Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

298 toradh in 82 doiciméad

  1. #1788891

    nasc cúisíoch idir an cleachtas líomhnaithe agus an díobháil nó an bhagairt díobhála líomhnaithe.

    a causal link between the alleged practice and the alleged injury or threat of injury.

    Rialachán (AE) 2019/712 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le hiomaíocht in earnáil an aeriompair a chosaint, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 868/2004

  2. #2141133

    Líomhnaítear gur briseadh an nasc cúisíoch dá bhrí sin.

    This allegedly broke the causal link.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1812 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí córas leictreoidí graifíte áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

  3. #2149060

    Suíodh freisin leis an imscrúdú nár maolaíodh an nasc cúisíoch leis an gcostas atá ar amhábhar.

    The investigation also established that the cost of raw material did not attenuate the causal link.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí de shraithadhmad beithe de thionscnamh na Rúise

  4. #2154745

    Léiríonn an méid seo go láidir go bhfuil nasc cúisíoch ann.

    This strongly shows the existence of a causal link.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2011 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

  5. #2282057

    Ba léir ón méid sin féin gurbh ann do nasc cúisíoch.

    This already tended to show the existence of a causal link.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/72 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2022 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2011 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

  6. #2344435

    Fianaise i gcomhair nasc cúisíoch le hallmhairí na Cóiré Theas

    Evidence for causal link to South Korean imports

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/547 ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí polaiméirí sár-ionsúiteacha de thionscnamh Phoblacht na Cóiré.

  7. #2504183

    NASC CÚISÍOCH IDIR AN DÍOBHÁIL AGUS NA hALLMHAIRÍ DUMPÁILTE ÓN TSÍN

    CAUSAL LINK BETWEEN THE INJURY AND THE DUMPED IMPORTS FROM CHINA

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1394 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí sileacain de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, arna leathnú chun allmhairí sileacain arna gcur chun bealaigh ó Phoblacht na Cóiré agus ón Téaváin a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Phoblacht na Cóiré nó na Téaváine iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

  8. #2581748

    go mbeidh nasc cúisíoch díreach idir an tubaiste nádúrtha agus an damáiste a dhéantar don ghnóthas.

    there is a direct causal link between the natural disaster and the damage suffered by the undertaking.

    Rialachán (AE) 2022/2473 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh, i bpróiseáil agus i margú táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

  9. #2703289

    Níor mhaolaigh aon cheann de na fachtóirí an nasc cúisíoch sa ghearán, áfach.

    However, none of the other factors did attenuate the causal link in the complaint.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/111 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid shailligh de thionscnamh na hIndinéise

  10. #3044221

    Dá bhrí sin, níor laghdaíodh an nasc cúisíoch leis na hallmhairí ón ngearánach.

    Therefore, the existence of imports by the complainant did not attenuate the causal link.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2659 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí teireataláite poileitiléine áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

  11. #3044264

    Dá bhrí sin, níor maolaíodh an nasc cúisíoch leis an méadú costais.

    Therefore, the cost increase did not attenuate the causal link.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2659 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí teireataláite poileitiléine áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

  12. #2071140

    Ní raibh pictiúr cruinn neamhchlaonta ar an gcás sa mheasúnú ar an díobháil agus an nasc cúisíoch ar bhonn comparáid idir sonraí ó thréimhsí éagsúla, i.e., mí Eanáir – mí na Nollag 2017, 2018 agus 2019 agus mí Aibreáin 2019 – mí an Mhárta ó tá forluí mór ann idir an bhliain 2019 agus an tréimhse imscrúdaithe, ach gur cheart dó, ina ionad sin, scrúdú a dhéanamh ar na tréimhsí mí Aibreáin – mí an Mhárta 2016/2017, 2017/2018, 2018/2019 agus 2019/2020 chun an díobháil agus an nasc cúisíoch a mheas.

    The assessment of injury and causal link based on a comparison of data for different periods, i.e., January – December 2017, 2018 and 2019 and April 2019 – March 2020 did not provide an accurate and unbiased picture of the situation as the year 2019 and the IP largely overlap but instead it should have examined the data for the periods April – March 2016/2017, 2017/2018, 2018/2019 and 2019/2020 to assess injury and causal link.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/939 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí gliocóil mona-eitiléine ar de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Ríocht na hAraibe Sádaí iad

  13. #2345302

    Bhí allmhairí ón Tuirc ar phraghsanna a bhí cosúil le hallmhairí ón gCóiré Theas ach ag méideanna a bhí i bhfad ní b’ísle agus dá bhrí sin níor laghdaigh allmhairí den sórt sin an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais. Ar an gcaoi chéanna, níor laghdaigh allmhairí ón tSeapáin an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais.

    Imports from Turkey were at similar prices to the South Korean imports but at much lower volumes and thus such imports did not attenuate the causal link between the dumped imports and the injury of the Union industry Similarly, Japanese imports did not attenuate the causal link between the dumped imports and the injury of the Union industry.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/547 ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí polaiméirí sár-ionsúiteacha de thionscnamh Phoblacht na Cóiré.

  14. #2733166

    I bhfianaise na tábhachta a chuir an Coimisiún ar shladghearradh praghais a bheith ann maidir lena chinneadh go ndearnadh díobháil agus lena chonclúid maidir leis an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil sin, shuigh an Chúirt Ghinearálta gur leor an earráid i ríomh an tsladghearrtha praghais chun anailís an Choimisiúin ar an nasc cúisíoch a chur ó bhail, ar rud é atá ina gné riachtanach ó thaobh bearta a fhorchur.

    Considering the importance the Commission had attached to the existence of price undercutting in its finding of injury and in its conclusion on the causal link between the dumped imports and that injury, the General Court found that the error in the calculation of price undercutting was sufficient to invalidate the Commission’s analysis of the respective causal link, existence of which is an essential element for the imposition of measures.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/609 ón gCoimisiún an 17 Márta 2023 lena n-ath-fhorchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí rothar leictreach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a mhéid a bhaineann le Giant Electric Vehicle (Kunshan) Co., Ltd tar éis an bhreithiúnais ón gCúirt Ghinearálta i gcás T-242/19

  15. #2733448

    I bhfianaise na tábhachta a chuir an Coimisiún ar shladghearradh praghais a bheith ann maidir lena chinneadh go ndearnadh díobháil agus lena chonclúid maidir leis an nasc cúisíoch idir na hallmhairí fóirdheonaithe agus an díobháil sin, shuigh an Chúirt Ghinearálta gur leor an earráid i ríomh an tsladghearrtha praghais chun anailís an Choimisiúin ar an nasc cúisíoch a chur ó bhail, ar rud é atá ina gné riachtanach ó thaobh bearta a fhorchur.

    Considering the importance the Commission had attached to the existence of price undercutting in its finding of injury and in its conclusion on the causal link between the subsidised imports and that injury, the General Court found that the error in the calculation of price undercutting was sufficient to invalidate the Commission’s analysis of the respective causal link, existence of which is an essential element for the imposition of measures.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/610 ón gCoimisiún an 17 Márta 2023 lena n-ath-fhorchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí rothar leictreach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a mhéid a bhaineann le Giant Electric Vehicle (Kunshan) Co., Ltd tar éis an bhreithiúnais ón gCúirt Ghinearálta i gcás T-243/19

  16. #3063727

    Chun beart coimirce déthaobhach a chur i bhfeidhm, léireoidh an t-údarás imscrúdúcháin inniúil, ar bhonn fianaise oibiachtúil, gurb ann do nasc cúisíoch idir allmhairí méadaithe an táirge lena mbaineann agus an mhórdhíobháil nó bagairt mhórdhíobháil nó gurb ann do nasc cúisíoch idir allmhairí méadaithe an táirge lena mbaineann agus an meath tromchúiseach nó bagairt meatha thromchúisigh.

    In order to apply a bilateral safeguard measure, the competent investigating authority shall demonstrate on the basis of objective evidence the existence of a causal link between the increased imports of the product concerned and the serious injury or the threat of serious injury or the existence of a causal link between the increased imports of the product concerned and the serious deterioration or the threat of serious deterioration.

    22024A0022

  17. #503847

    Ba cheart don Choimisiún staidéar a dhéanamh chun meastóireacht a dhéanamh i dtaobh an bhfuil nasc cúisíoch idir frithghníomhaíochtaí ailléirgeacha agus substaintí ceimiceacha nó meascáin cheimiceacha a úsáidtear i dtáirgí teicstíle.

    The Commission should carry out a study to evaluate whether there is a causal link between allergic reactions and chemical substances or mixtures used in textile products.

    Rialachán (AE) Uimh. 1007/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2011 maidir le hainmneacha snáithíní teicstíle agus maidir le lipéadú gaolmhar agus marcáil ghaolmhar táirgí teicstíle i leith a gcomhdhéanaimh shnáithínigh agus lena n-aisghairtear Treoir 73/44/CEE ón gComhairle, Treoir 96/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2008/121/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  18. #504038

    Faoin 30 Meán Fómhair 2013, déanfaidh an Coimisiún staidéar chun meastóireacht a dhéanamh cibé an bhfuil nasc cúisíoch idir frithghníomhaíochtaí ailléirgeacha agus substaintí ceimiceacha nó meascáin cheimiceacha a úsáidtear i dtáirgí teicstíle.

    By 30 September 2013, the Commission shall carry out a study to evaluate whether there is a causal link between allergic reactions and chemical substances or mixtures used in textile products.

    Rialachán (AE) Uimh. 1007/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2011 maidir le hainmneacha snáithíní teicstíle agus maidir le lipéadú gaolmhar agus marcáil ghaolmhar táirgí teicstíle i leith a gcomhdhéanaimh shnáithínigh agus lena n-aisghairtear Treoir 73/44/CEE ón gComhairle, Treoir 96/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2008/121/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  19. #715441

    Beidh san áireamh i ngearán faoi mhír 1 fianaise maidir le dumpáil, díobháil agus nasc cúisíoch idir na hallmhairí a líomhnaítear a dumpáladh agus an díobháil líomhnaithe.

    A complaint under paragraph 1 shall include evidence of dumping, injury and a causal link between the allegedly dumped imports and the alleged injury.

    Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad

  20. #1911009

    I bhfianaise na mbreithnithe thuas, shuigh an Coimisiún nasc cúisíoch go sealadach idir an díobháil a bhain do thionscal an Aontais agus na hallmhairí dumpáilte ón Tuirc.

    In light of the above considerations, the Commission provisionally established a causal link between the injury suffered by the Union industry and the dumped imports from Turkey.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/9 ón gCoimisiún an 6 Eanáir 2021 lena bhforchuirtear dleacht shealadach frithdhumpála ar tháirgí comhréidhe teorollta áirithe atá déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile a allmhairítear agus ar de thionscnamh na Tuirce iad

  21. #2010126

    D’éiligh roinnt mhaith páirtithe leasmhara nach bhféadfaí an díobháil a chur i leith na n-allmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann agus go raibh an nasc cúisíoch á mhaolú ag fachtóirí eile.

    Several interested parties claimed that the injury could not be attributed to the dumped imports from the country concerned and that other factors were attenuating the causal link.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/546 ón gCoimisiún an 29 Márta 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí d’easbhrúnna alúmanaim ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad

  22. #2014750

    In éagmais eisiamh den sórt sin, d’iarr sé anailís rannach shonrach maidir le dumpáil, díobháil, nasc cúisíoch agus leas an Aontais i gcás na AFRPanna HEX mótarfheithiclí.

    In the absence of such exclusion, it requested a segment specific analysis with regard to dumping, injury, causal link and Union interest for automotive HEX AFRPs.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/582 ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí táirgí cothromrollta alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

  23. #2015071

    Mar sin féin, ní dhéanann an fhorbairt sin an nasc cúisíoch idir an díobháil ábhartha a fuarthas agus na hallmhairí dumpáilte ón tSín a mhaolú.

    However, this development does not attenuate the causal link between the material injury found and the dumped imports from China.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/582 ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí táirgí cothromrollta alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

  24. #2023677

    Ansin, rinne an Coimisiún measúnú ar cibé an bhfuil nasc cúisíoch idir allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus an díobháil a bhain don tionscal de chuid an Aontais.

    Next, the Commission assessed whether there is a causal link between imports from the countries concerned and the injury suffered by Union industry.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/633 ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise iad tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

  25. #2025043

    Rinne an Coimisiún measúnú ar cibé acu an bhfuil nasc cúisíoch idir allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus an díobháil a bhain don tionscal de chuid an Aontais, nó nach bhfuil.

    The Commission assessed whether there is a causal link between imports from the countries concerned and the injury suffered by Union industry.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de phíopaí táite agus d’fheadáin tháite áirithe d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail ar de thionscnamh na Bealarúise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Rúise iad tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

  26. #2025082

    Tar éis an nochta, mhaígh Rialtas na Rúise go bhfuil éagmais ann i dtaobh nasc cúisíoch idir allmhairí ón Rúis agus staid thionscal an Aontais.

    Following disclosure, the Government of Russia claimed that there is a lack of a causal link between imports from Russia and the situation of the Union industry.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de phíopaí táite agus d’fheadáin tháite áirithe d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail ar de thionscnamh na Bealarúise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Rúise iad tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

  27. #2063163

    Suíodh nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte ón India agus ón Indinéis ar thaobh amháin agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais ar an taobh eile.

    A causal link was established between the dumped imports from India and Indonesia on the one hand and the injury suffered by the Union industry on the other hand.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/854 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise

  28. #2063170

    I bhfianaise na mbreithnithe thuas, shuigh an Coimisiún nasc cúisíoch go sealadach idir an díobháil a bhain do thionscal an Aontais agus na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann.

    In light of the above considerations, the Commission provisionally established a causal link between the injury suffered by the Union industry and the dumped imports from the countries concerned.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/854 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise

  29. #2063172

    Ní dhearnadh an nasc cúisíoch a mhaolú le fachtóirí eile, ina n-aonar nó i dteannta a chéile.

    Other factors, individually or collectively, did not attenuate the causal link.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/854 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise

  30. #2070358

    An fíoras gur san am céanna a mheath staid thionscal an Aontais agus a mhéadaigh teacht i bhfód allmhairí dumpáilte, is léiriú láidir é go bhfuil nasc cúisíoch ann.

    The simultaneity of the deterioration of the situation of the Union industry and of the increased penetration of dumped imports strongly indicates the existence of a causal link.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/939 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí gliocóil mona-eitiléine ar de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Ríocht na hAraibe Sádaí iad

  31. #2070431

    Déantar éifeachtaí phaindéim COVID-19 faoi chúisíocht, de réir mar is ábhartha i gcás fachtóirí ar féidir go maolóidh siad an nasc cúisíoch.

    The effects of the COVID-19 pandemic are analysed under causality, as may be relevant for factors which may attenuate the causal link.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/939 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí gliocóil mona-eitiléine ar de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Ríocht na hAraibe Sádaí iad

  32. #2071633

    Ar an gcaoi sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil aon mhaolú ar an nasc cúisíoch in éifeachtaí COVID-19.

    The Commission, thus, concluded that effects of the COVID-19 do not attenuate the causal link.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/940 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí sraithadhmaid beithe de thionscnamh na Rúise

  33. #2071641

    I bhfianaise na mbreithnithe thuas, shuigh an Coimisiún nasc cúisíoch go sealadach idir an díobháil a tharla do thionscal an Aontais agus na hallmhairí dumpáilte ón Rúis.

    In light of the above considerations, the Commission provisionally established a causal link between the injury suffered by the Union industry and the dumped imports from Russia.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/940 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí sraithadhmaid beithe de thionscnamh na Rúise

  34. #2091921

    Dearbhaíodh an cinneadh nach féidir gur mhaolaigh allmhairí ó thríú tíortha an nasc cúisíoch idir allmhairí dumpáilte ón Tuirc agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais.

    The finding that imports from third countries could not attenuate the causal between dumped imports from Turkey and the injury suffered by the Union industry was confirmed.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1100 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach, agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach a forchuireadh ar tháirgí comhréidhe teo-rollta áirithe atá déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Tuirce

  35. #2138764

    Rinne an Coimisiún measúnú ar cibé acu an bhfuil nasc cúisíoch idir allmhairí ón tír lena mbaineann agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais, nó nach bhfuil.

    The Commission assessed whether there is a causal link between imports from the country concerned and the injury suffered by Union industry.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1805 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de shlata sreinge de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

  36. #2141917

    Dá bhrí sin, níor mhaolaigh an laghdú ar thomhaltas i ngeall ar phaindéim an nasc cúisíoch idir allmhairí dumpáilte agus díobháil ábhartha a bhain do thionscal de chuid an Aontais.

    Therefore, the decrease in consumption because of the pandemic did not attenuate the causal link between the dumped imports and the injury of the Union industry.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1812 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí córas leictreoidí graifíte áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

  37. #2149037

    Dheimhnigh an Coimisiún dá bhrí sin a thoradh sealadach nár mhaolaigh allmhairí ó thíortha eile an nasc cúisíoch.

    The Commission therefore confirmed its provisional finding that imports from other countries did not attenuate the causal link.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí de shraithadhmad beithe de thionscnamh na Rúise

  38. #2149080

    Dhíbh an Coimisiún, dá bhrí sin, na maímh sin agus dúirt nár mhaolaigh an tionchar a bhí ag COVID-19 an nasc cúisíoch.

    The Commission, thus, dismissed these claims and concluded that effects of the COVID-19 did not attenuate the causal link.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí de shraithadhmad beithe de thionscnamh na Rúise

  39. #2149085

    Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, dá bhrí sin, nár mhaolaigh an easpa inchomparáideachta agus iomaíochta táirgí a líomhnaíodh an nasc cúisíoch.

    The Commission, thus, concluded that the alleged lack of product comparability and competition did not attenuate the causal link.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí de shraithadhmad beithe de thionscnamh na Rúise

  40. #2149091

    Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, dá réir sin, nach raibh aon bhunús leis an líomhain maidir le heaspa inchomparáideachta agus iomaíochta táirgí agus nach bhféadfadh sé an nasc cúisíoch a mhaolú.

    Accordingly, the allegation concerning a lack of product comparability and competition was unfounded and could not attenuate the causal link.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí de shraithadhmad beithe de thionscnamh na Rúise

  41. #2154722

    Ina theannta sin, mhaígh CCCME nach raibh aon fhianaise sa ghearán maidir le nasc cúisíoch idir allmhairí dumpáilte agus díobháil.

    In addition, the CCCME claimed that the complaint contained no evidence of a causal link between dumped imports and injury.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2011 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

  42. #2154743

    Maidir le fianaise leordhóthanach ar nasc cúisíoch, ba cheart an méid seo a leanas a thabhairt faoi deara.

    In relation to sufficient evidence of a causal link, the following should be noted.

  43. #2156372

    Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach léiríonn argóintí CCCME agus Rialtas na Síne thuas nach bhfuil aon nasc cúisíoch idir dumpáil agus díobháil.

    Therefore, the Commission considered that the above arguments of CCCME and GOC do not point to the absence of a causal link between dumping and injury.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2011 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

  44. #2156407

    Ní raibh na fachtóirí aitheanta eile, más ina n-aonar e nó i dteannta a chéile, in ann an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil ábhartha a mhaolú.

    The other known factors, individually or collectively, were not capable of attenuating the causal link between the dumped imports and the material injury.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2011 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

  45. #2180690

    Dá bhrí sin, ní fhéadfadh túir neamhchruach an nasc cúisíoch a suíodh idir allmhairí dumpáilte ón tSín agus an díobháil ábhartha a bhain do thairgeoirí SWT de chuid an Aontais a mhaolú.

    Non-steel towers could thus not attenuate the causal link established between dumped imports from China and the material injury suffered by Union SWT producers.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí túr gaoithe cruach áirithe ar scála fóntais de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

  46. #2192285

    De réir Rialtas na Síne, ní raibh dóthain fianaise ann maidir le fóirdheontais in-fhrithchúitithe, díobháil ná nasc cúisíoch idir na hallmhairí fóirdheonaithe agus an díobháil.

    According to the GOC, there was insufficient evidence of countervailable subsidies, injury and a causal link between the subsidised imports and the injury.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2287 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí scragaill tiontaire alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE)2021/2170 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí scragaill tiontaire alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

  47. #2204296

    Is féidir nasc cúisíoch soiléir a dhéanamh leis an teagmhas a chuir deireadh le gníomhaíocht na n‑oibrithe iomarcacha le linn na tréimhse tagartha.

    A clear causal link can be established with the event that triggered the cessations of activity of the displaced workers during the reference period..

    Togra le haghaidh CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh tar éis iarratas ón Iodáil – EGF/2021/002 IT/Air Italy

  48. #2281973

    De réir Rialtas na Síne, ní raibh fianaise leordhóthanach ann gurbh ann d’fhóirdheontais in-fhrithchúitithe, díobháil agus nasc cúisíoch idir na hallmhairí ar tugadh fóirdheontais ina leith agus an díobháil.

    According to the GOC, there was insufficient evidence of countervailable subsidies, injury and a causal link between the subsidised imports and the injury.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/72 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2022 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2011 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

  49. #2282033

    Ina theannta sin, mhaígh Rialtas na Síne agus CCCME nach raibh aon fhianaise sa ghearán ar nasc cúisíoch idir allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith agus díobháil.

    In addition, the GOC and the CCCME claimed that the complaint contained no evidence of a causal link between subsidized imports and injury.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/72 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2022 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2011 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

  50. #2282055