Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

30 toradh in 21 doiciméad

  1. #714029

    saor-rogha a fheidhmiú maidir le roghnú agus pórú a gcuid ainmhithe pórúcháin;

    exercising free choice in the selection and breeding of their breeding animals;

    Rialachán (AE) 2016/1012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha i dtaca le pórú agus trádáil ainmhithe pórúcháin folaíochta, muca pórúcháin hibrideacha, agus táirgí geirmeacha díobh san Aontas agus lena dtabhairt isteach san Aontas agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 652/2014, Treoir 89/608/CEE ón gComhairle agus Treoir 90/425/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse an phóraithe ainmhithe (“An Rialachán maidir le Pórú Ainmhithe”) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  2. #1611642

    saor-rogha fostaíochta

    free choice of employment

    Riar na hOibre (Dáil Éireann/Seanad Éireann)

  3. #1778544

    Saor-rogha soláthróra

    Free choice of supplier

    Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  4. #283561

    Tá an ceart céanna chun saorghluaiseachta, chun saor-rogha agus chun neamh-idirdhealaithe ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus atá ag gach saoránach eile.

    Disabled persons and persons with reduced mobility have the same right as all other citizens to free movement, freedom of choice and to non-discrimination.

    Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid

  5. #316543

    Tá na cearta céanna maidir le saorghluaiseacht, saor-rogha agus neamh-idirdhealú ag daoine atá faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus atá ag gach saoránach eile.

    Disabled persons and persons with reduced mobility have the same rights as all other citizens with regard to free movement, freedom of choice and non-discrimination.

    Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004

  6. #323014

    Tá na cearta céanna i dtaca le saorghluaiseacht, saor-rogha agus neamh-idirdhealú ag daoine atá faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus atá ag gach saoránach eile.

    Disabled persons and persons with reduced mobility have the same rights as all other citizens with regard to free movement, freedom of choice and non-discrimination.

    Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004

  7. #556268

    Tá na cearta céanna maidir le saorghluaiseacht, saor-rogha agus neamh-idirdhealú ag daoine atá faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus atá ag gach saoránach eile.

    Disabled persons and persons with reduced mobility have the same rights as all other citizens with regard to free movement, freedom of choice and non-discrimination.

    Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

  8. #1774563

    Ba cheart go mbeadh an saor-rogha ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir le leithdháileadh na bhfreagrachtaí i dtaca leis an dícheall réasúnach sin a dhéanamh.

    Member States should be free to determine the allocation of responsibilities for making that reasonable effort.

    Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  9. #1778872

    Déanfar mhír 1 a chur chun feidhme ar bhealach trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus ní chuirfidh sí bac roimh an saor-rogha soláthróra dá bhforáiltear in Airteagal 4.

    Paragraph 1 shall be implemented in a transparent and non-discriminatory way, and shall not impede the free choice of supplier provided for in Article 4.

    Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  10. #2014442

    Is é a thuairim go bhfuil saor-rogha aige a soláthraithe féin a roghnú, is cuma cé acu táirgeoirí nó dáileoirí iad, ar phraghsanna a ndéantar caibidlíocht orthu go saor.

    In its view, it has a free choice of selecting its own suppliers, whether producers or distributors, at freely negotiated prices.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/582 ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí táirgí cothromrollta alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

  11. #2078708

    Is é a thuairim go bhfuil saor-rogha aige a soláthróirí féin a roghnú, is cuma cé acu táirgeoirí nó dáileoirí iad, ar phraghsanna a ndéantar caibidlíocht orthu go saor.

    In its view, it has a free choice of selecting its own suppliers, whether producers or distributors, at freely negotiated prices.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/983 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí scragaill tiontaire alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

  12. #2671759

    In ainneoin na reachtaíochta agus na gcásanna in aghaidh trustaí, ní thugann institiúidí an Aontais iad féin saor-rogha do thomhaltóirí margaí ceannasacha a úsáid nó imeacht uathu.

    Despite the legislation and antitrust cases, Union institutions themselves don`t offer consumers free choice to use or move away from dominating marketplaces.

    Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2023/278 bhuiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023

  13. #3129550

    Chun go measfar díolacháin a bheith faoi chuing, ní féidir saor-rogha soláthróra a bheith ag an gceannaitheoir (gaolmhar).

    For sales to be considered captive, the (related) buyer cannot have a free choice of supplier.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2758 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail de thionscnamh Phoblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle, Phoblacht Ioslamach na hIaráine agus Chónaidhm na Rúise iad i ndiaidh athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

  14. #3160367

    In ainneoin na reachtaíochta agus na gcásanna in aghaidh trustaí, ní thugann institiúidí an Aontais iad féin saor-rogha do thomhaltóirí margaí ceannasacha a úsáid nó imeacht uathu.

    Despite the legislation and antitrust cases, Union institutions themselves do not offer consumers free choice to use or move away from dominating marketplaces.

    Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2024/207 Bhuiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024

  15. #713041

    Comhlachais póraitheoirí, eagraíochtaí pórúcháin, lena n-áirítear eagraíochtaí pórúcháin ar gnóthais phríobháideacha iad, nó comhlachtaí poiblí, níor cheart iad a aithint mar chumainn phóir ach amháin nuair atá acu póraitheoirí atá rannpháirteach ina gcláir phóraithe agus nuair a áirithíonn siad go bhfuil saor-rogha ag na póraitheoirí sin maidir le roghnú agus pórú a gcuid ainmhithe pórúcháin folaíochta, go bhfuil acu an ceart na hóga a thagann ó na hainmhithe sin a iontráil ina bpórleabhair agus gur féidir leo úinéireacht ar na hainmhithe sin a bheith acu.

    Breeders' associations, breeding organisations, including breeding organisations which are private undertakings, or public bodies should only be recognised as breed societies when they have breeders participating in their breeding programmes and when they ensure that those breeders have free choice in the selection and breeding of their purebred breeding animals, the right to have the offspring descended from those animals entered in their breeding books and the possibility of owning those animals.

    Rialachán (AE) 2016/1012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha i dtaca le pórú agus trádáil ainmhithe pórúcháin folaíochta, muca pórúcháin hibrideacha, agus táirgí geirmeacha díobh san Aontas agus lena dtabhairt isteach san Aontas agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 652/2014, Treoir 89/608/CEE ón gComhairle agus Treoir 90/425/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse an phóraithe ainmhithe (“An Rialachán maidir le Pórú Ainmhithe”) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  16. #720888

    trí dhíothú a dhéanamh ar na tréimhsí cáiliúcháin agus na srianta eile sin go léir, dá bhforáiltear faoi reachtaíocht náisiúnta nó faoi chomhaontuithe a bhí déanta idir na Ballstáit, a chuireann ar oibrithe ó Bhallstáit eile coinníollacha maidir le saor-rogha fostaíochta nach gcuirtear ar oibrithe an Stáit atá i gceist;

    by abolishing all such qualifying periods and other restrictions provided for either under national legislation or under agreements previously concluded between Member States as imposed on workers of other Member States conditions regarding the free choice of employment other than those imposed on workers of the State concerned;

    Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (leagan comhdhlúite 2016)

  17. #1477841

    ciallaíonn “bróicéir árachais” duine a dhéanann, agus é ag gníomhú leis an saor-rogha a thuairiscítear in alt 44 (1) (b), daoine a bheidh ag iarraidh árachais agus gnóthais árachais a thabhairt le chéile le hionchas fiontair a árachú agus a dhéanann obair ullmhúcháin sula gcuirtear conarthaí árachais i gcrích, ach ní fholaíonn sé gníomhaire árachais ná fostaí de chuid árachóra tráth a bheidh an fostaí ag gníomhú thar ceann an árachóra sin;

    "insurance broker" means a person who, acting with the freedom of 5 choice described in section 44 (1) (b), brings together, with a view to the insurance of risks, persons seeking insurance and insurance undertakings, and carries out work preparatory to the conclusion of contracts of insurance, but does not include an insurance agent or an employee of an insurer when the employee is acting for that insurer;

    Uimhir 3 de 1989: AN tACHT ÁRACHAIS, 1989

  18. #1774548

    Ba cheart go mbeadh an saor-rogha ag na Ballstáit rialacha sonracha a leagan síos a bheidh infheidhme maidir le cásanna ina bhfuil níos mó ná eagraíocht chomhbhainistíochta amháin ionadaíoch do na saothair nó ábhar eile is ábhartha, lena gceanglaítear, mar shampla, comhcheadúnais nó comhaontú idir na heagraíochtaí ábhartha a thabhairt i gcrích.

    Member States should be free to establish specific rules applicable to cases in which more than one collective management organisation is representative for the relevant works or other subject matter, requiring for example joint licences or an agreement between the relevant organisations.

    Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  19. #1774572

    Ba cheart go mbeadh an saor-rogha i gcónaí ag institiúidí oidhreachta cultúrtha agus ag eagraíochtaí comhbhainistíochta raon feidhme críochach an cheadúnais, lena n-áirítear an fhéidearthacht go gcumhdófaí leis gach Ballstát, an táille ceadúnais agus na húsáidí atá ceadaithe a chomhaontú.

    Contracting cultural heritage institutions and collective management organisations should remain free to agree on the territorial scope of licences, including the option of covering all Member States, the licence fee and the uses allowed.

    Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  20. #1774637

    Ba cheart go mbeadh an saor-rogha ag na Ballstáit breith a thabhairt ar fheidhmiú nithiúil an tsásra caibidlíochta, lena n-áirítear uainiú agus ré an chúnaimh don chaibidlíocht agus na costais arna dtabhú.

    Member States should be free to decide on the specific functioning of the negotiation mechanism, including the timing and duration of the assistance to negotiations and the bearing of the costs.

    Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  21. #1774684

    Ba cheart go mbeadh an saor-rogha i gcónaí ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir le conas a mar a thabharfaidh foilsitheoirí bunús lena n-éilimh ar chúiteamh nó ar luach saothair agus na coinníollacha a leagan síos maidir leis an gcúiteamh sin a chomhroinnt idir údair agus foilsitheoirí i gcomhréir lena gcórais náisiúnta.

    Member States should remain free to determine how publishers are to substantiate their claims for compensation or remuneration, and to lay down the conditions for the sharing of such compensation or remuneration between authors and publishers in accordance with their national systems.

    Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  22. #1774990

    I gcur chun feidhme an phrionsabail a leagtar amach i mír 1 sa dlí náisiúnta, beidh saor-rogha ag na Ballstáit úsáid a bhaint as sásraí éagsúla agus cuirfidh siad prionsabal na saoirse conarthaí agus cóimheá chothrom ar chearta agus leasanna san áireamh.

    In the implementation in national law of the principle set out in paragraph 1, Member States shall be free to use different mechanisms and take into account the principle of contractual freedom and a fair balance of rights and interests.

    Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  23. #1813428

    an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh TPPU i gcás nach mbíonn saor-rogha dlí ag na páirtithe nó, i gcás ina bhfuil sé de shaoirse ag na páirtithe an dlí is infheidhme a roghnú, an dlí a bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí TPPUnna a roghnú;

    the law applicable to the PEPP contract where the parties do not have a free choice of law or, where the parties are free to choose the applicable law, the law that the PEPP provider proposes to choose;

    Rialachán (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  24. #1942163

    Faoin teideal “An bhfuil sé seo faoi rialú dhlí (na mBallstát)”, cuirfidh an soláthraí TPPUnna an fhaisnéis i láthair faoin dlí is infheidhme maidir leis an gconradh TPPU i gcás nach mbíonn saor-rogha dlí ag na páirtithe nó, i gcás ina bhfuil sé de shaoirse ag na páirtithe an dlí is infheidhme a roghnú, an dlí a bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí TPPUnna a roghnú;

    Under the title ‘Is this governed by [Member State] law?’, the PEPP provider shall present information about the law applicable to the PEPP contract where the parties do not have a free choice of law or, where the parties are free to choose the applicable law, the law that the PEPP provider proposes to choose.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/473 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na ceanglais maidir le doiciméid faisnéise, na costais agus na táillí a áirítear faoin teorainn costais agus teicnící maolaithe riosca i gcomhair an Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpaigh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  25. #2202230

    Maidir le cleachtais eile ionramhálacha nó dhúshaothraithe a dhéanann difear do dhaoine fásta a d’fhéadfadh córais intleachta saorga a éascú, d’fhéadfaí iad a chumhdach le reachtaíocht atá ann cheana maidir le cosaint sonraí, cosaint tomhaltóirí agus seirbhís dhigiteach lena ráthaítear go gcuirtear daoine nádúrtha ar an eolas mar is ceart agus go bhfuil saor-rogha acu gan bheith faoi réir próifíliú nó cleachtais eile a dhéanfadh difear dá n‑iompraíocht.

    Other manipulative or exploitative practices affecting adults that might be facilitated by AI systems could be covered by the existing data protection, consumer protection and digital service legislation that guarantee that natural persons are properly informed and have free choice not to be subject to profiling or other practices that might affect their behaviour.

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE LENA LEAGTAR SÍOS RIALACHA COMHCHUIBHITHE MAIDIR LEIS AN INTLEACHT SHAORGA (GNÍOMH UM AN INTLEACHT SHAORGA) AGUS LENA LEASAÍTEAR GNÍOMHARTHA ÁIRITHE REACHTACHA DE CHUID AN AONTAIS

  26. #2334835

    go mbeadh gníomhaíocht fhollasach, dhearfach i gceist le ‘iontaoibh’ nó ‘treoir’ atá dírithe ar pháirtí ar leith i ndáil le cúram nó dualgas ar leith, agus é sin an-difriúil ón staid ina ndéanann rialtas idirghabháil sa mhargadh ar bhealach éigin, a bhféadfadh toradh ar leith a bheith air i bhfianaise na n-imthosca fíorasacha agus feidhmiú saor-rogha na ngníomhaithe sa mhargadh sin.

    ‘entrustment’ or ‘direction’ would involve an explicit and affirmative action addressed to a particular party in relation to a particular task or duty, this being very different from the situation in which a government intervenes in the market in some way, which may or may not have a particular result given the factual circumstances and exercise of free choice by the actors in that market.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/433 ón gCoimisiún an 15 Márta 2022 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2012 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise

  27. #2528900

    Níor cheart do gheatóirí srian a chur le saor-rogha úsáideoirí deiridh ná í a chosc trí bhac teicniúil nó eile a chur orthu athrú idir feidhmchláir bogearraí agus seirbhísí éagsúla nó liostáil leo.

    Gatekeepers should not restrict or prevent the free choice of end users by technically or otherwise preventing switching between or subscription to different software applications and services.

    Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (An Gníomh um Margaí Digiteacha) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  28. #2528902

    Ba cheart do gheatóirí saor-rogha a áirithiú gan beann ar aon chrua-earraí trína bhfaightear rochtain ar fheidhmchláir bogearraí nó ar sheirbhísí den sórt sin a bheith á monarú acu féin agus níor cheart go gcuirfeadh siad bacainní teicniúla bréagacha nó eile in airde ionas go mbeidh athrú dodhéanta nó neamhéifeachtach.

    Gatekeepers should ensure a free choice irrespective of whether they are the manufacturer of any hardware by means of which such software applications or services are accessed and should not raise artificial technical or other barriers so as to make switching impossible or ineffective.

    Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (An Gníomh um Margaí Digiteacha) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  29. #2528950

    Chun saor-rogha úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh a choimirciú, níor cheart cead a bheith ag geatóir deacracht ná castacht nach gá a chruthú d’úsáideoirí gnó nó d’úsáideoirí deiridh agus iad ag díliostáil ó chroísheirbhís ardáin.

    To safeguard free choice of business users and end users, a gatekeeper should not be allowed to make it unnecessarily difficult or complicated for business users or end users to unsubscribe from a core platform service.

    Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (An Gníomh um Margaí Digiteacha) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  30. #2803889

    Luaitear in Airteagal 23 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, inter alia, go mbeidh an ceart ag gach uile dhuine, gan aon idirdhealú, chun pá chomhionainn as obair chomhionann, chun saor-rogha fostaíochta, chun coinníollacha oibre córa fabhracha agus chun pá chóir lena n-áirithítear cóir mhaireachtála atá oiriúnach do dhínit an duine.

    Article 23 of the Universal Declaration of Human Rights states, inter alia, that everyone, without any discrimination, has the right to equal pay for equal work, to free choice of employment, to just and favourable conditions of work and to just remuneration ensuring an existence worthy of human dignity.

    Treoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)