Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

3 thoradh i ndoiciméad amháin

  1. #3116538

    Chun siopadóireacht dlínse a mhaolú, ba cheart d’údaráis inniúla i mBallstát a dhiúltaíonn rochtain a thabhairt do shoitheach faisnéis maidir leis an diúltú sin a mhalartú láithreach le húdaráis inniúla eile na mBallstát, trí na hardáin atá ar fáil dóibh cheana.

    In order to mitigate forum shopping, competent authorities in a Member State which deny access to a vessel should immediately exchange information on such denial with the other competent authorities of the Member States via the existing platforms at their disposal.

    Rialachán (AE) 2023/1214 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

  2. #3116558

    D’fhonn cur chun feidhme iomlán agus aonfhoirmeach na mbeart sriantach a áirithiú, is iomchuí do na Ballstáit na Ballstáit eile agus an Coimisiún a chur ar an eolas faoi aon údarú a dhiúltaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 833/2014, agus faisnéis a roinnt maidir le hiarrataí ar údarú a bhfuil sé beartaithe acu a dheonú i gcás inar thug Ballstát eile fógra cheana féin maidir le diúltú, chun siopadóireacht dlínse a sheachaint.

    In order to ensure full and uniform implementation of the restrictive measures, it is appropriate for Member States to inform the other Member States and the Commission of any authorisation denied under Regulation (EU) No 833/2014, and to share information on requests for authorisation that they intend to grant where a denial has already been notified by another Member State, so as to avoid forum shopping.

    Rialachán (AE) 2023/1214 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

  3. #3116585

    Malartóidh na húdaráis inniúla faisnéis maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 2, 2a agus 2b leis na Ballstáit eile agus leis an gCoimisiún, lena n-áirítear faisnéis faoi aon údarú a deonaíodh nó a diúltaíodh agus i gcás siopadóireacht dlínse amhrasta nó cásanna eile de réir mar is iomchuí, aon iarrataí ar údarú a fuarthas.

    The competent authorities shall exchange information on the application of Articles 2, 2a and 2b with the other Member States and the Commission, including on any authorisation granted or denied and, in the event of suspected forum shopping or other cases as appropriate, on requests for authorisation received.

    Rialachán (AE) 2023/1214 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine