Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

4 thoradh i ndoiciméad amháin

  1. #2560196

    Moladh sa tuairim sin clár faireachais 3 bliana a chur chun feidhme i ndáil le galar sirg ainsealach in ainmhithe den chineál fia san Eastóin, san Fhionlainn, san Íoslainn, sa Laitvia, sa Liotuáin, san Iorua, sa Pholainn agus sa tSualainn, arb iad na Ballstáit agus na Stáit CSTE a bhfuil daonra réinfhianna nó daonra mús acu, nó a bhfuil daonraí den dá chineál acu, chun leitheadúlacht agus raon geografach an ghalair searg ainsealaigh a bhrath agus a mheas.

    This opinion recommended the implementation of a 3-year surveillance programme for chronic wasting disease in cervids in Estonia, Finland, Iceland, Latvia, Lithuania, Norway, Poland and Sweden, which are the Member States and the EFTA States with a reindeer or a moose population, or with both populations, in order to detect and to estimate the prevalence and geographical spread of chronic wasting disease.

    Rialachán (AE) 2022/2246 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní VIII agus IX a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le galar sirg ainsealach in ainmhithe beo den chineál fia (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  2. #2560202

    An 11 Samhain 2019, d‘fhoilsigh EFSA an Tuairim Eolaíoch “Nuashonrú ar ghalar sirg ainsealach (CWD) III” (Tuairim EFSA 2019) mar aon le moltaí éagsúla don Choimisiún, lena n-áirítear moltaí maidir leis na fachtóirí riosca a d’fhéadfadh leathadh an ghalair searg ainsealaigh a éascú san Aontas.

    On 11 November 2019, the EFSA published the Scientific Opinion ‘Update on chronic wasting disease (CWD) III’ (the 2019 EFSA Opinion) with various recommendations to the Commission, including in relation to the risk factors that can facilitate the spread of chronic wasting disease in the Union.

    Rialachán (AE) 2022/2246 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní VIII agus IX a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le galar sirg ainsealach in ainmhithe beo den chineál fia (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  3. #2560209

    Ós rud é go bhfuil an galar sirg ainsealach dearbhaithe anois in dhá Bhallstát, agus bunaithe ar chonclúidí ar thuairimí ó EFSA in 2016 agus in 2019 maidir leis na fachtóirí riosca lena bhféadfaí leathadh an ghalair searg ainsealaigh a éascú san Aontas, is gá foráil a dhéanamh maidir le toirmeasc ar ghluaiseacht ainmhithe beo den chineál fia ó Bhallstát lena mbaineann an galar sin chuig an gcuid eile den Aontas.

    Considering that chronic wasting disease has now been confirmed in two Member States, and based on conclusions from the 2016 and 2019 EFSA opinions on the risk factors that can facilitate the spread of chronic wasting disease in the Union, it is necessary to provide for a prohibition of the movement of live cervids from a Member State concerned by that disease to the rest of the Union.

    Rialachán (AE) 2022/2246 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní VIII agus IX a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le galar sirg ainsealach in ainmhithe beo den chineál fia (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  4. #2560204

    Ós rud é gur cuireadh bearta cosanta Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1918 i bhfeidhm ó 2016, leis an staid eipidéimeolaíoch is déanaí maidir leis an ngalar sirg ainsealach ní féidir a bheartú go ndéanfar é a dhíothú am ar bith go luath, go mbeadh sé míchuí ó thaobh an dlí de síneadh a chur le cur i bhfeidhm na mbeart cosanta bunaithe ar Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 arís, agus mar sin féin, gur cheart go leanfadh na bearta d’fheidhm a bheith acu chun cosc a chur ar leathadh breise an ghalair searg ainsealaigh san Aontas agus i Stáit CSTE,, ba cheart Iarscríbhinní VIII agus IX a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 a leasú chun na bearta a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1918, a chur in oiriúint de réir mar is gá chun an deimhniú maidir le galar sirg ainsealach san Fhionlainn agus sa tSualainn a chur san áireamh.

    Considering that the safeguard measures of Implementing Decision (EU) 2016/1918 have been applied since 2016, that the latest epidemiological situation regarding chronic wasting disease does not allow to envisage its eradication anytime soon, that it would be legally inappropriate to extend again the application of the safeguard measures based on article 4 of Regulation (EC) No 999/2001, and that measures should nevertheless remain applicable to keep on preventing chronic wasting disease from spreading further in the Union and the EFTA States, Annexes VIII and IX to Regulation (EC) No 999/2001 should be amended to include the measures currently laid down in Implementing Decision (EU) 2016/1918, adjusted as necessary to take into account the confirmation of chronic wasting disease in Finland and Sweden.