Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

133 toradh in 24 doiciméad

  1. #1704327

    Beidh cumhacht ag an Máistir Fómhais an tréimhse ama i gcomhair aon imeachtaí os a chomhair a theorannú nó a fhadú, agus i gcás ina mbeidh, leis na Rialacha seo nó le haon ordú, tréimhse ama ceaptha i gcomhair aon imeachtaí os comhair Máistir Fómhais nó ag Máistir Fómhais, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, beidh cumhacht ag an Máistir Fómhais sin, ó thráth go chéile, an tréimhse ama a bheidh ceaptha a fhadú ar cibé téarmaí (más ann) a dhlífidh an ceartas sa chás, agus bíodh nach mbeidh an t-iarratas air sin déanta go dtí tar éis dheireadh na tréimhse ama a bheidh ceaptha, ní gá deimhniú nó ordú a dhéanamh chun na críche sin mura n-éileofar é ar aon chúis speisialta.

    The Taxing Master shall have power to limit or extend the time for any proceedings before him, and where, by these Rules or any order, a time is appointed for any proceedings before or by a Taxing Master, unless the Court shall otherwise direct, such Taxing Master shall have power from time to time to extend the time appointed upon such terms (if any) as the justice of the case may require, and although the application for the same is not made until after the expiration of the time appointed, it shall not be necessary to make a certificate or order for this purpose unless required for any special reason.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  2. #1067401

    (a) is ag Máistir Fómhais a bheas na costais le fómhas agus le cinneadh,

    ( a ) the costs shall be taxed and ascertained by a Taxing Master,

    Uimhir 26 de 1954: AN tACHT EADRÁNA, 1954

  3. #1089296

    (b) Máistir Fómhais, nó

    ( b ) a Taxing Master, or

    Uimhir 46 de 1956: ACHT RIALUITHE NA STÁT-SHEIRBHÍSE, 1956

  4. #1537456

    ciallaíonn “oifigeach cúirte” Máistir den Ard-Chúirt, Máistir Fómhais nó Cláraitheoir Contae;

    "court officer" means a Master of the High Court, Taxing Master or County Registrar;

    Uimhir 5 de 1998: AN tACHT UM AN OIREACHTAS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ) AGUS OIFIGÍ AIREACHTA, PARLAIMINTE, BREITHIÚNACHA AGUS CÚIRTE (LEASÚ), 1998

  5. #1594131

    Máistir Fómhais

    a Taxing Master

    Riar na hOibre (Dáil Éireann/Seanad Éireann)

  6. #1704217

    Beidh cumhacht ag an Máistir Fómhais na costais seo a leanas a fhómhas

    The Taxing Master shall have power to tax—

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  7. #1704256

    Féadfaidh an Máistir Fómhais, dá rogha féin, a cheangal go ndéanfar íoc aon ítime i mbille costas, a mbeifear tar éis í a cheadú san fhómhas, a dheimhniú sula síneoidh an Máistir Fómhais an deimhniú fómhais agus ní cheanglófar ar an Máistir Fómhais an deimhniú fómhais a shíniú go dtí cibé tráth a mbeidh na ceanglais sin i dtaobh deimhniú curtha i gcrích chun a shástachta.

    The Taxing Master may, in his discretion, require that the payment of any item in a bill of costs, which has been allowed on taxation, be vouched before the Taxing Master shall sign the certificate of taxation and the Taxing Master shall not be required to sign the certificate of taxation until such time as the said requirements as to vouching have been completed to his satisfaction.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  8. #1704342

    Ar an tuarascáil ón Máistir Fómhais a chríochnú agus a shíniú agus ar an bpáirtí tionscanta dá iarraidh sin, déanfaidh an Máistir Fómhais, tráth nach déanaí ná ceithre lá roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas chun na Cúirte a éisteacht, a thuarascáil i dtaobh an fhómhais, arna síniú go cuí, a tharchur chuig Príomh-Oifig na hArdChúirte, mar aon leis an mbille costas bunaidh, leis an bhfógra faoi agóidí agus le haon doiciméid ábhartha eile. Ar an iarratas sin a chinneadh go críochnaitheach, déanfar an tuarascáil sin agus gach doiciméad eile a bheidh tarchurtha ina teannta a chur ar ais chuig an Máistir Fómhais láithreach.

    On completion and signing of the Taxing Master's report and on the request of the moving party the Taxing Master shall, not later than four days prior to the date fixed for the hearing of the application to the Court, transmit to the Central Office of the High Court his report of the taxation, duly signed, together with the original bill of costs, notice of objections and any other material documents. The said report and all other documents transmitted therewith shall be returned to the Taxing Master forthwith on the final determination of the said application.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  9. #1704280

    I gcás ina ndealróidh sé don Mháistir Fómhais, nuair a bheidh aon bhille costas á fhómhas, gur gá aon leabhair, páipéir nó doiciméid a mbeidh baint acu leis an gcúis nó leis an ábhar a iniúchadh, beidh de chead ag an Máistir Fómhais a iarraidh ar an gCláraitheoir nó ar an Scrúdaitheoir a mbeidh na leabhair, na páipéir nó na doiciméid sin ina choimeád a chur faoi deara iad a tharchur chuig oifig an Mháistir Fómhais, agus a iarraidh freisin ar an gCláraitheoir nó ar an Scrúdaitheoir sin aon imeachtaí a fhéadfaidh a bheith cuimsithe sa bhille costas a bheidh faoi fhómhas a dheimhniú, agus sna cásanna sin cuirfidh an Cláraitheoir nó an Scrúdaitheoir faoi deara, a luaithe is caoithiúil, na leabhair, na páipéir agus na doiciméid sin a tharchur chuig oifig an Mháistir Fómhais le haghaidh a úsáide le linn an fhómhais agus deimhneoidh sé na himeachtaí a bheidh tar éis bheith ar bun de réir na hiarrata ón Máistir Fómhais; agus tar éis na costais a bheith deimhnithe cuirfidh an Máistir Fómhais faoi deara na leabhair, na páipéir agus na doiciméid chéanna a chur ar ais.

    Where, upon the taxation of any bill of costs it appears to the Taxing Master that it is necessary to inspect any books, papers or documents relating to the cause or matter, the Taxing Master shall be at liberty to request the Registrar or Examiner who has the custody of such books, papers or documents to cause the same to be transmitted to the office of Taxing Master, and also to request such Registrar or Examiner to certify any proceedings which may be comprised in the bill of costs under taxation, and in such cases the Registrar or Examiner shall as soon as may be convenient cause such books, papers and documents to be transmitted to the office of the Taxing Master for his use during the taxation and shall certify the proceedings which have taken place according to the request of the Taxing Master; and after the costs have been certified the Taxing Master shall cause the same books, papers and documents to be returned.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  10. #475355

    “8.—Beidh Oifig na Máistrí Fómhais faoi bhainistí cibé Máistir Fómhais a ainmneoidh an Rialtas, agus déanfar san Oifig sin gnó na Máistrí Fómhais seachas cibé gnó is gá de réir dlí go ndéanfadh Máistir Fómhais go pearsanta é.”.

    “8. The Taxing-Masters’ Office shall be under the management of such Taxing-Master as the Government may designate, and there shall be transacted in that Office the business of the Taxing-Masters other than such business as is required by law to be transacted by a Taxing-Master in person.”.

    AN tACHT UM AN DLÍ SIBHIALTA (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 2011

  11. #1141652

    —Féadfaidh an Bord a ordú go mbeidh an bille costas a éileoidh aturnae as gnó a sheol sé nó a rinne sé thar ceann carthanais, nó thar ceann iontaobhaithe carthanais, le fómhas agus le fionnadh ag Máistir Fómhais, agus, i gcás ina mbeidh costais is ábhar d'ordú faoin alt seo le híoc as ciste, tabharfaidh an Máistir Fómhais aird ar an ní sin nuair a bheidh na costais á bhfómhas agus á bhfionnadh aige.

    —The Board may order the bill of costs claimed by a solicitor on account of business conducted or transacted by him on behalf of a charity, or the trustees thereof, to be taxed and ascertained by a Taxing Master, and where costs which are the subject of an order under this section will fall to be paid out of a fund, the Taxing Master shall have regard to that fact in taxing and ascertaining them.

    Uimhir 17 de 1961: AN tACHT CARTHANAS, 1961

  12. #1702994

    Féadfar, mura n-ordófar a mhalairt leis an ordú, ús arna dheimhniú ag an Scrúdaitheoir nó ag an Máistir Fómhais a ríomh go dtí lá tar éis dháta an deimhnithe agus a ainmneofar ann mar an lá le haghaidh íocaíochta, d'fhonn tréimhse ama réasúnach a lamháil chun gach gníomh is gá a dhéanamh le go bhféadfar an íocaíocht a dhéanamh; agus féadfaidh an Scrúdaitheoir nó an Máistir Fómhais a cheangal ráiteas i scríbhinn faoin ríomh sin, arna fhíordheimhniú le síniú an aturnae ar a mbeidh cúram an ordaithe, a thabhairt ar aird sula n-ullmhófar an deimhniú, ach ní bheidh aon mhionnscríbhinn ag fíorú an ríofa sin ag teastáil.

    Interest certified by the Examiner or Taxing Master, may, unless the order otherwise directs, be computed to a day subsequent to the date of the certificate and to be named therein as the day for payment, so as to allow a reasonable time for doing all necessary acts to enable the payment to be made; and the Examiner or Taxing Master may require a statement in writing of such computation, authenticated by the signature of the solicitor having the carriage of the order, to be produced before preparing the certificate, but no affidavit verifying such computation shall be required.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  13. #1704230

    Beidh na Máistrí Fómhais faoi seach i gcúnamh dá chéile, agus féadfaidh ceachtar Máistir Fómhais bille costas a bheidh tarchurtha chuig an Máistir Fómhais eile lena fhómhas a fhómhas nó cúidiú san fhómhas, agus sa chás sin deimhneoidh sé dá réir sin.

    The Taxing Masters shall be respectively assistant to each other, and either Taxing Master may tax or assist in the taxation of a bill of costs which has been referred to the other for taxation, and in such case shall certify accordingly.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  14. #1704238

    Déanfar fógra fómhais a eisiúint agus a sheirbheáil ionas go bhféadfaidh ceithre lá dhéag glan dul in éag idir lá na seirbheála agus an lá a bheidh luaite chun freastal. In imthosca práinneacha (a bheidh le cinneadh ag an Máistir Fómhais), féadfar, le cead ón Máistir Fómhais sin, dul ar aghaidh ar fhógra fómhais laistigh de thréimhse níos giorra.

    A notice to tax shall be issued and served so as to allow fourteen clear days to elapse between the day of service and the day mentioned for attendance. Under urgent circumstances (to be decided on by the Taxing Master) a notice to tax may, by leave of such Taxing Master, be proceeded on within a shorter period.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  15. #1704267

    A mhinice is caoithiúil cuirfidh an Máistir Fómhais faoi deara go ndéanfar gach bille costas fómhasta a bheidh gan cheangal a chur i gceangal in imleabhar amháin nó níos mó, le hinnéacsanna cuí, agus, chun na críche sin, déanfar na costais a bheidh le fómhas a scríobh ar pháipéar cuí, i bhfoirm leabhair, le ciumhais dhóthanach; agus tabharfaidh an Máistir Fómhais, nuair a bheidh aon chostais ina dhiaidh sin sa chúis chéanna nó san ábhar céanna á bhfómhas aige, aird ar na billí roimhe sin, d'fhonn a fhionnadh gan aon cheann de na hítimí a bheidh á muirearú a bheith ar áireamh in aon bhille roimhe sin.

    As often as may be convenient the Taxing Master shall cause all unbound bills of costs taxed to be bound up in one or more volumes with proper indices, and to that end, the costs for taxation shall be written on proper paper, book-wise, with a sufficient margin; and the Taxing Master, in taxing any subsequent costs in the same cause or matter, shall have regard to the preceding bills, so as to ascertain that none of the items charged was included in any previous bill.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  16. #1704274

    Ar an Máistir Fómhais do chríochnú an bhreithnithe ar an mbille costas déanfaidh an t-aturnae an deimhniú fómhais a thógáil laistigh de thréimhse 21 lá nó cibé tréimhse bhreise a lamhálfaidh an Chúirt nó an Máistir Fómhais.

    On the completion by the Taxing Master of the adjudication on the bill of costs the solicitor shall take up the certificate of taxation within a period of 21 days or such further period as the Court or the Taxing Master may allow.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  17. #1704291

    Nuair a bheidh costais, amhail idir páirtí agus páirtí, a bhainfidh le comhsheiceadóirí nó comhiontaobhaithe a dhéanfaidh cosaint ar leithligh, á bhfómhas ní cheadóidh an Máistir Fómhais, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, ach sraith amháin costas i leith na gcosantóirí sin, nuair is dóigh leis gur chóir go mbeidís tar éis dul i bpáirt ina gcosaint, agus déanfar na costais sin a chionroinnt idir na cosantóirí sin de réir mar a bhreithneoidh an Máistir Fómhais.

    On the taxation of costs as between party and party of joint executors or trustees who defend separately, the Taxing Master shall, unless otherwise ordered by the Court, allow only one set of costs for such defendants, when he is of opinion that they ought to have joined in their defence, such costs to be apportioned among such defendants as the Taxing Master shall decide.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  18. #1704293

    Maidir le haon fhinné, nó le grúpa finnéithe a bheidh ag taisteal le chéile, féadfaidh an Máistir Fómhais an costas iompair iarbhír i ngluaisteán fruilithe a cheadú mar chaiteachais taistil, nó lamháltas a thabhairt i leith finné d'úsáid a ghluaisteáin phríobháidigh de réir cibé ráta in aghaidh an mhíle is réasúnach leis an Máistir Fómhais, nuair a léireofar dó costas an fhruilithe nó na húsáide sin gan a bheith níos mó ná an costas taistil ar chóir iompair a bheidh tar éis bheith ar fáil, nó sábháil don pháirtí inmhuirir a bheith mar thoradh ar an bhfruiliú nó an úsáid sin ar shlí eile.

    In respect of any witness, or a group of witnesses travelling together, the Taxing Master may allow by way of travelling expenses the actual cost of transport by a hired motor car, or for the use by a witness of his private motor car at such rate per mile as to the Taxing Master shall seem reasonable, when it is demonstrated to him that such hire or use did not exceed the cost of travel by available transport or otherwise resulted in a saving to the party chargeable.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  19. #1704302

    I gcás ina n-ordófar aon bhille costas a fhómhas chun go n-íocfar nó go gcruinneofar na costais as aon chiste nó maoin, féadfaidh an Máistir Fómhais, dá rogha féin, a cheangal ar an aturnae fógra a thabhairt dá chliaint nó do cibé cliant nó cliaint díobh a ordóidh an Máistir Fómhais, agus féadfaidh sé an fómhas a fhionraí go dtí go mbeidh an fógra sin tugtha.

    Where any bill of costs is directed to be taxed for the purpose of being paid or raised out of any fund or property, the Taxing Master may, in his discretion, require the solicitor to give notice to his clients or such of them as the Taxing Master shall direct, and may suspend the taxation until such notice has been given.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  20. #1704303

    Luafar san fhógra sin an bille costas sin a bheith tarchurtha chuig an Máistir Fómhais lena fhómhas agus an dáta agus an t-am a bheidh socraithe ag an Máistir Fómhais chun an fómhas do dhul ar aghaidh, agus luafar ann freisin an páirtí a mbeidh an fógra sin dírithe chuige a bheith i dteideal láithriú, agus duine a bheith ag feidhmiú ar a shon, chun cur i gcoinne na lamháltas san fhómhas.

    Such notice shall state that the bill of costs has been referred to the Taxing Master for taxation and the date and hour fixed by the Taxing Master for the taxation to proceed, and shall also state that the party to whom such notice is addressed is entitled to appear to be represented to oppose the allowances on taxation.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  21. #1704334

    Féadfaidh an Máistir Fómhais, más cuí leis, agus ar an bpáirtí a bheidh i dteideal na gcostas dá iarraidh sin, deimhniú fómhais eatramhach a eisiúint, ag feitheamh ar na hagóidí sin a bhreithniú, i leith nó i gcuntas na coda eile de na hítimí sa bhille nach mbeidh aon agóid déanta ina coinne agus, freisin, i leith na coda sin den bhille costas a bheidh faoi dhíospóid a mheasfaidh an Máistir Fómhais, dá rogha féin, a bheith réasúnach.

    The Taxing Master may, if he shall think fit, and upon the application of the party entitled to the costs issue pending the consideration of such objections an interim certificate of taxation for or on account on the remainder of the items in the bill to which no objection has been taken and also for that part of the bill of costs in dispute which the Taxing Master may in his discretion consider reasonable.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  22. #1704340

    Is deimhniú críochnaitheach dochloíte a bheidh i ngach deimhniú eatramhach ón Máistir Fómhais i dtaobh gach ábhair nach mbeidh agóid déanta ina aghaidh ar an modh a dúradh agus, ach amháin mar a fhoráiltear leis an riail seo, ní bheidh de chead ag an Máistir Fómhais, tar éis deimhniú a shíniú, a fhómhas a athbhreithniú nó a dheimhniú a leasú, ach amháin chun earráid chléireachais nó earráid shoiléir a cheartú roimh an bpróis chun na costais a ghnóthú nó a íoc.

    All interim certificates of the Taxing Master shall be final and conclusive as to all matters which shall not have been objected to in manner aforesaid and save as provided by this rule, the Taxing Master shall not be at liberty, after a certificate is signed, to review his taxation or amend his certificate, except to correct a clerical or manifest error before process for recovery or payment of the costs.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  23. #1704344

    Má tharchuirtear an bille costas, nó aon chuid de, chuig an Máistir Fómhais lena athfhómhas, féadfaidh aon pháirtí, ar an athfhómhas sin, agóidí a thabhairt isteach in aghaidh cheadú nó dhícheadú aon ítime a bheidh tarchurtha amhlaidh chuig an Máistir Fómhais agus beidh feidhm ag forálacha na rialach seo maidir leis an athfhómhas sin amhail ar an bhfómhas bunaidh.

    If the bill of costs or any part thereof is remitted to the Taxing Master for re-taxation, any party may upon such re-taxation carry in objections to the allowance or disallowance of any item so remitted to the Taxing Master and the provisions of this rule shall apply to such re-taxation as on the original taxation.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  24. #1705110

    Agus thairis sin ús ar an tsuim sin de réir £ faoin gcéad sa bhliain, ón lá de , ar suim airgid í sin agus ar ús é sin ar breithníodh (nó ar ordaíodh) leis an mbreithiúnas (nó leis an ordú) dar dáta an lá de go raibh siad le híoc ag an C.D. sin le A.B., maille le costais áirithe sa bhreithiúnas (nó san ordú) sin atá luaite, agus ar costais iad atá fómhasta agus ceadaithe ag an Máistir Fómhais ar shuim £ mar a léirítear sa deimhniú, ón Máistir Fómhais, dar dáta an

    And also interest thereon at the rate of £ per cent. per annum, from the day of , which said sum of money and interest were by the judgment (or order) dated the day of , adjudged (or ordered) to be paid by the said C.D.to A.B., together with certain costs in the said judgment (or order) mentioned, and which costs have been taxed and allowed by the Taxing Master at the sum of £ as appears by the certificate of the Taxing Master, dated the day of

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  25. #437650

    (i) na costais sin go léir nó cuid díobh a shonraítear amhlaidh, arna bhfómhas nó arna fómhas ag Máistir Fómhais don Ard-Chúirt, nó

    (i) the whole or a part so specified of those costs, as taxed by a Taxing Master of the High Court, or

    AN tACHT UCHTÁLA 2010

  26. #437655

    (i) na costais sin go léir nó cuid díobh a shonraítear amhlaidh, arna bhfómhas nó arna fómhas ag Máistir Fómhais don Ard-Chúirt, nó

    (i) the whole or a part so specified of those costs, as taxed by a Taxing Master of the High Court, or

    AN tACHT UCHTÁLA 2010

  27. #437663

    (I) na costais sin go léir nó cuid díobh a shonraítear amhlaidh arna bhfómhas nó arna fómhas ag Máistir Fómhais don Ard-Chúirt, nó

    (I) the whole or a part so specified of those costs, as taxed by a Taxing Master of the High Court, or

    AN tACHT UCHTÁLA 2010

  28. #462003

    (4) I gcás eadrána (seachas eadráin tráchtála idirnáisiúnta) déanfaidh an binse eadrána, ar iarraidh ó aon cheann de na páirtithe sna himeachtaí arna déanamh tráth nach déanaí ná 21 lá oibre tar éis chinneadh an bhinse i ndáil le costais, ordú maidir le Máistir Fómhais don Ard-Chúirt, nó de réir mar a bheidh, maidir leis an gCláraitheoir Contae d’fhómhas chostais na headrána, agus beidh ag an Máistir Fómhais, nó de réir mar a bheidh, ag an gCláraitheoir Contae i ndáil le haon fhómhas den sórt sin, na feidhmeanna go léir (fara aon mhodhnuithe is gá) a thugtar dó nó di de thuras na huaire faoi aon achtachán nó in aon rialacha cúirte i ndáil le costais a bheidh le híoc ag páirtí amháin le páirtí eile in imeachtaí os comhair cúirte a fhómhas.

    (4) In the case of an arbitration (other than an international commercial arbitration) the arbitral tribunal shall, on the request of any of the parties to the proceedings made not later than 21 working days after the determination by the tribunal in relation to costs, make an order for the taxation of costs of the arbitration by a Taxing Master of the High Court, or as the case may be, the County Registrar; and the Taxing Master, or as the case may be, the County Registrar, shall in relation to any such taxation, have (with any necessary modifications) all the functions for the time being conferred on him or her under any enactment or in any rules of court in relation to the taxation of costs to be paid by one party to another in proceedings before a court.

    AN tACHT EADRÁNA 2010

  29. #475357

    “18.—(1) Ní cheapfar aon duine chun bheith ina Mháistir Fómhais nó ina Máistir Fómhais mura rud é go raibh an duine sin tráth a cheaptha nó a ceaptha—

    “18. (1) No person shall be appointed to be a Taxing- Master unless at the time of his or her appointment that person—

    AN tACHT UM AN DLÍ SIBHIALTA (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 2011

  30. #475367

    (5) Aon duine a cheaptar chun bheith ina Mháistir Fómhais nó ina Máistir Fómhais, déanfaidh an Rialtas é nó í a cheapadh ar ainmniú ón Aire.

    (5) A person appointed to be a Taxing-Master shall be appointed by the Government on the nomination of the Minister.

    AN tACHT UM AN DLÍ SIBHIALTA (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 2011

  31. #475372

    (3) Níl feidhm ag fo-alt (2) ach amháin maidir le ceapachán Máistir Fómhais arna dhéanamh tar éis don alt seo teacht i ngníomh.

    (3) Subsection (2) applies only as respects the appointment of a Taxing-Master made after the coming into operation of this section.

    AN tACHT UM AN DLÍ SIBHIALTA (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 2011

  32. #485294

    (3) Mura féidir le GNBS agus leis an bhforas rannpháirteach lena mbaineann teacht ar chomhaontú maidir le costais, déanfaidh Máistir Fómhais don Chúirt costais an athbhreithnithe a chinneadh.

    (3) If NAMA and the participating institution concerned cannot reach agreement on costs, the costs of the review shall be determined by a Taxing Master of the Court.

    AN tACHT FÁN nGNÍOMHAIREACHT NÁISIÚNTA UM BAINISTÍOCHT SÓCMHAINNÍ 2009

  33. #1700481

    Déanfaidh an Máistir Fómhais costais (más ann) an ghearánaí nó, má tá níos mó ná gearánaí amháin ann, costais na ngearánaithe sin go léir nach n-ordófar iad a bheith le híoc ag aon pháirtí eile nó a bheith inghnóthaithe ó aon pháirtí eile, a fhómhas amhail idir aturnae agus cliant ar fhógra a bheith tugtha don Aturnae Ginearálta do Choimircithe Cúirte, agus má tá aon chuid de na costais sin iníoctha ag aon pháirtí aosach sa chúis nó san ábhar agus an páirtí sin a bheith sui juris deimhneoidh an Máistir Fómhais méid na coda sin agus na codanna a bheidh iníoctha ag an naíon nó ag an duine mímheabhrach sin; agus ní bheidh aon chostais seachas na cinn a dheimhneofar amhlaidh iníoctha leis an aturnae thar ceann aon ghearánaí sa chúis nó san ábhar.

    The costs (if any) of the plaintiff or if more than one of all such plaintiffs not ordered to be paid by or recoverable from any other party shall be taxed by the Taxing Master as between solicitor and client on notice to the General Solicitor for Wards of Court, and if any portion of such costs be payable by any adult party to the cause or matter who is sui juris the Taxing Master shall certify the amount of such portion and the portions payable by such infant or person of unsound mind; and no costs other than those so certified shall be payable to the solicitor for any plaintiff in the cause or matter.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  34. #1701437

    Déanfaidh Cláraitheoir Contae an chontae chuí costais achomharc, nuair a tharchuirfear iad lena bhfómhas, a fhómhas (agus chun na críche sin beidh cumhachtaí uile Máistir Fómhais aige).

    The costs of appeals, when referred for taxation, shall be taxed by the County Registrar of the appropriate county (who shall for this purpose have all the powers of a Taxing Master).

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  35. #1701487

    Ordú seacht lá chun costais a íoc nó urrús a thaisceadh ar dheimhniú nó ar thuarascáil ón Máistir Fómhais i gcúiseanna nó in ábhair maidir le pósadh.

    A seven day order for payment of costs or lodgment of security on a certificate or report from the Taxing Master in matrimonial causes or matters.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  36. #1702068

    Déanfaidh an Máistir Fómhais gach bille costais i leith gnó i gcúiseanna agus in ábhair maidir le pósadh a fhómhas.

    All bills of cost for business in matrimonial causes and matters shall be taxed by the Taxing Master.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  37. #1704233

    Déanfaidh an Máistir Fómhais mionsonraí faoi ítimí a cheadófar agus a dhícheadófar a nótáil ar an mbille costas bunaidh agus coinneofar an bille in Oifig na Máistrí Fómhais.

    The Taxing Master shall note on the original bill of costs details of items allowed and disallowed and the bill shall be retained in the Taxing Masters' Office.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  38. #1704243

    Ní chuirfear aon taifead, inisealacha nó marcáil i mbille costas a bheidh taiscthe, ach amháin taifead, inisealacha nó marcáil a chuirfidh an Máistir Fómhais ann, ná ní cheadófar aon scriosadh amach.

    No entry, initialing or marking in a bill of costs lodged shall be made, save by the Taxing Master, nor shall any erasures be allowed.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  39. #1704264

    Féadfaidh an Máistir Fómhais táillí cuí i leith a fhreastail a cheadú d'aturnae a bheidh ag freastal chun cur i gcoinne costais a fhómhas ar dhóigh seachas amhail idir páirtí agus páirtí.

    The Taxing Master may allow a solicitor attending to oppose the taxation of costs, otherwise than as between party and party, proper charges for his attendance.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  40. #1704282

    Beidh sna táillí a bheidh le ceadú i leith luathscríobhaithe agus athscríbhinní d'fhianaise cibé suim is réasúnach leis an Máistir Fómhais.

    The fees to be allowed in respect of shorthand writers and transcripts of evidence shall be of such amount as to the Taxing Master seems reasonable.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  41. #1704310

    Ag feidhmiú a rogha dó i ndáil le haon ítim, tabharfaidh an Máistir Fómhais aird ar na himthosca iomchuí go léir, agus go háirithe ar na nithe seo a leanas—

    In exercising his discretion in relation to any item, the Taxing Master shall have regard to all relevant circumstances, and in particular to—

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  42. #1704319

    Más rud é, in aon chás ina n-ordófar fómhas d'fhonn na costais a íoc as ciste nó eastát, nó as sócmhainní cuideachta faoi leachtú, go mbeifear tar éis na costais a mhéadú de dheasca moille neamhriachtanaí nó imeachtaí míchuí, cráiteacha, fadálacha nó neamhriachtanacha, nó de dheasca mí-iompair nó faillí eile, nó más rud é, ar aon chúis eile arna deimhniú ag an Máistir Fómhais ar fhorais speisialta, go mbeidh méid na gcostas iomarcach, ag féachaint do luach an chiste, an eastáit nó na sócmhainní lena mbainfidh siad, nó d'imthosca eile, ní cheadóidh an Máistir Fómhais ach cibé méid de na costais a bheifí tar éis a thabhú dá mbeifí tar éis an dlíthíocht a sheoladh go cuí, agus déanfaidh sé an céanna a mheasúnú de réir suime comhláine, agus déanfaidh sé (más gá) an méid a chionroinnt idir na páirtithe.

    If in any case in which a taxation is directed with a view to the payment of the costs out of a fund or estate or out of the assets of a company in liquidation, the costs shall have been increased by unnecessary delay or by improper, vexatious, prolix or unnecessary proceedings, or by other misconduct or negligence, or if from any other cause certified by the Taxing Master on special grounds, the amount of the costs shall be excessive, having regard to the value of the fund, estate or assets to which they relate, or other circumstances the Taxing Master shall allow only such an amount of costs as would have been incurred if the litigation had been properly conducted, and shall assess the same at a gross sum, and shall (if necessary) apportion the amount among the parties.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  43. #1704331

    Má thugann, agus nuair a thabharfaidh, an Máistir Fómhais lamháltas speisialta sonróidh sé forais an lamháltais sin i scríbhinn nuair a bheidh an fómhas á dhéanamh.

    If and when the Taxing Master makes a special allowance he shall specify the grounds for such allowance in writing at the taxation.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  44. #1704333

    Aon pháirtí a bheidh míshásta leis an Máistir Fómhais do cheadú nó do dhícheadú an iomláin nó coda d'aon itimí (lena n-áirítear aon lamháltas speisialta), féadfaidh sé, sula síneofar an deimhniú, ach tráth nach déanaí ná ceithre lá dhéag tar éis an breithniú a chur i gcrích trí iomlán na n-ítimí sa bhille costas a cheadú nó a dhícheadú, a agóidí i scríbhinn in aghaidh an cheadaithe nó an dícheadaithe sin a sheachadadh ar an bpáirtí eile a mbeidh leas aige sa chéanna agus a thabhairt isteach os comhair an Mháistir Fómhais, agus sonrófar sna hagóidí sin, le liosta, go haicearrach comair, na hítimí, nó na codanna díobh, a mbeidh agóid á déanamh ina gcoinne, agus na forais agus na fáthanna a bheidh leis na hagoidí sin, agus air sin féadfaidh sé a iarraidh ar an Máistir Fómhais an fómhas i leith an chéanna a athbhreithniú.

    Any party who is dissatisfied with the allowance or disallowance by the Taxing Master of the whole or part of any items (including any special allowance) may, before the certificate is signed, but not later than fourteen days after the completion of the adjudication by the allowance or disallowance of the entire of the items in the bill of costs deliver to the other party interested therein, and carry in before the Taxing Master his objections in writing to such allowance or disallowance, specifying therein by a list in a short and concise form the items, or parts thereof, objected to, and the grounds and reasons for such objections, and may thereupon apply to the Taxing Master to review the taxation in respect of the same.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  45. #1704335

    Eiseoidh an Máistir Fómhais cibé deimhniú breise is gá tar éis a bhreithe ar na hagóidí sin.

    Such further certificate as may be necessary shall be issued by the Taxing Master after his decision upon such objections.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  46. #1704343

    Tar éis don Chúirt cinneadh a dhéanamh tarchuirfear an t-ábhar chuig an Máistir Fómhais chun an fómhas a chríochnú de réir bhreith na Cúirte agus chun deimhniú fómhais críochnaitheach a eisiúint.

    After the determination by the Court the matter shall be remitted to the Taxing Master to complete the taxation in accordance with the decision of the Court and to issue a final certificate of taxation.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  47. #1704357

    Déanfaidh an Máistir Fómhais na costais agus na táillí i gcásanna faoi Ordú 84 a fhómhas agus beidh siad faoi réir fhorálacha an Ordaithe seo.

    The costs and fees in cases under Order 84 shall be taxed by the Taxing Master and shall be subject to the provisions of this Order.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  48. #1705011

    Agus deimhním gurb é an costas chun an tseirbheáil sin a dhéanamh, de réir mar a deimhníodh go cuí é ag Máistir Fómhais na hArd-Chúirte in Éirinn, suim £

    And I certify that the cost of effecting such service, as duly certified by the Taxing Master of the High Court in Ireland, amounts to the sum of £

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  49. #1705022

    Fómhasadh agus ceadaíodh na costais sin thuas ar £ mar a léirítear sa deimhniú ón Máistir Fómhais dar dáta an lá de 19 .

    The above costs have been taxed and allowed at £ as appears by the Taxing Master's certificate dated the day of , 19 .

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  50. #1705027

    Fómhasadh agus ceadaíodh na costais sin thuas ar £ sa deimhniú ón Máistir Fómhais dar dáta an lá de mar a léirítear .

    The above costs have been taxed and allowed at £ as appears by the Taxing Master's certificate dated the day of .

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna