Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

2 thoradh i ndoiciméad amháin

  1. #2293102

    Seachas i gcás ina bhfuil feidhm ag mír 7, táirgeadh margaithe na heagraíochta táirgeoirí, an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, na heagraíochta táirgeoirí trasnáisiúnta, an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó an ghrúpa táirgeoirí, déanfar é a shonrasc ag an gcéim dar teideal “iar-eagraíocht táirgeoirí, iarchomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, iar-eagraíocht táirgeoirí trasnáisiúnta, iarchomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó iarghrúpa táirgeoirí” nuair a bheidh an táirgeadh margaithe réidh lena margú, gan na nithe seo a leanas a áireamh:

    Except where paragraph 7 applies, the marketed production of the producer organisation, association of producer organisations, transnational producer organisation, transnational association of producer organisations or producer group shall be invoiced at the ‘ex-producer organisation, association of producer organisations, transnational producer organisation, transnational association of producer organisations or producer group’ stage ready for marketing, excluding:

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais bhreise maidir le cineálacha áirithe idirghabhála arna sonrú ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT le haghaidh na tréimhse 2023 go 2027 faoin Rialachán sin mar aon le rialacha maidir leis an gcóimheas i dtaca le caighdeán 1 maidir leis an dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil (DRTC)

  2. #2293072

    I gcás nach mbeidh sonraí stairiúla ar fáil maidir le táirgeadh margaithe eagraíochta táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, eagraíochta táirgeoirí trasnáisiúnta, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta, nó grúpa táirgeoirí sna hearnálacha dá dtagraítear in Airteagal 42, pointí (a), (e) agus (f), de Rialachán (AE) 2021/2115 le linn na 3 bliana tar éis a aitheanta nó haitheanta le haghaidh na 3 bliana roimhe sin, glacfaidh na Ballstáit le luach an táirgthe mhargaithe nó le luach an táirgthe indíolta le linn tréimhse 12 mhí as a chéile ar luach é arna gcur in iúl ag an eagraíocht táirgeoirí, an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, an eagraíocht táirgeoirí trasnáisiúnta, an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta, nó an grúpa táirgeoirí in iúl, ar táirgeadh é ar féidir leis an eagraíocht lena mbaineann nó leis an ngrúpa táirgeoirí a chruthú chun sástacht an Bhallstáit go mbeidh an acmhainn iarbhír aige nó aici lena mhargú ar son a chomhaltaí nó a comhaltaí ar táirgeoirí iad.

    Where, during the 3 years following its recognition, historical data on marketed production for a producer organisation, association of producer organisations, transnational producer organisation, transnational association of producer organisations, or producer group in the sectors referred to in Articles 42, points (a), (e) and (f), of Regulation (EU) 2021/2115 is not available for the 3 previous years, Member States shall accept the value of marketed or marketable production during a period of 12 consecutive months communicated by the producer organisation, association of producer organisations, transnational producer organisation, transnational association of producer organisations, or producer group for which the organisation concerned or the producer group can prove at the satisfaction of the Member State that it has the actual capacity to market it on behalf of its producer members.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais bhreise maidir le cineálacha áirithe idirghabhála arna sonrú ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT le haghaidh na tréimhse 2023 go 2027 faoin Rialachán sin mar aon le rialacha maidir leis an gcóimheas i dtaca le caighdeán 1 maidir leis an dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil (DRTC)