Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

9 dtoradh in 6 dhoiciméad

  1. #2800853

    ciallaíonn ‘pointe tagartha’ an dáileog a dhíorthaítear ó shonraí turgnamhacha agus a úsáidtear i measúnú riosca chun leibhéal sábháilte a bhunú (e.g. iontógáil laethúil inghlactha) nó chun féachaint ar ábhair imní maidir le sábháilteacht trí chorrlach teagmhála a ríomh sa chás nach iomchuí leibhéal sábháilte a bhunú nó nach féidir leibhéal sábháilte a bhunú leis na sonraí atá ar fáil;

    ‘reference point’ means the dose derived from experimental data that is used in risk assessment to establish a safe level (e.g. an acceptable daily intake) or to explore safety concerns by calculating the margin of exposure in case it is not appropriate to establish a safe level or the available data do not allow to establish a safe level;

    Moladh (AE) 2023/965 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2023 maidir leis an modheolaíocht chun faireachán a dhéanamh ar iontógáil breiseán bia agus blastán bia

  2. #2069739

    Chuir an tÚdarás in iúl nach bhféadfadh aon leibhéal sábháilte den tsubstaint ghníomhach sóidiam lasalaicid A a shainaithint i gcás na spriocspeiceas nuair a chuirtear le beatha í.

    The Authority indicated that no safe level of the active substance lasalocid A sodium, when added to feed, could be identified for the target species.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/932 ón gCoimisiún an 9 Meitheamh 2021 lena gcuirtear ar fionraí údarú sóidiam lasalaicid A (Avatec 15 % cc) agus sóidiam lasalaicid A (Avatec 150 G) mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú agus le haghaidh béaróg (sealbhóir an údaraithe Zoetis Belgium S.A.) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  3. #2151957

    Chinn an tÚdarás, áfach, go bhfuil torthaí triomaithe de Synsepalum dulcificum sábháilte do dhaoine fásta nuair a chuirtear le forbhianna iad de réir uasdáileog laethúil 0,7 g/lá, méid a fhreagraíonn don leibhéal sábháilte iontógála do dhuine fásta dar gnáthmheáchan coirp 70 kg.

    However, the Authority concluded that dried fruits of Synsepalum dulcificum is safe for adults when added to food supplements at a maximum daily dose of 0,7 g/day which corresponds to the safe level of intake for an adult person with a default body weight of 70 kg.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1974 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2021 lena n-údaraítear torthaí triomaithe de Synsepalum dulcificum a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  4. #2268333

    Níor cheart feidhm a bheith ag na ceanglais maidir le híoslaghdú nochta a leagtar síos i dTreoir 2004/37/CE ach amháin maidir leis na substaintí sin atá tocsaineach don atáirgeadh nach féidir leibhéal sábháilte nochta a shainaithint ina leith agus a shainaithnítear mar “shubstaintí neamhthairsí” sa cholún nodaireachta d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE.

    The exposure minimisation requirements laid down in Directive 2004/37/EC should apply only to reprotoxic substances for which it is not possible to identify a safe level of exposure and which are identified as ‘non-threshold’ in the notation column of the Annex III to Directive 2004/37/EC.

    Treoir (AE) 2022/431 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair

  5. #2268404

    (bb) ciallaíonn ‘substaint neamhthairsí atá tocsaineach don atáirgeadh’ substaint atá tocsaineach don atáirgeadh nach ann do leibhéal sábháilte nochta ó thaobh sláinte oibrithe ina leith agus a shainaithnítear amhlaidh sa cholún nodaireachta d’Iarscríbhinn III;

    (bb) “non-threshold reprotoxic substance” means a reprotoxic substance to which there is no safe level of exposure for workers’ health and which is identified as such in the notation column of Annex III;

    Treoir (AE) 2022/431 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair

  6. #2268405

    (bc) ciallaíonn ‘substaint tairsí atá tocsaineach don atáirgeadh’ substaint atá tocsaineach don atáirgeadh arb ann do leibhéal sábháilte nochta ina leith agus nach ann d’aon riosca do shláinte oibrithe faoi bhun an leibhéil sin agus a shainaithnítear amhlaidh sa cholún nodaireachta d’Iarscríbhinn III”;

    (bc) “threshold reprotoxic substance” means a reprotoxic substance for which a safe level of exposure exists below which there is no risk to workers’ health and which is identified as such in the notation column of Annex III;’;

    Treoir (AE) 2022/431 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair

  7. #2268427

    I gcás den sórt sin, agus an measúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 3 á dhéanamh, cuirfidh an fostóir san áireamh go cuí go bhféadfadh sé nach mbeadh ann do leibhéal sábháilte nochta ó thaobh sláinte oibrithe i gcás substaint den sórt sin atá tocsaineach don atáirgeadh agus leagfaidh sé síos bearta iomchuí i ndáil leis sin.

    In such a case, when carrying out the risk assessment referred to in Article 3, the employer shall duly take into account the possibility that a safe level of exposure for workers’ health for such a reprotoxic substance might not exist and shall lay down appropriate measures in that regard.

    Treoir (AE) 2022/431 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair

  8. #2349390

    A mhéid a bhaineann le hoibrithe a chosaint, níl aon teorainnluach táscach nochta ceirde leagtha síos i gcás na substaintí sin ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le Treoir 98/24/CE, agus d’fhéadfadh sé a bheith deacair leibhéal sábháilte nochta a leagan síos maidir le híogróir riospráide.

    As regards the protection of workers, there are no indicative occupational exposure limit values established for those substances at Union level in accordance with Directive 98/24/EC, and it may be difficult to establish a safe level of exposure for a respiratory sensitiser.

    Rialachán (AE) 2022/586 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú, agus Srianadh Ceimiceán (REACH) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  9. #2846645

    Luaigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ina thuairimí an 16 Bealtaine 2017 agus an 1 Iúil 2020 nach bhféadfadh sé teacht ar chonclúid maidir le sábháilteacht agus éifeachtúlacht na hullmhóide sóidiam lasalaicid A (Avatec 150 G) le haghaidh sicíní lena ramhrú agus le haghaidh sicíní a a thógtar le bheith ina mbéaróga, lena léirítear nach bhféadfaí aon leibhéal sábháilte den tsubstaint ghníomhach sóidiam lasalaicid A shainaithint le haghaidh na spriocspeiceas sin nuair a chuirtear le beatha í.

    The European Food Safety Authority (‘the Authority’) stated in its opinions of 16 May 2017 and 1 July 2020 that it could not conclude on the safety and efficacy of the preparation of lasalocid A sodium (Avatec 150 G) for chickens for fattening and chickens reared for laying, indicating that no safe level of the active substance lasalocid A sodium, when added to feed, could be identified for those target species.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1172 ón gCoimisiún an 15 Meitheamh 2023 maidir le húdarú ullmhóide sóidiam lasalaicid A (Avatec 150 G) mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, maidir le húdarú ullmhóide sóidiam lasalaicid A (Avatec 150 G) a dhiúltú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní a a thógtar le bheith ina mbéaróga, maidir le hullmhóid sóidiam lasalaicid A (Avatec 15 % cc) a tharraingt siar ón margadh mar bhreiseán beathaithe le hagahidh sicíní lena ramhrú agus sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1455/2004 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/932 (sealbhóir an údaraithe: Zoetis Belgium S.A.) (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)