#2626466
ag tabhairt dá haire go ndearnadh cruinnithe ó lár mhí an Mhárta go dtí lár mhí na Bealtaine a chur ar ceal i ngeall ar phaindéim COVID-19 agus ar na srianta taistil a d’eascair as paindéim COVID-19, agus gur eagraíodh cianchruinnithe agus cruinnithe hibrideacha ó lár mhí na Bealtaine; ag tabhairt dá haire gur ghlac biúró an Choiste cinneadh chun liúntas cianchruinnithe ar ráta comhréidh dar luach EUR 200 a bhunú dá chomhaltaí (i gcomparáid leis an liúntas cruinnithe caighdeánach ar ráta comhréidh dar luach EUR 323) chun na speansais a tabhaíodh agus cruinnithe á n-ullmhú ag comhalta agus le linn dó nó di a bheith rannpháirteach iontu, ar choinníoll go raibh cosc éifeachtach air nó uirthi freastal ar an gcruinniú go fisiciúil agus gur údaraíodh dó nó di freastal; ag tabhairt faoi deara go ndearna an Biúró cianliúntas den chineál céanna do shaineolaithe agus do chainteoirí a bhunú an 9 Deireadh Fómhair 2020;
Notes that, due to the COVID-19 pandemic and the consequent travel restrictions, meetings from mid-March until mid-May 2020 were cancelled, while starting from mid-May remote and hybrid meetings were organised; notes the decision of the Committee’s bureau to establish a flat-rate remote meeting allowance for its members of EUR 200 (compared to the standard flat-rate meeting allowance of EUR 323) to cover the expenses incurred while preparing for and participating in meetings,provided that the member was effectively prevented from attending the meeting physically and that attendance was authorised; observes that on 9 October 2020 the Bureau established a similar remote allowance for experts and speakers;