirbhís calafoirt a sholáthar, nó má dhéanann sé an ceart sin a fhoirceannadh, beidh bonn cirt cuí leis an méid sin agus beidh an méid sin i gcomhréir le mír 1.

    Any limitation or termination by the managing body of the port, or the competent authority, of the right to provide a port service shall be duly justified and shall be in accordance with paragraph 1.

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  19. #737312

    Féadfaidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, líon na soláthraithe seirbhísí calafoirt a theorannú i gcás seirbhís calafoirt faoi leith ar cheann amháin nó níos mó de na cúiseanna seo a leanas:

    The managing body of the port, or the competent authority, may limit the number of providers of port services for a given port service for one or more of the following reasons:

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  20. #737313

    go bhfuil ganntanas talún nó spáis cois uisce ann nó go bhfuil a n-úsáid forchoimeádta, ar choinníoll go bhfuil an teorannú sin i gcomhréir le cinntí nó pleananna a shocraigh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, agus, i gcás inarb iomchuí, a shocraigh aon údaráis phoiblí eile is inniúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

    the scarcity or reserved use of land or waterside space, provided that the limitation is in accordance with the decisions or plans agreed by the managing body of the port and, where appropriate, any other public authorities competent in accordance with the national law;

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  21. #737319

    D’fhonn an deis a thabhairt do pháirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt laistigh de thréimhse réasúnta, foilseoidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, aon togra chun líon na soláthraithe seirbhísí calafoirt a theorannú i gcomhréir le mír 1, chomh maith le forais a thugann bonn cirt dó sin, ar a laghad trí mhí roimh ghlacadh an chinnidh maidir le líon na soláthraithe seirbhísí calafoirt a theorannú.

    In order to give interested parties the opportunity to submit comments within a reasonable period, the managing body of the port, or the competent authority, shall publish any proposal to limit the number of providers of port services in accordance with paragraph 1 together with the grounds justifying it at least three months in advance of the adoption of the decision to limit the number of providers of port services.

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  22. #737321

    I gcás ina gcinneann comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, líon na soláthraithe seirbhísí calafoirt a theorannú, leanfaidh sé nós imeachta roghnúcháin a bheidh ar oscailt do na páirtithe leasmhara ar fad agus a bheidh neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach.

    Where the managing body of the port, or the competent authority, decides to limit the number of providers of a port service, it shall follow a selection procedure which shall be open to all interested parties, non-discriminatory and transparent.

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  23. #737322

    Foilseoidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, faisnéis maidir leis an tseirbhís calafoirt a bheidh le soláthar agus maidir leis an nós imeachta roghnúcháin, agus áiritheoidh sé go mbeidh an fhaisnéis bhunriachtanach ar fad is gá chun ullmhú dá n-iarratais ar fáil do na páirtithe leasmhara go léir ar bhealach éifeachtach.

    The managing body of the port, or the competent authority, shall publish information on the port service to be provided and on the selection procedure, and shall ensure that all essential information that is necessary for the preparation of their applications is effectively accessible to all interested parties.

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  24. #737341

    I gcás briseadh i seirbhísí calafoirt dá bhforchuirtear oibleagáidí seirbhíse poiblí nó i gcás ina mbíonn riosca láithreach maidir le cás den sórt sin, féadfaidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, beart éigeandála a dhéanamh.

    In the event of a disruption of port services for which public service obligations are imposed or when an immediate risk of such a situation occurs, the managing body of the port, or the competent authority, may take an emergency measure.

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  25. #737347

    Gan dochar d’Airteagal 6(6), féadfaidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, a chinneadh seirbhís chalafoirt a sholáthar é féin nó déanamh amhlaidh trí eintiteas atá leithleach go dlíthiúil a fheidhmíonn méid rialaithe is comhchosúil leis an rialú a dhéanann sé ar a ranna féin, ar choinníoll go mbeidh feidhm ag Airteagal 4 go cothrom maidir leis na hoibreoirí uile a sholáthraíonn an tseirbhís calafoirt lena mbaineann.

    Without prejudice to Article 6(6), the managing body of the port, or the competent authority, may decide either to provide a port service itself or to do so through a legally distinct entity over which it exercises a degree of control similar to that which it has over its own departments, provided that Article 4 applies equally to all operators providing the port service concerned.

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  26. #737349

    Measfar nach bhfuil comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, ag feidhmiú méid rialaithe ar eintitis atá leithleach go dlíthiúil atá comhchosúil leis an rialú atá aige ar a ranna féin ach amháin má bhíonn tionchar cinntitheach aige ar chuspóirí straitéiseacha agus ar chinntí suntasacha an eintitis dhlíthiúil lena mbaineann araon.

    The managing body of the port, or the competent authority, shall be considered to be exercising a degree of control over a legally distinct entity similar to that which it has over its own departments only if it has a decisive influence over both the strategic objectives and the significant decisions of the legal entity concerned.

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  27. #737354

    Gan dochar do dhlí an Aontais agus don dlí náisiúnta, lena n-áirítear comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme idir na comhpháirtithe sóisialta, ceanglóidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, ar an soláthraí ainmnithe seirbhísí calafoirt dálaí oibre a thabhairt don fhoireann i gcomhréir leis na hoibleagáidí is infheidhme i réimse an dlí shóisialta agus dhlí an tsaothair agus ceanglóidh sé na caighdeáin shóisialta a chomhlíonadh mar a leagtar amach iad i ndlí an Aontais, sa dlí náisiúnta nó i gcomhaontuithe comhchoiteanna.

    Without prejudice to Union and national law, including applicable collective agreements between social partners, the managing body of the port, or the competent authority, shall require the designated provider of port services to grant staff working conditions in accordance with applicable obligations in the field of social and labour law and to comply with social standards as set out in Union law, national law or collective agreements.

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  28. #737355

    I gcás athrú soláthraí seirbhíse calafoirt a dhéantar mar thoradh ar chonradh lamháltais nó poiblí a thabhairt, féadfaidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, a cheangal go ndéanfar cearta agus oibleagáidí an tsoláthraí seirbhíse calafoirt a bhí ann go dtí sin a aistriú chuig an soláthraí seirbhíse calafoirt nuacheaptha, ar cearta agus oibleagáidí iad a d’eascair as conradh fostaíochta, nó as caidreamh fostaíochta, mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta agus arbh ann dóibh ar dháta an athraithe sin.

    In the case of a change of provider of port services that is due to the award of a concession or public contract, the managing body of the port, or the competent authority, may require that the rights and obligations of the outgoing provider of port services arising from a contract of employment, or from an employment relationship as defined in national law, and existing on the date of that change, be transferred to the newly appointed provider of port services.

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  29. #737374

    Coinneoidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó eintiteas eile a sholáthraíonn seirbhísí calafoirt ar a shon, an fhaisnéis maidir leis an gcaidreamh airgeadais dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 ar feadh cúig bliana ó dheireadh na bliana fioscaí dá dtagraítear san fhaisnéis.

    The managing body of the port, or other entity that provides port services on its behalf, shall keep the information concerning the financial relations as referred to in paragraphs 1 and 2 for five years from the end of the fiscal year to which the information refers.

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  30. #737375

    Cuirfidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó eintiteas eile a sholáthraíonn seirbhísí calafoirt ar a shon, ar fáil don údarás ábhartha sa Bhallstát lena mbaineann, i gcás ina gcuirtear isteach gearán foirmiúil agus arna iarraidh sin dó, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 agus aon fhaisnéis bhreise a mheasann sé a bhfuil gá léi chun measúnú críochnúil a dhéanamh ar na sonraí arna gcur isteach agus chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo i gcomhréir leis na rialacha iomaíochta.

    The managing body of the port, or other entity that provides port services on its behalf, shall, in the event of a formal complaint and upon request, make available to the relevant authority in the Member State concerned the information referred to in paragraphs 1 and 2 and any additional information that it deems necessary in order to complete a thorough appraisal of the data submitted and to assess compliance with this Regulation in accordance with competition rules.

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  31. #737378

    Maidir le comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó eintiteas eile a sholáthraíonn seirbhísí calafoirt ar a shon, i gcás nach bhfuair sé cistí poiblí i mblianta cuntasaíochta roimhe sin ach go dtosaíonn sé ag baint tairbhe as cistí poiblí, cuirfidh sé mír 1 agus mír 2 i bhfeidhm ón mbliain chuntasaíochta a leanann aistriú na gcistí poiblí.

    Where the managing body of the port, or other entity that provides port services on its behalf, has not received public funds in previous accounting years but starts benefitting from public funds, it shall apply paragraphs 1 and 2 from the accounting year following the transfer of the public funds.

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  32. #737386

    I gcás den sórt sin, áiritheoidh soláthraí na seirbhísí calafoirt agus, más iomchuí, comhlacht bainistíochta an chalafoirt go leanfaidh úsáideoir na seirbhíse calafoirt de bheith in ann méid an mhuirir ar sheirbhísí calafoirt a shainaithint go héasca.

    In such a case, the provider of port services and, where appropriate, the managing body of the port shall make sure that the amount of the port service charge remains easily identifiable by the user of the port service.

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  33. #737399

    Áiritheoidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, go gcuirfear úsáideoirí calafoirt agus ionadaithe nó comhlachais úsáideoirí calafoirt ar an eolas maidir le cineál agus leibhéal na muirear ar bhonneagar calafoirt.

    The managing body of the port, or the competent authority, shall ensure that port users and the representatives or associations of port users are informed about the nature and level of the port infrastructure charges.

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  34. #737400

    Áiritheoidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, go gcuirfear úsáideoirí an bhonneagair chalafoirt ar an eolas dhá mhí roimh an dáta a thiocfaidh na hathruithe sin i bhfeidhm ar a laghad maidir le haon athruithe a dhéantar ar chineál nó ar leibhéal na muirear ar an mbonneagar calafoirt.

    The managing body of the port, or the competent authority, shall ensure that users of the port infrastructure are informed of any changes in the nature or level of the port infrastructure charges at least two months in advance of the date on which those changes come into effect.

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  35. #737402

    Cuirfidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt ar fáil d’údarás ábhartha an Bhallstáit lena mbaineann, i gcás ina gcuirtear isteach gearán foirmiúil agus arna iarraidh sin dó, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5, agus aon fhaisnéis atá ábhartha maidir leis na gnéithe atá mar bhonn le struchtúr agus leibhéal na muirear ar bhonneagar calafoirt a chinneadh.

    The managing body of the port shall, in the event of a formal complaint and upon request, make available to the relevant authority of the Member State concerned the information referred to in paragraphs 4 and 5, and any relevant information on the elements that serve as a basis for determining the structure and the level of the port infrastructure charges.

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  36. #737411

    Rachaidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt i mbun comhairle le húsáideoirí an chalafoirt maidir lena bheartas muirearaithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, lena n-áirítear i gcásanna a chumhdaítear le hAirteagal 8.

    The managing body of the port shall, in accordance with applicable national law, consult port users on its charging policy, including in cases covered by Article 8.

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  37. #737413

    Rachaidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt i mbun comhairle le húsáideoirí an chalafoirt agus le geallsealbhóirí ábhartha eile, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, maidir le hábhair bhunriachtanacha a thagann faoina inniúlacht maidir leis an méid a leanas:

    The managing body of the port shall, in accordance with applicable national law, consult port users and other relevant stakeholders on essential matters within its competence regarding:

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  38. #737443

    Beidh an ceart ag aon pháirtí ag a mbeidh leas dlisteanach achomharc a dhéanamh in aghaidh cinntí nó bearta aonair arna ndéanamh faoin Rialachán seo ag comhlacht bainistíochta an chalafoirt, ag an údarás inniúil, nó ag aon údarás náisiúnta ábhartha eile.

    Any party with a legitimate interest shall have the right to appeal against the decisions or individual measures taken under this Regulation by the managing body of the port, the competent authority, or any other relevant national authority.

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  39. #1887038

    D’ainneoin Airteagal 13(1), (3) agus (4), féadfaidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt nó an t-údarás inniúil a chinneadh íocaíocht na muirear ar bhonneagar calafoirt atá dlite don tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2020 a tharscaoileadh, a chur ar fionraí, a laghdú nó a iarchur.

    Notwithstanding Article 13(1), (3) and (4), the managing body of the port or the competent authority may decide to waive, to suspend, to reduce or to defer the payment of port infrastructure charges due for the period from 1 March 2020 to 31 October 2020.

    Rialachán (AE) 2020/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/352, ionas go mbeidh an comhlacht bainistíochta calafoirt nó an t-údarás inniúil in ann solúbthacht a sholáthar i leith thobhach na muirear ar bhonneagar calafoirt i gcomhthéacs ráig COVID-19

  40. #2993178

    Ba cheart comhairliúcháin a dhéanamh idir comhlacht bainistíochta an chalafoirt agus úsáideoirí an chalafoirt agus geallsealbhóirí ábhartha eile, dá bhforáiltear in Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun comhordú a dhéanamh ar infhaighteacht seirbhísí calafoirt a chomhordú maidir leis an soláthar breosla malartaigh atá beartaithe agus a imscartar i gcalafoirt, agus maidir leis an éileamh a bhfuiltear ag súil leis ó longa a stadann ag na calafoirt sin.

    Consultations between the managing body of the port and port users and other relevant stakeholders, as provided for in Article 15(2) of Regulation (EU) 2017/352 of the European Parliament and of the Council, should take place in order to coordinate the availability of port services with regard to the alternative fuel supply that is planned and deployed in ports, as well as with regard to the demand expected from ships calling at those ports.

    Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  41. #2993480

    Ón 1 Eanáir 2030 agus go dtí an 31 Nollaig 2034, agus tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, comhlacht bainistíochta an chalafoirt, féadfaidh Ballstát a chinneadh go nascfaidh long atá feistithe cois cé i gcalafort cuarda faoina dhlínse nach gcumhdaítear le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2023/1804, nó i gcodanna áirithe den chalafort sin, go nascfaidh sí le OPS agus go n-úsáidfidh sí í le haghaidh iomlán a héilimh ar chumhacht leictreach i mbeart.

    From 1 January 2030 and until 31 December 2034, and after consulting relevant stakeholders, including, where appropriate, the managing body of the port, a Member State may decide that a ship moored at the quayside in a port of call under its jurisdiction which is not covered by Article 9 of Regulation (EU) 2023/1804, or in certain parts of such port, shall connect to OPS and use it for all its electrical power demand at berth.

    Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  42. #2993505

    Déanfaidh údarás inniúil Bhallstát an chalafoirt cuarda nó aon eintiteas cuí-údaraithe, tar éis dul i gcomhairle le comhlacht bainistíochta an chalafoirt i gcás inarb iomchuí, an fhaisnéis seo a leanas a chinneadh agus a thaifeadadh gan mhoill i mbunachar sonraí FuelEU:

    The competent authority of the Member State of the port of call or any duly authorised entity, after consulting the managing body of the port where appropriate, shall determine and record in the FuelEU database, without delay, the following information: