#1726313
I measc na samplaí sonracha sonraí neamhphearsanta tá tacair sonraí chomhiomlána agus anaithnidithe a úsáidtear d'anailísíocht mórshonraí, sonraí maidir le feirmeoireacht bheacht, ar sonraí iad ar féidir leo cabhrú faireachán a dhéanamh ar úsáid lotnaidicídí agus uisce agus barrfeabhais a chur uirthi, nó sonraí maidir le riachtanais chothabhála do mheaisíní tionsclaíocha.
Specific examples of non-personal data include aggregate and anonymised datasets used for big data analytics, data on precision farming that can help to monitor and optimise the use of pesticides and water, or data on maintenance needs for industrial machines.