Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

5 thoradh in 4 dhoiciméad

  1. #1811127

    ciallaíonn “deis iascaireachta” teidlíocht dhlíthiúil chainníochtaithe iascaireachta, arna sloinneadh i dtéarmaí gabhálacha nó iarracht iascaireachta;

    ‘fishing opportunity’ means a quantified legal entitlement to fish, expressed in terms of catches or fishing effort;

    Rialachán (AE) 2019/1154 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don cholgán Meánmhuirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

  2. #1835933

    I gcás nach ndéantar aon mholadh de cheal faisnéise leordhóthanaí maidir le stoic nó speicis, níor cheart aon deis iascaireachta a leithdháileadh.

    In the case of advice being absent for lack of sufficient information about stocks or species, no fishing opportunities should be allocated.

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear coinníollacha sonracha maidir le stoic dhomhainfharraige a iascach san Atlantach Thoir Thuaidh agus forálacha maidir le hiascaireacht i bhfarraigí idirnáisiúnta an Atlantaigh Thoir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002

  3. #1678357

    Ós rud é gur ó bhuiséad ginearálta an Aontais, den chuid is mó, a mhaoinítear na costais rochtana atá leagtha amach sna SFPAnna, tá sé tábhachtach córas sealadach um ath-leithdháileadh agus um fo-leithdháileadh a bheith ann le go bhféadfar leasanna airgeadais an Aontais a chaomhnú agus chun a áirithiú nach gcuirtear amú aon deis iascaireachta ar íocadh as.

    Since the access costs set out in the SFPAs are financed for a large part by the Union general budget, a temporary reallocation and sub-allocation system is important to preserve Union financial interests and ensure that no fishing opportunity which has been paid for is wasted.

    Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle

  4. #1835995

    i gcás nach n-aithnítear, ar bhonn na faisnéise eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil, rátaí saothraithe a fhreagraíonn do chur chuige an réamhchúraim maidir le bainistiú iascaigh de cheal sonraí leordhóthanacha maidir le stoc nó speiceas áirithe, ní fhéadfar aon deis iascaireachta a leithdháileadh i leith na n‑iascach i gceist.

    where the best scientific information available does not identify exploitation rates corresponding to the precautionary approach to fisheries management due to lack of sufficient data concerning a certain stock or species, no fishing opportunities may be allocated for the fisheries concerned.

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear coinníollacha sonracha maidir le stoic dhomhainfharraige a iascach san Atlantach Thoir Thuaidh agus forálacha maidir le hiascaireacht i bhfarraigí idirnáisiúnta an Atlantaigh Thoir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002

  5. #2568328

    cóip den chomhaontú um chairtfhostú agus aon údarú nó ceadúnas iascaireachta a d’eisigh sé don soitheach, lena n-áirítear an chionroinnt cuóta nó an deis iascaireachta a sannadh don soitheach, agus fad an tsocraithe maidir le cairtfhostú;

    a copy of the chartering agreement and any fishing authorisation or licence it has issued to the vessel, including the quota allocation or fishing possibility assigned to the vessel, and the duration of the chartering arrangement;

    Rialachán (AE) 2022/2343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i Réimse Inniúlachta an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC), lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (CE) Uimh. 1984/2003 agus (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle