#849648
—(1) Déanfar diúité custum do réir scilling an céad meáchaint d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc ar an min bhuidhe go léir (maraon le cruithneacht Indiathach bhrúighte, cruithneacht Indiathach bhriste, cruithneacht Indiathach gharbhmheilte, cruithneacht Indiathach ghráinnithe, cruithneacht Indiathach ina calóga, agus cruithneacht Indiathach rollaithe) a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann, agus ar na hearraí uile gurbh é is mó atá ionta no gurb é abhar is mó dá ndearnadh iad, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ná min bhuidhe, cruithneacht Indiathach bhrúighte, cruithneacht Indiathach bhriste, cruithneacht Indiathach gharbh-mheilte, cruithneacht Indiathach ghráinnithe, cruithneacht Indiathach ina calóga, no cruithneacht Indiathach rollaithe agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann, an 30adh lá d'Abrán, 1932, no dá éis sin.
—(1) A duty of customs at the rate of one shilling the hundredweight shall be charged, levied and paid on all maize meal (including crushed maize, broken maize, kibbled maize, granulated maize, flaked maize, and rolled maize) and all goods which, in the opinion of the Revenue Commissioners, are mainly composed of or made from maize meal, crushed maize, broken maize, kibbled maize, granulated maize, flaked maize, or rolled maize imported into Saorstát Eireann on or after the 30th day of April, 1932.