#2565397
Fachtóir fuinnimh phríomhúil náisiúnta maidir le leictreachas (uimhir)
National primary energy factor for electricity (number)
Fachtóir fuinnimh phríomhúil náisiúnta maidir le leictreachas (uimhir)
National primary energy factor for electricity (number)
Dála teorainneacha córais, is é 1 an fachtóir fuinnimh phríomhúil do na foinsí fuinnimh go léir.
As for system boundaries, the primary energy factor is 1 for all energy sources.
Beidh fachtóir fuinnimh phríomhúil infheidhme nuair a dhéantar coigilteas fuinnimh a ríomh i dtéarmaí fuinnimh phríomhúil trí úsáid a bhaint as cur chuige ón mbun aníos bunaithe ar thomhaltas fuinnimh deiridh.
A primary energy factor shall be applicable when energy savings are calculated in primary energy terms using a bottom-up approach based on final energy consumption.
Ba cheart an fachtóir fuinnimh phríomhúil sin a chur i bhfeidhm nuair a dhéantar comparáid idir an tomhaltas fuinnimh le haghaidh triomadóirí rothlaim leictreacha agus triomadóirí rothlaim gásadhainte.
This primary energy factor should be applied when comparing the energy consumption for electric and gas-fired tumble dryers.
Chun an chobhsaíocht agus an intuarthacht a áirithiú ó chur i bhfeidhm na modheolaíochta le haghaidh earnáil an fhuaraithe, ba cheart luachanna tairsí ísle agus arda SPF a ríomhfar ina dtéarmaí fuinnimh phríomhúil a shocrú trí úsáid a bhaint as an gcomhéifeacht réamhshocraithe, ar a dtugtar fachtóir fuinnimh phríomhúil freisin, mar a leagtar amach i dTreoir 2012/27/AE.
To ensure stability and predictability from the application of the methodology for the cooling sector, the low and high threshold SPF values calculated in primary energy terms should be set using the default coefficient, also called primary energy factor, as set in Directive 2012/27/EU.
Sainmhínítear SPFp mar a thuairiscítear i Rialachán (AE) 2016/2281 ón gCoimisiún agus i Rialachán (AE) Uimh. 206/2012 ón gCoimisiún, ach amháin gur nuashonraíodh an fachtóir fuinnimh phríomhúil réamhshocraithe le haghaidh an leictreachais go 2.1 i dTreoir 2012/27/AE (arna leasú le Treoir (AE) 2018/2002) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Úsáidfear coinníollacha teorann ó chaighdeán EN14511.
The SPFp is defined as described in Commission Regulation (EU) 2016/2281 and Commission Regulation (EU) No 206/2012, except that the default primary energy factor for electricity has been updated to 2.1 in Directive 2012/27/EU (as amended by Directive (EU) 2018/2002) of the European Parliament and of the Council.
Déanfar an fachtóir fuinnimh phríomhúil i Rialachán (AE) 2016/2281 a ríomh mar 1/η, i gcás inarb é η an meánchóimheas idir olltáirgeadh iomlán an leictreachais in aghaidh an tomhaltais fuinnimh phríomhúil le haghaidh táirgeadh leictreachais san Aontas ina iomláine.
The primary energy factor in Regulation (EU) 2016/2281 shall be calculated as 1/η, where η is the average ratio of total gross production of electricity to the primary energy consumption for electricity production in the whole EU.
Leis an leasú ar an bhfachtóir fuinnimh phríomhúil réamhshocraithe le haghaidh an leictreachais, dá ngairtear comhéifeacht i bpointe (1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2002 lena leasaítear fonóta (3) in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2012/27/AE, déanfar fachtóir fuinnimh phríomhúil 2.5 i Rialachán (AE) 2016/2281 a ionadú le 2.1 agus luachanna SPF á ríomh.
With the amendment of the default primary energy factor for electricity, called coefficient in point (1) of the Annex to Directive (EU) 2018/2002 amending footnote (3) in Annex IV of Directive 2012/27/EU, the primary energy factor of 2.5 in Regulation (EU) 2016/2281 shall be replaced by 2.1 when calculating the SPF values.
An fachtóir fuinnimh phríomhúil náisiúnta a cuireadh i bhfeidhm don leictreachas agus bonn cirt má tá sé sin éagsúil leis an gcomhéifeacht réamhshocraithe dá dtagraítear i bhfonóta (3) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2012/27/AE
Applied national primary energy factor for electricity and a justification, if this is different from the default coefficient referred to in footnote (3) of Annex IV to Directive 2012/27/EU
Is é meánluachanna 2024 agus 2025 an chomhéifeacht a roghnaítear don phríomhfhachtóir fuinnimh le haghaidh leictreachais, ós rud é go soláthrófar, le fachtóir fuinnimh phríomhúil réamhbhreathnaitheach, táscaire níos iomchuí ná mar a sholáthrófaí le ceann stairiúil.
The selected coefficient for the primary energy factor for electricity is the average of 2024 and 2025 values, since a forward-looking primary energy factor will provide a more appropriate indicator than a historical one.