Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

5 thoradh in 4 dhoiciméad

  1. #350361

    Seisear comhaltaí agus seisear malartach a bheidh ar an mBord Achomhairc, arna roghnú as foireann shinsearach reatha nó iar-fhoireann shinsearach na n-údarás rialála náisiúnta, na n-údarás iomaíochta nó na n-institiúidí eile náisiúnta nó Comhphobail a bhfuil taithí chuí in earnáil an fhuinnimh acu.

    The Board of Appeal shall comprise six members and six alternates selected from among current or former senior staff of the national regulatory authorities, competition authorities or other national or Community institutions with relevant experience in the energy sector.

    Rialachán (CE) Uimh. 9991/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh

  2. #1660720

    Ba cheart gur comhordaitheoirí a cheapfar as measc foireann shinsearach an Bhoird a bheidh i gceannas ar na foirne réitigh inmheánaigh sin, a bhféadfaí cuireadh a thabhairt dóibh mar bhreathnóirí chun páirt a ghlacadh i seisiúin feidhmiúcháin an Bhoird.

    Those internal resolution teams should be headed by coordinators appointed from the Board's senior staff, who might be invited as observers to participate in the executive sessions of the Board.

    Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010

  3. #1802620

    Seisear comhaltaí agus seisear comhaltaí malartacha a bheidh ar an mBord Achomhairc, arna roghnú as foireann shinsearach reatha nó iar-fhoireann shinsearach na n-údarás rialála náisiúnta, na n-údarás iomaíochta nó na n-institiúidí Aontais nó náisiúnta eile a bhfuil taithí ábhartha in earnáil an fhuinnimh acu.

    The Board of Appeal shall be composed of six members and six alternates selected from among current or former senior staff of the regulatory authorities, competition authorities or other Union or national institutions with relevant experience in the energy sector.

    Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  4. #2732428

    Mar chuid den sainordú bainistithe sócmhainní, is gnách go gceanglaítear, nó go mbítear ag súil leis, go ndéanfaidh bainisteoirí punainne agus foireann shinsearach na mbainisteoirí sócmhainní comhinfheistíocht sa chiste céanna a bhainistíonn siad.

    As part of the asset management mandate, portfolio managers and senior staff of the asset managers are typically required or expected to co-invest in the same fund that they manage.

    Rialachán (AE) 2023/606 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/760 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais a bhaineann le beartais infheistíochta agus coinníollacha oibriúcháin cistí infheistíochta fadtéarmacha Eorpacha agus a mhéid a bhaineann le raon feidhme sócmhainní infheistíochta incháilithe, na ceanglais maidir le comhdhéanamh agus éagsúlú punainne, agus iasachtaíocht airgid thirim agus rialacha ciste eile (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  5. #2732432

    Mar sin féin, is cleachtas margaidh bunaithe é, maidir le foireann bhainisteoir ELTIF agus foireann na n-eintiteas cleamhnaithe eile ar leis an ngrúpa céanna iad, eintitis a dhéanann comhinfheistíocht in éineacht le bainisteoir ELTIF, lena n-áirítear bainisteoirí punainne agus foireann shinsearach atá freagrach as príomhchinntí airgeadais agus oibríochtúla bhainisteoir ELTIF, gur minic a cheanglaítear, nó a bhítear ag súil leis, mar gheall ar chineál an tsainordaithe bainistithe sócmhainní, go ndéanfaidh siad comhinfheistíocht sa chiste céanna nó sa tsócmhainn chéanna chun dreasachtaí airgeadais na foirne sin agus na n-infheisteoirí a ailíniú.

    It is, however, established market practice that the staff of the manager of an ELTIF and of other affiliate entities that belong to the same group, which co-invest alongside the manager of the ELTIF, including the portfolio managers and senior staff responsible for the key financial and operational decisions of the manager of the ELTIF, are often required or expected due to the nature of the asset management mandate to co-invest in the same fund or the same asset in order to promote the alignment of financial incentives of those staff and the investors.

    Rialachán (AE) 2023/606 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/760 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais a bhaineann le beartais infheistíochta agus coinníollacha oibriúcháin cistí infheistíochta fadtéarmacha Eorpacha agus a mhéid a bhaineann le raon feidhme sócmhainní infheistíochta incháilithe, na ceanglais maidir le comhdhéanamh agus éagsúlú punainne, agus iasachtaíocht airgid thirim agus rialacha ciste eile (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)