#2294815
Cinneadh gan fiosrúchán comhréireachta a thosú nó a shaothrú
Decision not to start or pursue a conformity inquiry
Cinneadh gan fiosrúchán comhréireachta a thosú nó a shaothrú
Decision not to start or pursue a conformity inquiry
Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh gan fiosrúchán comhréireachta a thosú nó a shaothrú i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116 i gcás ina measann sé nár mhó an ceartú airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar an neamhchomhlíontacht arna sainaithint de thoradh fiosrúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2) den Rialachán seo ná EUR 50000 agus 2 % den chaiteachas ábhartha nó de na méideanna le haisghabháil.
The Commission may decide not to start or pursue a conformity inquiry in accordance with Article 55 of Regulation (EU) 2021/2116 where it expects that the possible financial correction, for the non-compliance identified as a result of an inquiry referred to in Article 37(2) of this Regulation, would not exceed EUR 50000 and 2 % of the relevant expenditure or the amounts to be recovered.
I gcás ina laghdaíonn an Coimisiún na híocaíochtaí míosúla i gcomhréir le hAirteagal 39(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2021/2116, féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh gan tús a chur le fiosrúchán comhréireachta ná é a shaothrú i gcomhréir le hAirteagal 55 den Rialachán sin, ar choinníoll nár léirigh an Ballstát lena mbaineann a agóid in aghaidh chur i bhfeidhm na míre sin faoi chuimsiú an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 39(1) agus (2) den Rialachán sin.
Where the Commission reduces the monthly payments in accordance with Article 39(1) and (2) of Regulation (EU) 2021/2116, it may decide not to start or pursue a conformity inquiry in accordance with Article 55 of that Regulation, provided that the Member State concerned has not expressed its objection to the application of this paragraph in the framework of the procedure provided for in Article 39(1) and (2) of that Regulation.