#2629124
D. de bhrí gurb é EUR 486000000 ranníocaíocht uasta airgeadais an Aontais leis an gComhghnóthas (lena n-áirítear leithreasuithe CSTE) faoi Rialachán (AE) 2018/1488, arb é atá inti uasmhéid EUR 386000000 ó Fhís 2020, lena n-áirítear EUR 10000000 ar a laghad le haghaidh costais riaracháin, agus uasmhéid EUR 100000000 ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa; de bhrí go ndéanfaidh na Stáit Rannpháirteacha ranníocaíocht EUR 10000000 ar a laghad le costais riaracháin an Chomhghnóthais agus, ina theannta sin, go ndéanfaidh siad ranníocaíocht le costais oibriúcháin an Chomhghnóthais, ar ranníocaíocht í atá i gcomhréir le ranníocaíocht airgeadais an Aontais (EUR 486000000); de bhrí go bhfuil sé beartaithe go ndéanfaidh na Stáit Rannpháirteacha ranníocaíocht EUR 476000000 ar a laghad le costais oibriúcháin an Chomhghnóthais; de bhrí go ndéanfaidh na comhaltaí príobháideacha ranníocaíochtaí EUR 422000000 ar a laghad leis an gComhghnóthas, lena n-áirítear EUR 2000000 le haghaidh costais riaracháin, nó go socróidh siad go ndéanfaidh a gcomheintitis agus a n-eintitis chleamhnaithe na ranníocaíochtaí sin; de bhrí, faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020, go ndéanfar tús-ualú ar ranníocaíocht an Aontais le costais riaracháin chun costais oibriúcháin a chumhdach go dtí 2023, agus go dtí 2023 amháin; de bhrí go gcumhdóidh na Stáit Rannpháirteacha agus na comhaltaí príobháideacha costais riaracháin an Chomhghnóthais ina n-iomláine ó 2024 amach;
D. whereas the maximum Union financial contribution to the Joint Undertaking under Regulation (EU) 2018/1488, including EFTA appropriations, is EUR 486000000, comprising a maximum of EUR 386000000 from Horizon 2020, including at least EUR 10000000 for administrative costs, and a maximum of EUR 100000000 from the Connecting Europe Facility; whereas the Participating States is to make a contribution to the administrative costs of the Joint Undertaking of at least EUR 10000000 and, in addition, is to make a contribution to the operational costs of the Joint Undertaking that is commensurate with the Union’s financial contribution (EUR 486000000); whereas a contribution of at least EUR 476000000 by the Participating States to the operational costs of the Joint Undertaking is envisaged; whereas the private Members are to make or arrange for their constituent entities and affiliated entities to make contributions of at least EUR 422000000 to the Joint Undertaking, including EUR 2000000 for administrative costs; whereas under the multiannual financial framework for the years 2014-2020 a contribution to the administrative costs by the Union is to be front loaded to cover running costs only until 2023; whereas the Participating States and the private Members shall cover the administrative costs of the Joint Undertaking in full from 2024;