Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

17 toradh in 12 doiciméad

  1. #469700

    (3) Maidir le cion nach measfaí maidir lena dhéanamh, dá ndéanfaí é a bhreithniú leis féin, go mbeadh mórdhochar do mheasúnú cuí nó do bhailiú cuí cánach chun críocha an ailt seo mar thoradh air, féadfar ar a shon sin é a mheas amhlaidh má tá forais réasúnacha amhrais ann gur cuid d’iompar áirithe é déanamh an chiona ar dóigh, nó ar dhóigh murach é a bhrath, go mbeadh mórdhochar do mheasúnú cuí nó do bhailiú cuí cánach mar thoradh air.

    (3) An offence the commission of which, if considered alone, would not be regarded as resulting in serious prejudice to the proper assessment or collection of tax for the purposes of this section may nevertheless be so regarded if there are reasonable grounds for suspecting that the commission of the offence forms part of a course of conduct which is, or but for its detection would be, likely to result in serious prejudice to the proper assessment or collection of tax.

    AN tACHT AIRGEADAIS, 1999

  2. #494791

    (b) gur dócha go raibh nó go mbeidh aon mhainneachtain den sórt sin ina cúis le mórdhochar do mheasúnacht chuí nó do bhailiú cuí cánach, agus

    (b) that any such failure is likely to have led or to lead to serious prejudice to the proper assessment or collection of tax, and

    AN tACHT AIRGEADAIS 2010

  3. #1746475

    Airteagal 52 Feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leithligh ar riosca tromchúiseach iad do shábháilteacht nó ar mórdhochar do shláinte an duine nó don chomhshaol iad

    Article 52 Compliant vehicles, systems, components or separate technical units that present a serious risk to safety or serious harm to health and the environment

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar mhótarfheithlicí agus a leantóirí, agus ar chórais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin

  4. #447746

    (c) an bhfuil mórdhochar déanta don chumas measúnacht a dhéanamh ar thionchair thimpeallachta na forbartha chun críche measúnachta tionchair timpeallachta nó measúnachta cuí agus foráil a dhéanamh maidir le rannpháirteachas an phobail i measúnacht den sórt sin;

    (c) whether the ability to carry out an assessment of the environmental impacts of the development for the purpose of an environmental impact assessment or an appropriate assessment and to provide for public participation in such an assessment has been substantially impaired;

    AN tACHT UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT (LEASÚ) 2010

  5. #469582

    (b) gur dócha go raibh nó go mbeidh mainneachtain den sórt sin ina cúis le mórdhochar do mheasúnú cuí nó do bhailiú cuí cánach (ag féachaint do mhéid aon dliteanais i ndáil leis an gcáiníocóir, nó i gcás gur grúpa nó aicme daoine an cáiníocóir, do mhéid aon dliteanais i ndáil leis na daoine sin go léir nó le haon duine díobh, a eascraíonn nó a d’fhéadfadh eascairt as mainneachtain den sórt sin), agus

    (b) that any such failure is likely to have led or to lead to serious prejudice to the proper assessment or collection of tax (having regard to the amount of a liability in relation to the taxpayer, or where the taxpayer is a group or class of persons, the amount of a liability in relation to all or any one of those persons, that arises or might arise from such failure), and

    AN tACHT AIRGEADAIS, 1999

  6. #469627

    (ii) gur dócha go raibh nó go mbeidh aon mhainneachtain den sórt sin ina cúis le mórdhochar do mheasúnú cuí nó do bhailiú cuí cánach (ag féachaint do mhéid aon dliteanais cánach a eascraíonn nó a d’fhéadfadh eascairt as mainneachtain den sórt sin), agus

    (ii) that any such failure is likely to have led or to lead to serious prejudice to the proper assessment or collection of tax (having regard to the amount of any tax liability that arises or might arise from such failure), and

    AN tACHT AIRGEADAIS, 1999

  7. #469676

    (b) gur dócha go raibh nó go mbeidh aon mhainneachtain den sórt sin ina cúis le mórdhochar do mheasúnú cuí nó do bhailiú cuí cánach (ag féachaint do mhéid aon dliteanais i ndáil leis an gcáiníocóir, nó i gcás gur grúpa nó aicme daoine an cáiníocóir, do mhéid aon dliteanais i ndáil leis na daoine sin go léir nó le haon duine díobh, a eascraíonn nó a d’fhéadfadh eascairt as mainneachtain den sórt sin), agus

    (b) that any such failure is likely to have led or to lead to serious prejudice to the proper assessment or collection of tax (having regard to the amount of aliability in relation to the taxpayer, or where the taxpayer is a group or class of persons, the amount of a liability in relation to all or any one of them, that arises or might arise from such failure), and

    AN tACHT AIRGEADAIS, 1999

  8. #469697

    (a) go bhfuil cion a mbeadh mórdhochar do mheasúnú cuí nó do bhailiú cuí cánach mar thoradh air á dhéanamh, déanta nó ar tí a dhéanta (ag féachaint do mhéid aon dliteanais i ndáil le haon duine a bhféadfaí imghabháil a dhéanamh air murach an cion a bhrath), agus

    (a) that an offence which would result in serious prejudice to the proper assessment or collection of tax is being, has been or is about to be committed (having regard to the amount of a liability in relation to any person which might be evaded but for the detection of the offence), and

    AN tACHT AIRGEADAIS, 1999

  9. #646059

    Ba cheart aird shonrach a thabhairt ar na réigiúin is forimeallaí, eadhon trí bhearta a ghlacadh faoi Airteagal 349 CFAE lena leathnófar, ar bhonn eisceachtúil, raon feidhme na tacaíochta ó CFRE maidir le maoiniú cabhrach oibriúcháin atá nasctha le fritháireamh na gcostas breise a eascraíonn as staid shonrach eacnamaíoch agus shóisialta na réigiún sin, staid is measa fós mar gheall ar na baic a eascraíonn as na tosca dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE, eadhon iargúltacht, oileánachas, beagmhéid, topagrafaíocht agus aeráid achrannach, agus spleáchas eacnamaíoch ar bheagán táirgí, a ndéanann a mbuaine agus comhcheangal díobh mórdhochar dá bhforbairt.

    Specific attention should be paid to the outermost regions, namely by adopting measures under Article 349 TFEU extending, on an exceptional basis, the scope of support from the ERDF to the financing of operating aid linked to the offsetting of the additional costs resulting from the specific economic and social situation of those regions which is compounded by the handicaps resulting from the factors referred to in Article 349 TFEU, namely remoteness, insularity, small size, difficult topography and climate, economic dependence on a few products, the permanence and combination of which severely restrain their development.

    Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir le forálacha sonracha a bhaineann le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006

  10. #722481

    Ag tabhairt aird ar staid shóisialta agus eacnamaíoch struchtúrach Ghuadalúip, Ghuáin na Fraince, Martinique, Mayotte, La Réunion, Saint-Martin, na nAsór, Mhaidéara agus na nOileán Canárach, staid is measa fós mar gheall ar a n-iargúltacht, a n-oileánachas, a mbeagmhéid, a dtopagrafaíocht agus a n-aeráid achrannach, agus a spleáchas eacnamaíoch ar bheagán táirgí, a ndéanann a mbuaine agus comhcheangal díobh mórdhochar dá bhforbairt, déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, bearta sonracha a ghlacadh a mbeidh sé d'aidhm acu, ach go háirithe, na coinníollacha a leagan síos chun na Conarthaí, lena n-áirítear comhbheartais, a chur i bhfeidhm ar na réigiúin sin.

    Taking account of the structural social and economic situation of Guadeloupe, French Guiana, Martinique, Mayotte, Réunion, Saint-Martin, the Azores, Madeira and the Canary Islands, which is compounded by their remoteness, insularity, small size, difficult topography and climate, economic dependence on a few products, the permanence and combination of which severely restrain their development, the Council, on a proposal from the Commission and after consulting the European Parliament, shall adopt specific measures aimed, in particular, at laying down the conditions of application of the Treaties to those regions, including common policies.

    Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (leagan comhdhlúite 2016)

  11. #1268405

    (3) Má tharlaíonn agus cibé uair a tharlóidh, le linn don alt seo a bheith i ngníomh, gur dóigh leis an Aire nach leor cóiríocht phríosúin nó foireann phríosúin chun dálaí slána réasúnacha coimeádta a chur ar fáil do na daoine go léir a bheidh an tráth sin faoi choimeád i bpríosún nó a mbeidh cóiríocht phríosúin ag teastáil dóibh nó nach leor an céanna chun na dálaí sin a chur ar fáil gan mórdhochar do na gnáthshocruithe a chothabháil i bpríosún le haghaidh cóireála athinmheachain agus leasa príosúnach féadfaidh sé, i scríbhinn—

    (3) If and whenever, at a time when this section is in operation, the Minister is of opinion that prison accommodation or prison staff is insufficient to provide secure and reasonable conditions of custody for all persons then in custody in prison or for whom prison accommodation is required or is insufficient to provide such conditions without serious detriment to the maintenance in prisons of the normal arrangements for the rehabilitative treatment and welfare of prisoners he may, in writing—

    Uimhir 7 de 1972: ACHT NA bPRÍOSÚN, 1972

  12. #1382773

    (d) go mbeidh fógra fágála tugtha ag an tionónta, agus de dhroim an fhógra sin go mbeidh conraithe ag an tiarna talún an teaghais a dhíol nó a ligean nó go mbeidh aon bhearta eile déanta aige a ndéanfaí mórdhochar dó dá mbarr, i dtuairim na Cúirte, mura mbeadh sé in ann seilbh a fháil, nó

    ( d ) the tenant has given notice to quit, and in consequence of that notice the landlord has contracted to sell or let the dwelling or has taken any other steps as a result of which he would, in the opinion of the Court, be seriously prejudiced if he could not obtain possession, or

    Uimhir 26 de 1981: AN tACHT SRIANTA CÍOSA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1981

  13. #1551701

    (6) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (1) agus (2), más rud é, ar tharchur faoi alt 18 (2) nó ar achomharc faoi alt 19 (1), gur deimhin le coimisinéir um chearta nó leis an mBinse, i gcás go dtógfaí an tsaoire do thuismitheoirí an tráth a shonraítear san fhógra faoi alt 8 (1) lena mbaineann, go ndéanfaí mórdhochar de bhíthin aon cheann de na nithe a shonraítear in alt 11 (1), féadfaidh an coimisinéir nó an Binse, de réir mar a bheidh, má mheasann an coimisinéir nó an Binse gur réasúnach sin a dhéanamh, a ordú go ndéanfar tosach na saoire a iarchur ar feadh tréimhse sonraithe (cibé acu is í an tréimhse í a shonraítear san fhógra iomchuí faoi alt 11 (1) nó nach ea).

    (6) Without prejudice to the generality of subsections (1) and (2), where, on a reference under section 18(2) or an appeal under section 19(1), a rights commisioner or the Tribunal is satisfied that the taking of parental leave at the time specified in the notice under section 8(1) concerned would have a substantial adverse effect by reason of any of the matters specified in section 11(1), the commissioner or Tribunal, as the case may be, may, if the commissioner or Tribunal consider it reasonable to do so, direct that the commencement of the leave to be postponed for a specified period (whether or not being the period specified in the relevant notice under section 11(1)).

    Uimhir 30 de 1998: AN tACHT UM SHAOIRE DO THUISMITHEOIRÍ, 1998

  14. #1639039

    Aithníonn an Chomhdháil go bhfuil cúlmhaireacht mhór struchtúrach ar na réigiúin is forimeallaí den Chomhphobal (ranna Francacha thar lear, na hAsóir agus Maidéara agus na hOileáin Chanáracha), cúlmhaireacht a mhéadaíonn morán feiniméan (iargúltacht, oileánachas, laghad a réimse, topagrafaíocht agus aeráid achrannach, spleáchas eacnamaíoch ar bheagán táirgí) a ndéanann a mbuaine agus a gcomhshuim mórdhochar dá bhforbairt eacnamaíoch agus shóisialta.

    The Conference acknowledges that the outermost regions of the Community (the French overseas departments, Azores and Madeira and Canary Islands) suffer from major structural backwardness compounded by several phenomena (remoteness, island status, small size, difficult topography and climate, economic dependence on a few products), the permanence and combination of which severely restrain their economic and social development.

    Riar na hOibre (Dáil Éireann/Seanad Éireann)

  15. #2978870

    I gcásanna thar a bheith annamh, is féidir coinne a bheith leis go ndéanfar mórdhochar do staid an eintitis i ndíospóid le páirtithe eile maidir le hábhar na forála, an dliteanais theagmhasaigh nó na sócmhainne teagmhasaí má nochtfar cuid den fhaisnéis, nó an fhaisnéis uile, a éilítear le míreanna 84-89.

    In extremely rare cases, disclosure of some or all of the information required by paragraphs 84-89 can be expected to prejudice seriously the position of the entity in a dispute with other parties on the subject matter of the provision, contingent liability or contingent asset.

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  16. #3138322

    Agus na smachtbhannaí sin á gcinneadh ag na Ballstáit, cuirfidh siad san áireamh, go háirithe, tromchúis, cineál agus oiread an tsáraithe, lena n-áirítear an mórdhochar nó leibhéal an dochair a rinneadh do na hacmhainní iascaireachta agus don chomhshaol muirí lena mbaineann, fad an tsáraithe nó cé chomh minic a tharla sé, agus carnadh na sáruithe comhuaineacha.

    When determining these sanctions the Member States shall take into account, in particular, the gravity, nature and extent of the infringement, including the prejudice or the level of the damage to the fishing resources and the marine environment concerned, its duration or repetition, and the accumulation of simultaneous infringements.

    Rialachán (AE) 2023/2842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2016/1139, (AE) 2017/2403 agus (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialú ar iascach

  17. #1551497

    —(1) Faoi réir an ailt seo, i gcás go mbeidh fógra faoi alt 8 (1) tugtha ag fostaí dá fhostóir nó dá fostóir agus gur deimhin leis an bhfostóir, i gcás go dtógfaí an tsaoire do thuismitheoirí an tráth a shonraítear san fhógra, go ndéanfaí mórdhochar d'oibriú ghnó, ghairm nó shlí bheatha an fhostóra de bhíthin athruithe séasúracha ar mhéid na hoibre lena mbaineann, de bhíthin gan duine a bheith ar fáil chun dualgais an fhostaí san fhostaíocht a chomhlíonadh, de bhíthin chineál na ndualgas sin, de bhíthin líon na bhfostaithe san fhostaíocht nó de bhíthin líon na bhfostaithe ar laistigh den tréimhse a shonraítear san fhógra sin a bheidh a dtréimhsí, nó codanna dá dtréimhsí, saoire do thuismitheoirí nó de bhíthin aon nithe iomchuí eile, féadfaidh an fostóir, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don fhostaí tráth nach déanaí ná 4 sheachtain roimh thosach beartaithe na saoire, tosach na saoire a iarchur go dtí cibé tráth, nach déanaí ná 6 mhí tar éis an dáta tosaithe a shonraítear san fhógra iomchuí faoi alt 8 (1), ar a gcomhaontóidh an fostóir agus an fostaí.

    —(1) Subject to this section, where an employee has given a notice under section 8(1) to his or her employer and the employer is satisfied that the taking of parental leave at the time specified in the notice would have a substantial adverse effect on the operation of his or her business, professional or occupation by reason of seasonal variation in the volume of the work concerned, the unavailability of a person to carry out the duties of the employee in the employment, the nature of those duties, the number of employees in the employment or the number thereof whose periods, or parts of whose periods, of parental leave will fall within the period specified in the said notice or any other relevant matters, the employer may, by notice in writing given to the employee not later than 4 weeks before the intended commencement of the leave, postpone the commencement of the leave to such time not later than 6 months after the date of commencement specified in the relevant notice under section 8(1) as may be agreed upon by the employer and the employee.

    Uimhir 30 de 1998: AN tACHT UM SHAOIRE DO THUISMITHEOIRÍ, 1998