Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

6 thoradh i ndoiciméad amháin

  1. #1659390

    ciallaíonn “grúpa trasteoranngrúpa ag a bhfuil eintitis amhail dá dtagraítear in Airteagal 2 atá bunaithe i mBallstát amháin nó níos mó;

    ‘cross-border group’ means a group that has entities as referred to in Article 2 established in more than one participating Member State;

    Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010

  2. #1659099

    Agus grúpa trasteorann á phlé, ba cheart fios a chur ar na baill arna gceapadh ag an mBallstát baile agus ag gach Ballstát aíochta lena mbaineann a dhéanann ionadaíocht ar na húdaráis réitigh náisiúnta ábhartha agus ról a thabhairt dóibh i bpróiseas cinnteoireachta sheisiúin feidhmiúcháin an Bhoird.

    When deliberating on a cross-border group, the members appointed by the home and all host Member States concerned representing the relevant national resolution authorities should be convened and involved in the decision-making process of the executive session of the Board.

    Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010

  3. #1659435

    I gcás, de bhun an Rialacháin seo, ina ndéanann an Bord cúraimí agus cumhachtaí a fheidhmiú atá le feidhmiú, de réir Threoir 2014/59/AE ag údarás réitigh náisiúnta, measfar, d'fhonn an Rialachán seo agus Treoir 2014/59/AE a chur i bhfeidhm, gurb é an Bord an t-údarás réitigh náisiúnta ábhartha nó, i gcás ina mbeidh réiteach grúpa trasteorann ann, an t-údarás ábhartha réitigh ar leibhéal grúpa.

    Where, pursuant to this Regulation, the Board performs tasks and exercises powers, which, pursuant to Directive 2014/59/EU are to be performed or exercised by the national resolution authority, the Board shall, for the application of this Regulation and of Directive 2014/59/EU, be considered to be the relevant national resolution authority or, in the event of cross-border group resolution, the relevant group-level resolution authority.

    Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010

  4. #1660294

    Agus grúpa trasteorann á bhreithniú, glacfaidh an comhalta atá ceaptha ag an mBallstát ina bhfuil an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal lonnaithe, chomh maith leis na comhaltaí atá ceaptha ag na Ballstáit ina bhfuil fochuideachta nó eintiteas bunaithe atá cumhdaithe ag maoirseacht chomhdhlúite, páirt freisin sa phróiseas cinnteoireachta, agus beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos in Airteagal 55(2).

    When deliberating on a cross-border group, the member appointed by the Member State in which the group-level resolution authority is situated, as well as the members appointed by the Member States in which a subsidiary or entity covered by consolidated supervision is established, shall also participate in the decision-making process, and the rules laid down in Article 55(2) shall apply.

    Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010

  5. #1660310

    Más rud é agus grúpa trasteorann á bhreithniú, nach féidir leis na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 53(1) agus (4) teacht ar chomhaontú comhpháirteach trí chomhthoil laistigh den spriocam arna leagan síos ag an gCathaoirleach, glacfaidh an Cathaoirleach agus a chomhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(b) cinneadh trí thromlach simplí.

    When deliberating on a cross-border group, if all members referred to in Article 53(1) and (4) are not able to reach a joint agreement by consensus within a deadline set by the Chair, the Chair and the members referred to in Article 43(1)(b) shall take a decision by a simple majority.

    Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010

  6. #1660829

    Cé go dtugann sí cúraimí rialála agus idirghabhála don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (“ÚBE”), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [6], ní chuireann Treoir 2014/59/EU cosc iomlán ar na Ballstáit cinntí a dhéanamh ar bhonn leithligh agus ar bhealach a d'fhéadfadh a bheith neamhréireach maidir le réiteach grúpa trasteorann a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do chostais iomlána réitigh.

    Although it confers regulatory and mediation tasks on the European Supervisory Authority (European Banking Authority) (‘EBA’), established by Regulation (EU) No 1093/2010 of the European Parliament and of the Council [6], Directive 2014/59/EU does not completely avoid the taking of separate and potentially inconsistent decisions by Member States regarding the resolution of cross-border groups which may affect the overall costs of resolution.