#1182014
—(1) Nuair a ghnóthófar breithiúnas in aghaidh cuideachta agus go ndéanfar ina dhiaidh sin den bhreithiúnas sin morgáiste breithiúnais a bhainfidh le haon mhaoin de chuid na cuideachta, cuirfidh an creidiúnaí breithiúnais faoi deara go ndéanfar 2 chóip (agus iad deimhnithe mar chóipeanna cearta ag Clárlann na Talmhan nó ag Clárlann na nGníomhas, cibé acu é) den mhionnscríbhinn is gá chun go gclárófar an breithiúnas mar mhorgáiste a sheachadadh don chuideachta laistigh de 21 lá tar éis dáta an chláraithe sin, agus déanfaidh an chuideachta, laistigh de 3 lá tar éis na cóipeanna sin a fháil, ceann de na cóipeanna sin a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú mar a cheanglaítear leis an Acht seo.
—(1) When judgment is recovered against a company and such judgment is subsequently converted into a judgment mortgage affecting any property of the company, the judgment creditor shall cause 2 copies (certified by the Land Registry or the Registry of Deeds, as the case may be, to be correct copies) of the affidavit required for the purpose of registering the judgment as a mortgage to be delivered to the company within 21 days after the date of such registration, and the company shall within 3 days of receipt of such copies deliver one of such copies to the registrar of companies for registration in manner required by this Act.