#1700136
Maidir le haon duine a mbeidh láithreas á thaifeadadh aige i gcaingean chun gabháltas nó tailte ar a mbeidh gabháltas talmhaíochta nó gabháltas féaraigh, nó gabháltas is gabháltas talmhaíochta cuid de agus gabháltas féaraigh an chuid eile, de réir a chineáil, a aisghabháil, mar gheall ar neamhíoc cíosa, i gcás ina mbeidh an duine sin ag áitiú an ghabháltais sin mar fhothionónta air, agus nach mbeidh á éileamh aige ach é a bheith i dteideal, faoin Land Law (Ireland) Act, 1896 (59 7 60 Vic., c. 47), alt 12, d'ainneoin breithiúnas a bheith tugtha i bhfabhar an ghearánaí sa chaingean, seilbh a choimeád ar an ngabháltas sin mar neastionónta don ghearánaí, agus gan an breithiúnas sin a fhorghníomhú ina choinne, beidh de chead aige a mheabhrán láithris a theorannú dá réir sin.
Where any person entering an appearance in an action for the recovery of a holding or of lands including a holding, agricultural or pastoral, or partly agricultural and partly pastoral, in its character, for non-payment of rent, is in occupation of such holding as sub-tenant thereof, and merely claims to be entitled under the Land Law (Ireland) Act, 1896 (59 & 60 Vic., c. 47) section 12, notwithstanding judgment for the plaintiff in the action to retain possession of such holding as immediate tenant to the plaintiff, and not to have such judgment executed against him, he shall be at liberty to limit his memorandum of appearance accordingly.