Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

13 toradh in 9 ndoiciméad

  1. #2537369

    Is é meastachán réasúnta na hinstitiúide bunaithe ar an bhfaisnéis is fearr dá mbeidh ar fáil a bheidh san fhaisnéis a thuairisceofar.

    The information reported shall be the institution’s reasonable estimate based on the best available information.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1994 ón gCoimisiún an 21 Samhain 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 a mhéid a bhaineann le cistí dílse, ualú sócmhainní, leachtacht agus tuairisciú chun institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo a shainaithint (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  2. #2859765

    Mheas an Coimisiún gur sholáthair na toimhdí sin, bunaithe ar eolas margaidh an ghearánaigh, meastachán réasúnta a bhí ag teastáil chun tomhaltas an Aontais a ríomh.

    The Commission considered that these assumptions, based on the complainant’s market knowledge, provided a reasonable estimate which was needed to calculate the Union consumption.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí plátaí ceannbheannacha cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Tuirce

  3. #2859803

    Bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil, mheas an Coimisiún gur meastachán réasúnta ar allmhairí an táirge atá faoi imscrúdú na toimhdí sin.

    Based on the available information, the Commission considered these assumptions a reasonable estimate of the imports of the product under investigation.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí plátaí ceannbheannacha cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Tuirce

  4. #2875075

    Ba cheart don luachálaí meastachán réasúnta tráchtála ar na costais athsholáthair dhírigh arna dtabhú ag comhaltaí imréitigh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta a chur san áireamh freisin.

    The valuer should also take into account a commercially reasonable estimate of the direct replacement costs incurred by clearing members under normal insolvency proceedings.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1616 ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na himthosca ina meastar duine a bheith neamhspleách ar an údarás réitigh agus ar an gcontrapháirtí lárnach, an mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar luach sócmhainní agus dliteanais contrapháirtí lárnaigh, deighilt na luachálacha, an mhodheolaíocht chun an maolán a ríomh i leith caillteanais bhreise atá le háireamh i luachálacha sealadacha, agus an mhodheolaíocht chun luacháil a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an phrionsabail “creidiúnaí ar bith níos measa as” (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  5. #1695546

    I gcás comhaontuithe deontas, conarthaí nó comhaontuithe ranníocaíochta os cionn EUR 5000000, gheobhaidh an t-oifigeach údarúcháin an fhaisnéis is gá chun meastachán réasúnta ar na costais a ríomh ag deireadh gach bliana, ar a laghad.

    For grant agreements, contracts or contribution agreements above EUR 5000000, the authorising officer shall obtain at each year-end at least the information needed to calculate a reasonable estimate of the costs.

    Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012

  6. #2019140

    In éagmais aon fhaisnéise faoi aon saobhadh a d’fhéadfadh a bheith ar mhargadh na tíre ionadaíche i ndáil leis na ceimiceáin chontúirteacha sin agus in éagmais aon sonraí a chuir CCCMC ar fáil mar bhunús lena éileamh maidir le costais arda iompair, meastar go gcomhlíonann luachanna allmhairiúcháin na tíre ionadaíche critéir Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán agus meastar go soláthróidh siad meastachán réasúnta ar an bpraghas sa tír ionadaíoch, lena n-áirítear na costais iompair.

    In the absence of any information of possible distortions on the market of the representative country with respect to those dangerous chemicals and in the absence of data provided by CCCMC to substantiate its claim concerning high transport costs, the import values of the representative country are considered to fulfil the criterions of Article 2(6a) of the basic Regulation and to provide a reasonable estimate of the price in the representative country, including the transport costs.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/607 ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid chitrigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, arna leathnú chun allmhairí aigéid chitrigh a chuirtear chun bealaigh ón Malaeisia a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na Malaeisia iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) den Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

  7. #2028895

    Príomhspreagthaithe luacha faoi phriacal (VaR ) na n-athruithe le linn na tréimhse i gcomhréir le rónna (2) go (7) den teimpléad sin (ar bhonn meastachán réasúnta), athruithe ar na RWEAnna luacha faoi phriacal a dhíorthaítear ó na ceanglais cistí dílse i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 364(1) de CRR.

    VaR Key drivers of changes over the period in accordance with row (2) to (7) of this template (on the basis of a reasonable estimation), of the value at-risk RWEAs derived from the own funds requirements in accordance with point (a) of Article 364(1) CRR.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 ón gCoimisiún an 15 Márta 2021 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le nochtaí poiblí ag institiúidí i dtaca leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i dTeidil II agus III de Chuid a hOcht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1423/2013 ón gCoimisiún, Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1555 ón gCoimisiún, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/200 ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2295 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  8. #2140295

    In éagmais sonraí ó Shenghua chun a mhaíomh maidir le coigeartuithe iomchuí (amhail le haghaidh costas seachadta níos airde) a chruthú, meastar go gcomhlíonann luachanna allmhairiúcháin na tíre ionadaíche critéir Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán agus go soláthraíonn siad meastachán réasúnta ar an bpraghas sa tír ionadaíoch lena n-áirítear na costais seachadta.

    In the absence of data provided by Shenghua to substantiate its claim concerning due adjustments (such as for higher delivery expenses), the import values of the representative country are considered to fulfil the criteria of Article 2(6a) of the basic Regulation and to provide a reasonable estimate of the price in the representative country, including the delivery expenses.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1811 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí sileacain chailciam de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

  9. #2988121

    Mura féidir leis an eintiteas meastachán réasúnta a thabhairt ar luach cóir an earra nó na seirbhíse a fhaightear ón gcustaiméir, coinneoidh sé cuntas ar an gcomaoin uile is iníoctha leis an gcustaiméir mar laghdú ar an bpraghas idirbhirt.

    If the entity cannot reasonably estimate the fair value of the good or service received from the customer, it shall account for all of the consideration payable to the customer as a reduction of the transaction price.

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  10. #3170141

    I gcomhréir le breithiúnas Jinan Meide, ní féidir leis na praghsanna sin a bheith mar bhunús le meastachán réasúnta a dhéanamh ar luach margaidh na ndifríochtaí i dtréithe fisiciúla toisc nach bhféadfaidh na praghsanna sin a bheith mar thoradh ar ghnáthfhórsaí an mhargaidh.

    In line with the Jinan Meide judgment, these prices cannot form the basis for a reasonable estimate of the market value of differences in physical characteristics as such prices may not be the result of normal market forces.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/462 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2024 maidir le cur chun feidhme bhreithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh C-461/18 P agus bhreithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh T-442/12 i ndáil le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 626/2012 ón gComhairle lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 349/2012 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid tartaraigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

  11. #3170143

    In éagmais aon bharúil ó pháirtithe leasmhara, bhreithnigh an Coimisiún roinnt roghanna chun meastachán réasúnta a dhéanamh ar luach margaidh na difríochta praghais idir an dá chineál táirge aigéid tartaraigh, ós rud é go mbeadh úsáid na sonraí maidir le difríocht praghsanna atá ar fáil ar comhad, atá bunaithe ar phraghsanna onnmhairiúcháin na Síne, contrártha do cheanglais bhreithiúnas Jinan Meide.

    In the absence of any comments from the interested parties, the Commission considered several options for a reasonable estimate of the market value of the price difference between the two product types of tartaric acid, considering that the use of the price difference data available on file, which is based on Chinese export prices, would be contrary to the requirements of the Jinan Meide judgment.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/462 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2024 maidir le cur chun feidhme bhreithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh C-461/18 P agus bhreithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh T-442/12 i ndáil le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 626/2012 ón gComhairle lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 349/2012 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid tartaraigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

  12. #3170146

    Mar sin féin, léiríonn sonraí allmhairiúcháin gur de thionscnamh na Síne an t-aigéad tartarach L+ ar fad a dhíoltar ar mhargadh intíre na hIndia, beagnach, agus dá bhrí sin ní bheadh na sonraí sin mar bhonn le meastachán réasúnta ar luach margaidh na difríochta idir an dá chineál táirge.

    However, import data show that almost all L+ tartaric acid sold on the Indian domestic market originates in China, and therefore this data would not form the basis of a reasonable estimate of the market value of the difference between the two product types.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/462 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2024 maidir le cur chun feidhme bhreithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh C-461/18 P agus bhreithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh T-442/12 i ndáil le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 626/2012 ón gComhairle lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 349/2012 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid tartaraigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

  13. #3170148

    Mheas an Coimisiún freisin sonraí ó imscrúduithe ar aigéad tartarach a rinneadh roimhe seo nuair a deonaíodh Cóir Gheilleagair Mhargaidh (‘MET’) do na táirgeoirí onnmhairiúcháin ach ní fhéadfadh sé aon phatrún a aimsiú sna sonraí lena gceadófaí meastachán réasúnta a dhéanamh ar an luach margaidh ar mhargadh intíre na Síne chun críoch an choigeartaithe faoi Airteagal 2(10)(a).

    The Commission also considered data from previous tartaric acid investigations when the exporting producers had been granted Market Economy Treatment (‘MET’) but could find no pattern in the data that would allow a reasonable estimate of the market value on the Chinese domestic market for the purpose of the adjustment under Article 2(10)(a).

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/462 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2024 maidir le cur chun feidhme bhreithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh C-461/18 P agus bhreithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh T-442/12 i ndáil le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 626/2012 ón gComhairle lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 349/2012 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid tartaraigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne