Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

1 toradh i ndoiciméad amháin

  1. #2626767

    á chur in iúl gur geal léi an iliomad gníomhaíochtaí a sheol SEGS chun an chothromaíocht inscne a bhaint amach, mar aon le timpeallacht oibre atá oscailte agus cuimsitheach a chruthú, chun dálaí oibre atá dírithe ar thorthaí agus atá solúbtha a chomhtháthú lena n-ionchorpraítear cothromaíocht oibre is saoil; á chur in iúl gur díol sásaimh di gníomhaíochtaí sonracha amhail iarratasóirí ar mná iad a chur chun cinn go gníomhach do gach post bainistíochta, ionadaíocht éigeantach ar an dá inscne ar na painéal earcaíochta mar aon le hoiliúint maidir le claontacht neamh-chomhfhiosach do chomhaltaí na bpainéal earcaíochta sin, comhordú feabhsaithe leis na Ballstáit chun níos mó iarrthóirí ar mná iad a spreagadh chun cur isteach ar phoist agus chun tacú le céilí atá ag iarraidh fostaíocht a fháil i dtríú tíortha; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil iniúchadh inscne ar siúl go leanúnach chun príomhshruthú inscne a fheabhsú tuilleadh, agus á iarraidh ar SEGS tuairisc a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa faoi na moltaí agus faoin obair leantach a bhaineann leis an iniúchadh chun ceannaireacht láidir a fhreagraíonn do chúrsaí inscne a chur chun cinn;

    Welcomes the many actions launched by the EEAS to reach gender balance, as well as to create an open and inclusive working environment, to integrate result-oriented and flexible working conditions incorporating work-life balance; welcomes specific actions such as the active encouragement of female applicants for all managerial positions, mandatory presence of both genders together with training on unconscious bias for members of recruitment panels, enhanced coordination with Member States to encourage more female candidates to apply for posts and support spouses seeking to find employment in third countries; applauds that, to further improve gender mainstreaming, a gender auditing of internal policies is ongoing, and asks the EEAS to report to Parliament about the recommendations and follow up of that audit, in order to promote a strong gender-responsive leadership;

    Rún (AE) 2022/1712 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn X — an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí