#1811949
Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbeidh oiliúint leordhóthanach ar an bhfoireann sna consalachtaí chun cuidiú leis na húdaráis lárnacha agus scrúdú agus cinneadh á ndéanamh acu maidir le hiarratais, go háirithe trí bheith rannpháirteach i gcruinnithe comhair áitiúil Schengen, faisnéis a mhalartú le consalachtaí eile agus leis na húdaráis áitiúla, faisnéis áitiúil ábhartha a bhailiú maidir le riosca imirce agus cleachtais chalaoiseacha, agus agallaimh agus scrúduithe breise a dhéanamh.”;
Member States shall also ensure that consulates have sufficient and adequately trained staff for assisting the central authorities in examining and deciding on applications, notably by participating in local Schengen cooperation meetings, exchanging information with other consulates and local authorities, gathering relevant information locally on migratory risk and fraudulent practices, and conducting interviews and additional examinations.’;