#2626391
á athdhearbhú go gcuireann aon iompar mí-eiticiúil a dhéanann foireann agus baill institiúidí agus comhlachtaí an Aontais bac ar bhainistiú fónta chistí an Aontais agus go mbíonn tionchar diúltach aige ar mhuinín na saoránach as an Aontas ina iomláine; ag tabhairt dá haire, agus is cúis imní di, cé go bhfuil athbhreithniú forleathan ar an gcreat eiticiúil inmheánach, a bhí ag teastáil go géar, á dhéanamh i láthair na huaire, nach féidir a shéanadh go bhfuil sárú tromchúiseach ar dhualgas cúraim an Choiste i leith a bhaill foirne á dhéanamh le rófhada anuas, rud a chruthaíonn cultúr ar cúis aiféala é lena gcreidtear go mbeifear saor ó phionós agus gur féidir ciapadh a dhéanamh, mar thoradh ar stíleanna náireacha bainistíochta, a léirítear, i measc nithe eile, leis na hiarrataí athfhillteacha a rinneadh ar chúnamh agus ar chásanna a tuairiscíodh do OLAF; á chur in iúl gurb oth léi gur tugadh neamhaird go comhsheasmhach ar a cuid iarrataí soiléire go ndéanfaí gníomhaíocht inmheánach chuntasachta agus á áitiú gur gá imscrúdú seachtrach agus neamhspleách a dhéanamh chun freagracht ghrádlathas riaracháin an Choiste a chinneadh agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 22 de na Rialacháin Foirne a chur i bhfeidhm; á iarraidh go ndéanfaí imscrúdú seachtrach chun athbhreithniú a dhéanamh ar nósanna imeachta acmhainní daonna an Choiste agus ar a éifeachtaí atá siad agus béim ar leith á cur ar aghaidh a thabhairt ar líomhaintí ciaptha agus ar dhea-bhail na foirne a áirithiú;
Reiterates that any unethical behaviour by staff and members of the Union institutions and bodies hinders the sound management of the Union’s funds and negatively impacts citizens’ trust in the Union as a whole; observes with concern that, while a far-reaching overdue revision of the internal ethical framework is in process, it is undeniable that a serious breach of the Committee’s duty of care towards its members of staff has persisted for too long, creating a regrettable culture of impunity and harassment as a result of reprehensible managerial styles, illustrated by, among other elements, the recurrent emergence of requests for assistance and cases reported to OLAF; regrets that its unambiguous calls for an internal exercise of accountability have been consistently ignored and insists on the need for an external and independent investigation to determine the responsibility of the administrative hierarchy of the Committee; and, where applicable, apply Article 22 of the Staff Regulations; requests an external investigation to review the Committee’s HR procedures and effectiveness thereof with a focus on addressing harassment claims and ensuring the well-being of staff;