Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

26 toradh in 20 doiciméad

  1. #2818733

    costéifeachtacht na mbeart, lena n-áirítear tionchar na mbeart ar ghnólachtaí, go háirithe FBManna;

    the cost-effectiveness of the measures, including the impact of the measures on businesses, in particular SMEs;

    Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  2. #295370

    Déanfar an staidreamh a tháirgeadh i gcomhréir leis na caighdeáin maidir le neamhchlaontacht, iontaofacht, oibiachtúlacht, costéifeachtacht agus rúndacht staidrimh.

    The statistics shall be produced in compliance with standards on impartiality, reliability, objectivity, cost-effectiveness and statistical confidentiality.

    Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le staidreamh Comhphobail i dtaca leis an tsláinte phoiblí agus i dtaca leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht ag an obair

  3. #595872

    Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go mbeidh nósanna imeachta ann chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú an Lárchórais de réir a chuspóirí, maidir le haschur, costéifeachtacht agus caighdeán seirbhíse.

    The Agency shall ensure that procedures are in place to monitor the functioning of the Central System against objectives relating to output, cost-effectiveness and quality of service.

    Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le bunú “Eurodac” chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (CE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais

  4. #295402

    Is é aidhm na staidéar trialach sin na coincheapa agus na modhanna a thástáil agus féidearthacht na mbailiúchán gaolmhar sonraí a mheas, lena n-áirítear cáilíocht, inchomparáideacht agus costéifeachtacht staidrimh, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach leis an gCód Cleachtais do Staidreamh Eorpach.

    The purpose of such pilot studies shall be to test the concepts and methods and to assess the feasibility of the related data collections, including statistical quality, comparability and cost effectiveness, in accordance with the principles set up by the European Statistics Code of Practice.

    Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le staidreamh Comhphobail i dtaca leis an tsláinte phoiblí agus i dtaca leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht ag an obair

  5. #534149

    Is den sár-riachtanas é go mbunófaí Cúirt Aontaithe um Paitinní chun cásanna a bhaineann leis an bpaitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi a éisteacht ionas go ndéanfaí feidhmiú cuí na paitinne sin, comhsheasmhacht cásdlí agus dá bhrí sin an deimhneacht dhlíthiúil, mar aon le costéifeachtacht i gcomhair dílseánach paitinne, a áirithiú.

    Establishing a Unified Patent Court to hear cases concerning the European patent with unitary effect is essential in order to ensure the proper functioning of that patent, consistency of case-law and hence legal certainty, and cost-effectiveness for patent proprietors.

    Rialachán (AE) Uimh. 1257/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2012 lena gcuirtear comhar feabhsaithe chun feidhme sa réimse a bhaineann le cosaint aonadach phaitinne a chruthú

  6. #600487

    Leis an nglao sin, cuireadh in iúl athuair cuspóir thogra 2011 ón gCoimisiúin lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh, ar cuspóir é a d'fhéach le costéifeachtacht a áirithiú agus a d'admhaigh go n-éilíonn na dúshláin a bhfuil an Eoraip ag tabhairt aghaidh orthu anois go ndéanfaidh gach riarachán poiblí agus gach uile chomhalta dá chuid foirne iarracht ar leith éifeachtúlacht a fheabhsú agus dul in oiriúint don chomhthéacs eacnamaíoch agus sóisialta atá ag athrú san Eoraip.

    That call reiterated in fact the objective of the 2011 Commission proposal for amendment of the Staff Regulations of Officials and the Conditions of Employment of Other Servants of the European Union, which strove to ensure cost-efficiency and acknowledged that challenges currently faced by the European Union require a particular effort by each and every public administration and each and every member of its staff to improve efficiency and to adjust to the changing economic and social context in Europe.

    Rialachán (AE) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh

  7. #631844

    Bhíothas den tuairim go mbeadh fadhbanna ar leith ag baint le cúrsaí sláinte a chuimsiú ar liosta éigeantach agus cainníochtúil na ngnéithe a bheidh le cur san áireamh chun costéifeachtacht a mheasúnú, ós rud é gur critéar í an tsláinte atá deacair a mheasúnú nó a chainníochtú go hoibiachtúil ag an tréimhse seo den fhorbairt eolaíochta.

    The inclusion of health among the compulsory, and quantifiable list of elements to be taken into account for assessing cost effectiveness was assessed especially problematic, since health constitutes a criterion which at the current stage of scientific development is difficult to evaluate and quantify objectively.

    Seasamh (AE) Uimh. 8/2014 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha agus nósanna imeachta a bhunú i ndáil le srianta oibriúcháin atá bainteach le torann a thabhairt isteach ag aerfoirt an Aontais faoi Chur Chuige Cothrom agus lena n-aisghairtear Treoir 2002/30/CE Arna ghlacadh ag an gComhairle an 24 Márta 2014

  8. #655220

    D'fhonn a áirithiú go mbeidh toilleadh iomchuí stórála ann agus go mbeidh córas na hidirghabhála poiblí éifeachtúil a mhéid a bhaineann le costéifeachtacht, dáileadh agus rochtain d'oibreoirí, agus chun cáilíocht na dtáirgí sin a cheannaítear isteach faoi idirghabháil phoiblí lena ndiúscairt ag deireadh na tréimhse stórála a choinneáil, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir leis na ceanglais a bheidh le comhlíonadh ag ionaid stórála i gcás na dtáirgí uile atá faoi réir na hidirghabhála poiblí, agus rialacha áirithe a ghlacadh maidir le stóráil táirgí laistigh nó lasmuigh den Bhallstát atá freagrach astu agus as a gcóireáil maidir le dleachtanna custaim agus aon mhéideanna eile atá le deonú nó le gearradh faoi CBT.

    In order to ensure appropriate storage capacity and the efficiency of the public intervention system in terms of cost-effectiveness, distribution and access for operators, and in order to maintain the quality of products bought in under public intervention for their disposal at the end of the storage period, the power to adopt certain acts should be delegated to the Commission in respect of the requirements to be fulfilled by storage places for all products subject to public intervention, rules on the storage of products inside and outside the Member State responsible for them and their treatment as regards customs duties and any other amounts to be granted or levied under the CAP.

    Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle ( IO L 347, 20.12.2013 ) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh Eagrán Speisialta Gaeilge)

  9. #655765

    D'fhonn a áirithiú go mbeidh toilleadh iomchuí stórála ann agus go mbeidh córas na hidirghabhála poiblí éifeachtúil a mhéid a bhaineann le costéifeachtacht, dáileadh agus rochtain d'oibreoirí, agus chun cáilíocht na dtáirgí sin a cheannaítear isteach faoi idirghabháil phoiblí lena ndiúscairt ag deireadh na tréimhse stórála a choinneáil, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos:

    In order to ensure appropriate storage capacity and the efficiency of the public intervention system in terms of cost-effectiveness, distribution and access for operators, and in order to maintain the quality of products bought in under public intervention for their disposal at the end of the storage period, the Commission shall be empowered to adopt delegated acts in accordance with Article 227 laying down:

    Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle ( IO L 347, 20.12.2013 ) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh Eagrán Speisialta Gaeilge)

  10. #743301

    Déanfaidh an Coimisiún struchtúr agus leibhéal na dtáillí mar aon le scála agus struchtúr na gcostas inghnóthaithe a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ag féachaint do chuspóirí an Rialacháin seo a chur chun feidhme go leordhóthanach, sláinte agus sábháilteacht a chosaint agus tacú le nuálaíocht agus costéifeachtacht agus ag féachaint freisin don ghá atá le rannpháirtíocht ghníomhach a bhaint amach sna painéil saineolaithe.

    The structure and the level of fees as well as the scale and structure of recoverable costs shall be adopted by the Commission by means of implementing acts, taking into account the objectives of the adequate implementation of this Regulation, protection of health and safety, support of innovation and cost-effectiveness and the necessity to achieve active participation in the expert panels.

    Rialachán (AE) 2017/745 ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE )

  11. #746978

    Féadfaidh an Coimisiún a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe mionsonraithe agus méid na ranníocaíochta airgeadais ón Aontas le saotharlanna tagartha AE, agus na cuspóirí maidir le cosaint sláinte agus sábháilteachta, tacú le nuálaíocht agus costéifeachtacht á gcur san áireamh.

    The Commission may adopt, by means of implementing acts, the detailed arrangements and the amount of a Union financial contribution to the EU reference laboratories, taking into account the objectives of health and safety protection, support of innovation and cost-effectiveness.

    Rialachán (AE) 2017/746 ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE )

  12. #746982

    struchtúr agus leibhéal na dtáillí dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo is féidir le saotharlann tagartha AE a ghearradh as tuairimí eolaíocha a thabhairt mar fhreagairt ar chomhairliúcháin ó chomhlachtaí dá dtugtar fógra agus ó Bhallstáit i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus na cuspóirí maidir le sláinte an duine agus cosaint na sábháilteachta, tacú le nuálaíocht agus costéifeachtacht á gcur san áireamh.

    the structure and the level of the fees referred to in paragraph 7 of this Article which may be levied by an EU reference laboratory for providing scientific opinions in response to consultations by notified bodies and Member States in accordance with this Regulation, taking into account the objectives of human health and safety protection, support of innovation and cost-effectiveness.

    Rialachán (AE) 2017/746 ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE )

  13. #1699786

    I gcás inarb ábhartha, cuirfear san áireamh an rannchuidiú le méadú na héifeachtúlachta feadh shaolré na dtáirgí agus na dteicneolaíochtaí cosanta, lena n-áirítear costéifeachtacht agus an acmhainneacht do shineirgí sa phróiseas soláthair agus cothabhála maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad mhír.

    Where relevant, contribution to increasing efficiency across the life cycle of defence products and technologies, including cost-effectiveness and the potential for synergies in the procurement and maintenance process, shall be taken into consideration in relation to the application of the criteria referred to in points (a), (b) and (c) of the first paragraph.

    Rialachán (AE) 2018/1092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 lena mbunaítear an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta lena ndírítear ar thacú le hiomaíochas agus cumas nuálaíochta thionscal cosanta an Aontais

  14. #1713165

    Féadfaidh na Ballstáit costéifeachtacht a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh acu ar bhearta chun foinsí inathnuaite fuinnimh a imscaradh san earnáil téimh agus fuaraithe, ar bhealach ina léireofar na bacainní struchtúracha a bhaineann leis an sciar ard gáis nádúrtha, an bonneagar fuaraithe nó leis an struchtúr lonnaíochta scaipthe ina bhfuil dlús daonra íseal.

    When deciding which measures to adopt for the purposes of deploying energy from renewable sources in the heating and cooling sector, Member States may take into account cost-effectiveness reflecting structural barriers arising from the high share of natural gas or cooling, or from a dispersed settlement structure with low population density.

    Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn ((Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE))

  15. #1714535

    Chun a áirithiú go laghdaítear bochtaineacht fuinnimh do thionóntaí ar bhonn inbhuanaithe le bearta éifeachtúlachta fuinnimh, ba cheart costéifeachtacht na mbeart sin, mar aon le hinacmhainneacht na mbeart sin d'úinéirí maoine agus do thionóntaí, a chur san áireamh, agus ba cheart tacaíocht airgeadais leordhóthanach do na bearta sin a ráthú ar leibhéal na mBallstát.

    To ensure that energy efficiency measures reduce energy poverty for tenants sustainably, the cost-effectiveness of such measures, as well as their affordability to property owners and tenants, should be taken into account, and adequate financial support for such measures should be guaranteed at Member State level.

    Treoir (AE) 2018/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena leasaítear Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  16. #1787761

    Is léir ón taithí a fuarthas gur rannchuidigh na héiceanuálaíochtaí go rathúil le costéifeachtacht Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 agus le fíorastaíochtaí CO2 a laghdú.

    Experience shows that eco-innovations have successfully contributed to the cost-effectiveness of Regulations (EC) No 443/2009 and (EU) No 510/2011 and to the reduction of real-world CO2 emissions.

    Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d'fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  17. #1838916

    D'fhonn a áirithiú go mbeidh toilleadh iomchuí stórála ann agus go mbeidh córas na hidirghabhála poiblí éifeachtúil a mhéid a bhaineann le costéifeachtacht, dáileadh agus rochtain d'oibreoirí, agus chun cáilíocht na dtáirgí sin a cheannaítear isteach faoi idirghabháil phoiblí lena ndiúscairt ag deireadh na tréimhse stórála a choinneáil, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir leis na ceanglais a bheidh le comhlíonadh ag ionaid stórála i gcás na dtáirgí uile atá faoi réir na hidirghabhála poiblí, agus rialacha áirithe a ghlacadh maidir le stóráil táirgí laistigh nó lasmuigh den Bhallstát atá freagrach astu agus as a gcóireáil maidir le dleachtanna custaim agus aon mhéideanna eile atá le deonú nó le gearradh faoi CBT.

    In order to ensure appropriate storage capacity and the efficiency of the public intervention system in terms of cost-effectiveness, distribution and access for operators, and in order to maintain the quality of products bought in under public intervention for their disposal at the end of the storage period, the power to adopt certain acts should be delegated to the Commission in respect of the requirements to be fulfilled by storage places for all products subject to public intervention, rules on the storage of products inside and outside the Member State responsible for them and their treatment as regards customs duties and any other amounts to be granted or levied under the CAP.

    NoDG-2013-02013R1308_EN-GA-DWN

  18. #1839402

    D'fhonn a áirithiú go mbeidh toilleadh iomchuí stórála ann agus go mbeidh córas na hidirghabhála poiblí éifeachtúil a mhéid a bhaineann le costéifeachtacht, dáileadh agus rochtain d'oibreoirí, agus chun cáilíocht na dtáirgí sin a cheannaítear isteach faoi idirghabháil phoiblí lena ndiúscairt ag deireadh na tréimhse stórála a choinneáil, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos:

    In order to ensure appropriate storage capacity and the efficiency of the public intervention system in terms of cost-effectiveness, distribution and access for operators, and in order to maintain the quality of products bought in under public intervention for their disposal at the end of the storage period, the Commission shall be empowered to adopt delegated acts in accordance with Article 227 laying down:

    NoDG-2013-02013R1308_EN-GA-DWN

  19. #2093076

    Déanfaidh institiúidí ábhartha an Aontais agus na Ballstáit na bearta is gá ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta faoi seach chun gur féidir an cuspóir aeráidneodrachta, a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach ar bhonn comhchoiteann, agus an tábhacht a bhaineann leis an gcothroime agus leis an dlúthpháirtíocht araon a chur chun cinn i measc na mBallstát agus costéifeachtacht i mbaint amach an chuspóra sin á gcur san áireamh.

    The relevant Union institutions and the Member States shall take the necessary measures at Union and national level, respectively, to enable the collective achievement of the climate-neutrality objective set out in paragraph 1, taking into account the importance of promoting both fairness and solidarity among Member States and cost-effectiveness in achieving this objective.

    Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na h Eorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”)

  20. #2930969

    feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó agus a áirithiú go bhfuil an tacaíocht fuinnimh a thugtar do chuideachtaí costéifeachtacht, sealadach, agus spriocdhírithe ar ghnólachtaí inmharthana, agus go bhfuil dreasachtaí le haghaidh an aistrithe ghlais ag baint léi i gcónaí;

    improve the business environment and ensure that energy support to companies is cost-effective, temporary and targeted to viable firms and that it maintains incentives for the green transition;

    Moladh ón gComhairle an 14 Iúil 2023 maidir le Clár Náisiúnta na Fraince um Athchóiriú 2023 agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta na Fraince 2023

  21. #2934102

    feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó agus a áirithiú go bhfuil an tacaíocht fuinnimh a thugtar do chuideachtaí costéifeachtacht, sealadach, agus spriocdhírithe ar ghnólachtaí inmharthana, agus go bhfuil dreasachtaí le haghaidh an aistrithe ghlais ag baint léi i gcónaí;

    improve the business environment and ensure that energy support to companies is cost-effective, temporary and targeted to viable firms and that it maintains incentives for the green transition;

    Moladh ón gComhairle an 14 Iúil 2023 maidir le Clár Náisiúnta na Portaingéile um Athchóiriú 2023 agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta na Portaingéile 2023

  22. #2936325

    Le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, is gá cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh, lena gcuirtear éifeachtúlacht fhoriomlán an chórais chomhtháite fuinnimh, slándáil soláthair agus costéifeachtacht san áireamh agus lena gcuirtear chun cinn na réitigh is éifeachtúla maidir le neodracht aeráide ar fud an tslabhra luacha iomláin, ó tháirgeadh fuinnimh, iompar líonraí go tomhaltas fuinnimh deiridh, ionas go mbainfear amach éifeachtúlachtaí i dtomhaltas fuinnimh phríomhúil agus i dtomhaltas fuinnimh deiridh araon.

    The energy efficiency first principle implies adopting a holistic approach, which takes into account the overall efficiency of the integrated energy system, security of supply and cost effectiveness and promotes the most efficient solutions for climate neutrality across the whole value chain, from energy production, network transport to final energy consumption, so that efficiencies are achieved in both primary energy consumption and final energy consumption.

    Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  23. #2936540

    Chun a áirithiú go laghdaítear bochtaineacht fuinnimh do thionóntaí ar bhonn inbhuanaithe le bearta éifeachtúlachta fuinnimh, ba cheart costéifeachtacht na mbeart sin, mar aon le hinacmhainneacht na mbeart sin d'úinéirí maoine agus do thionóntaí, a chur san áireamh, agus ba cheart tacaíocht airgeadais agus theicniúil leordhóthanach do na bearta sin a ráthú ar leibhéal na mBallstát.

    To ensure that energy efficiency measures reduce energy poverty for tenants sustainably, the cost-effectiveness of such measures, as well as their affordability to property owners and tenants, should be taken into account, and adequate financial and technical support for such measures should be guaranteed at Member State level.

    Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  24. #3133334

    Chun costéifeachtacht seiceálacha den sórt sin a áirithiú, ba cheart incháilitheacht chun iarratas a dhéanamh ar ligean isteach chuig na ceantanna a thabhairt do chatagóirí rannpháirtithe atá in-sainaitheanta go héasca agus dea-shainithe, amhail oibreoirí suiteálacha do-aistrithe, oibreoirí aerárthaí, cuideachtaí loingseoireachta agus eintitis rialáilte a chumhdaítear leis an gcóras trádála astaíochtaí, chomh maith le heintitis rialáilte airgeadais amhail gnólachtaí infheistíochta agus institiúidí creidmheasa.

    To ensure the cost-effectiveness of such checks, eligibility to apply for admission to the auctions should be given to easily identifiable, well-defined categories of participants, notably operators of stationary installations, aircraft operators, shipping companies and regulated entities covered by the emissions trading system, as well as regulated financial entities such as investment firms and credit institutions.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2830 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2023 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha a leagan síos maidir le huainiú, riarachán agus gnéithe eile a bhaineann le ceantáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa

  25. #3236590

    I gcomhthéacs riachtanais phráinneacha mhaoiniúcháin na hÚcráine, is iomchuí cúnamh airgeadais a eagrú faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe dá bhforáiltear in Airteagal 220a de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus é a bhunú mar mhodh cistiúcháin aonair ansin, rud a mheastar go gcuirfidh sé feabhas ar leachtacht bhannaí an Aontais agus ar tharraingteacht agus costéifeachtacht eisiúint an Aontais.

    In the context of Ukraine’s urgent financing needs, it is appropriate to organise financial assistance under the diversified funding strategy provided for in Article 220a of Regulation (EU, Euratom) 2018/1046 and established as a single funding method therein, which is expected to enhance the liquidity of Union bonds and the attractiveness and cost-effectiveness of Union issuance.

    Rialachán(AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin

  26. #2093047

    Agus na bearta ábhartha á ndéanamh acu ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun an cuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún, inter alia, an méid seo a leanas a chur san áireamh: rannchuidiú an aistrithe chuig an aeráidneodracht leis an tsláinte phoiblí, cáilíocht an chomhshaoil, folláine agus sláinte na saoránach, rathúnas na sochaí, fostaíocht agus iomaíochas an gheilleagair; an t-aistriú fuinnimh, an tslándáil fuinnimh neartaithe agus an bhochtaineacht fuinnimh a chomhrac; slándáil bia agus inacmhainneacht bia; córais iompair agus soghluaisteachta atá inbhuanaithe agus cliste a fhorbairt; cothroime agus dlúthpháirtíocht ar fud na mBallstát agus laistigh díobh i bhfianaise a gcumais eacnamaíoch, a n-imthosca náisiúnta, amhail sainiúlachtaí na n-oileán, agus an ghá atá le cóineasú le himeacht ama; an gá leis an aistriú a dhéanamh ceart agus cothrom ó thaobh na sochaí de trí chláir oideachais agus oiliúna iomchuí; an fhianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil agus is déanaí, go háirithe na torthaí arna dtuairisciú ag IPCC; an gá atá le rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide a chomhtháthú i gcinntí maidir le hinfheistíocht agus pleanáil; costéifeachtacht agus neodracht na teicneolaíochta ó thaobh laghduithe agus aistrithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach agus athléimneacht a mhéadú; agus dul chun cinn le himeacht ama maidir le sláine agus an leibhéal uaillmhéine.

    In taking the relevant measures at Union and national level to achieve the climate-neutrality objective, Member States and the European Parliament, the Council and the Commission should, inter alia, take into account: the contribution of the transition to climate neutrality to public health, the quality of the environment, the well-being of citizens, the prosperity of society, employment and the competitiveness of the economy; the energy transition, strengthened energy security and the tackling of energy poverty; food security and affordability; the development of sustainable and smart mobility and transport systems; fairness and solidarity across and within Member States, in light of their economic capability, national circumstances, such as the specificities of islands, and the need for convergence over time; the need to make the transition just and socially fair through appropriate education and training programmes; best available and most recent scientific evidence, in particular the findings reported by the IPCC; the need to integrate climate change related risks into investment and planning decisions; cost-effectiveness and technological neutrality in achieving greenhouse gas emission reductions and removals and increasing resilience; and progression over time in environmental integrity and level of ambition.

    Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na h Eorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”)