Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

6 thoradh in 6 dhoiciméad

  1. #1925830

    Is iad na mná go háirithe atá buailte ag géarchéim COVID-19, ós rud é gurb ionann iad agus tromlach na n-oibrithe sláinte ar fud an Aontais, agus go mb’éigean dóibh cothromaíocht a aimsiú idir obair chúraim gan phá agus a ndualgais oibre.

    Women have been particularly affected by the COVID-19 crisis as they represent the majority of healthcare workers across the Union and balance unpaid care work with their employment responsibilities.

    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

  2. #2034281

    Ba cheart díriú freisin ar chothromaíocht oibre is saoil agus ar chomhroinnt chothrom na hoibre teaghlaigh gan phá idir mná agus fir agus ar an obair chúraim le haghaidh leanaí, daoine scothaosta agus cleithiúnaithe eile, idir fir agus mná, ar nithe iad atá dlúthbhainteach le neamhspleáchas eacnamaíoch comhionann agus rannpháirtíocht a bhaint amach, agus le comhionannas a bhaint amach idir mná agus fir.

    Focus should also be placed on work-life balance and on the equal sharing between women and men of unpaid household tasks and care for children, the elderly and other dependents, as these are matters which are intrinsically related to the achievement of equal economic independence and participation, and to the achievement of equality between women and men.

    Rialachán (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle

  3. #2200338

    Ar chúl na bhforbairtí sin tá difríochtaí in ionadaíocht na mban agus na bhfear in earnálacha agus i ngairmeacha a bhí thíos leis an ngéarchéim, difríochtaí idir na hinscní maidir le húsáid teilea-oibre, agus impleachtaí na méaduithe tobanna ar obair chúraim neamhíoctha (rud a d’fhág go raibh sé deacair do mhná go háirithe chun obair a chothromú le freagrachtaí cúraim).

    Behind these developments are differences in representation of women and men in sectors and occupations affected by the crisis, gender differences in the use of telework, and the implications of sudden increases in unpaid care work (which often made it particularly difficult for women to balance work with care responsibilities).

    TOGRA LE hAGHAIDH TUARASCÁIL CHOMHPHÁIRTEACH AR FHOSTAÍOCHT ÓN gCOIMISIÚN AGUS ÓN gCOMHAIRLE

  4. #2383064

    Líon na mban san earnáil phríobháideach a mhéadú, feabhas a chur ar dhálaí oibre na mban, dúshaothrú na mban a chomhrac lena n-áirítear in obair thalmhaíochta agus in obair chúraim neamhfhoirmiúil, agus fiontraíocht na mban i gceantair thuaithe a fhorbairt.

    Increase the proportion of women in the private sector, improve women’s working conditions, combat the exploitation of women including in agricultural work and informal care work, and develop women’s entrepreneurship in rural areas.

    Moladh Uimh. 1/2022 ó Chomhairle Comhlachais AE-Poblacht na Moldóive an 22 Lúnasa 2022 maidir leis an gClár Oibre Comhlachais AE-Poblacht na Moldóive 2022 [2022/1997]

  5. #2634234

    Laistiar de na forbairtí sin tá difríochtaí seanbhunaithe maidir le hionadaíocht na mban agus na bhfear in earnálacha agus i ngairmeacha atá thíos leis an ngéarchéim, amhail ró-ionadaíocht na mban in earnálacha atá buailte go dona ag dianghlasálacha, difríochtaí inscne in úsáid na teilea-oibre, agus na himpleachtaí a bhaineann le méadú tobann ar obair chúraim gan íocaíocht.

    Behind these developments are long-standing differences in representation of women and men in sectors and occupations affected by the crisis, such as women’s over-representation in sectors badly hit by lockdowns, gender differences in the use of telework, and the implications of sudden increases in unpaid care work.

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE Tuarascáil athbhreithnithe ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta

  6. #2642112

    Ach oideachas agus cúram luathóige a oiriúnú, mar aon le córais cúraim fhadtéarmaigh, i gcomhréir leis an Straitéis Chúraim Eorpach a chuir an Coimisiún i láthair an 7 Meán Fómhair 2022, agus dul i ngleic le ganntanais agus le srianta acmhainneachta sna réimsí sin, d’fhéadfaí feabhas a chur ar ionchais mhargaidh saothair na ndaoine úd a bhfuil obair chúraim neamhíoctha á soláthar faoi láthair acu, agus ar cháilíocht an chúraim dóibh siúd a fhaigheann é.

    Adapting early childhood education and care, as well as long-term care systems, in line with the European Care Strategy presented by the Commission on 7 September 2022, while also tackling shortages and capacity constraints in those domains, has the potential to improve the labour market prospects of those currently providing unpaid care work, and the quality of care for those receiving it.

    TOGRA LE hAGHAIDH TUARASCÁIL CHOMHPHÁIRTEACH AR FHOSTAÍOCHT ÓN gCOIMISIÚN AGUS ÓN gCOMHAIRLE