Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

6 thoradh in 6 dhoiciméad

  1. #1713187

    Féadfar an measúnú feidhmíochta fuinnimh a dhéanfar ar an réiteach maidir le soláthar malartach a bhunú ar an teastas feidhmíochta fuinnimh.

    The energy-performance assessment of the alternative supply solution may be based on the energy performance certificate.

    Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn ((Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE))

  2. #2811906

    Anuas air sin, déanfar idirdhealú sa táscaire idir foirgnimh ar bhonn a n-aicme teastas feidhmíochta fuinnimh, agus sainaithneofar ann go sonrach an líon foirgneamh is lú feidhmíochta a ndearnadh athchóiriú orthu.

    In addition, the indicator shall distinguish buildings on the basis of their Energy Performance Certificate class, and identify specifically how many worst-performing buildings have been renovated.

    Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060

  3. #1681562

    Leis na bunachair sonraí le haghaidh teastais feidhmíochta fuinnimh beifear in ann sonraí a bhailiú maidir le tomhaltas fuinnimh na bhfoirgneamh atá cumhdaithe, arna thomhas nó arna ríomh, lena n-áirítear ar a laghad foirgnimh phoiblí ar eisíodh teastas feidhmíochta fuinnimh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 12.

    Databases for energy performance certificates shall allow data to be gathered on the measured or calculated energy consumption of the buildings covered, including at least public buildings for which an energy performance certificate, as referred to in Article 13, has been issued in accordance with Article 12.

    Treoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  4. #2172218

    I gcás foirgneamh arna dtógáil roimh an 31 Nollaig 2020, tá Teastas Feidhmíochta Fuinnimh (EPC) d’aicme A ar a laghad ag an bhfoirgneamh. Mar mhalairt rogha, tá an foirgneamh sa 15 % is fearr as measc an stoic náisiúnta nó réigiúnaigh foirgneamh ó thaobh Éileamh Príomh-Fhuinnimh (PED) oibríochtúil de, rud a léirítear le fianaise iomchuí, trína gcuirtear feidhmíocht na sócmhainne ábhartha i gcomparáid le feidhmíocht an stoic náisiúnta nó réigiúnaigh arna thógáil roimh an 31 Nollaig 2020 agus trína ndéantar idirdhealú ar a laghad idir na foirgnimh chónaitheacha agus neamhchónaitheacha.

    For buildings built before 31 December 2020, the building has at least an Energy Performance Certificate (EPC) class A. As an alternative, the building is within the top 15 % of the national or regional building stock expressed as operational Primary Energy Demand (PED) and demonstrated by adequate evidence, which at least compares the performance of the relevant asset to the performance of the national or regional stock built before 31 December 2020 and at least distinguishes between residential and non-residential buildings.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  5. #2485149

    beidh ag “foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh (NZEB)”, “éileamh fuinnimh phríomhúil (PED)” agus “teastas feidhmíochta fuinnimh (EPC)” na bríonna a thugtar dóibh i míreanna 2, 5 agus 12 d’Airteagal 2 de Threoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    ‘nearly zero-energy building (NZEB)’, ‘primary energy demand (PED)’ and ‘energy performance certificate (EPC)’ shall have the meanings given to them in paragraphs 2, 5 and 12 of Article 2 of Directive 2010/31/EU of the European Parliament and of the Council.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil leis an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”, lena sonraítear ábhar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le táscairí inbhuanaitheachta agus drochthionchair inbhuanaitheachta, agus ábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le cur chun cinn saintréithe comhshaoil nó sóisialta agus cuspóirí infheistíochta inbhuanaithe i ndoiciméid réamhchonarthacha, ar shuíomhanna gréasáin agus i dtuarascálacha tréimhsiúla (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  6. #3046873

    ag tabhairt dá haire gur ceannaíodh foirgneamh Treves II, a d’fhormheas an Biúró, an 18 Deireadh Fómhair 2021, arna cheannach agus é mar rún idirnascacht fhoirgnimh láir na Parlaiminte sa Bhruiséil a cheadú, agus ag tabhairt dá haire go mbeidh sé ar fáil don Pharlaimint amhail ón 1 Eanáir 2025; ag tabhairt rabhaidh go léirítear leis an teastas feidhmíochta fuinnimh tomhaltas fuinnimh phríomhúil bliantúil atá coibhéiseach le haicme E, agus go dtéann an t-athchóiriú deireanach ar an bhfoirgneamh siar go 2000; á iarraidh ar an mBiúró na hathchóirithe is gá a fhormheas chun feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh a fheabhsú i gcomhréir leis na rialacháin is infheidhme maidir le héifeachtúlacht fuinnimh ós rud é go bhfuil an foirgneamh á úsáid ag Parlaimint na hEorpa;

    Notes the purchase of the Trèves II building approved by the Bureau on 18 October 2021, purchased with the intention of allowing the interconnectivity of Parliament’s central buildings in Brussels, and notes that it will be at the disposal of Parliament as from 1 January 2025; warns that the energy performance certificate indicates an annual primary energy consumption equivalent to class E, and that the last renovation of the building dates back to 2000; calls on the Bureau to approve the necessary renovations to improve the energy performance of the building in accordance with applicable energy efficiency regulations as the building is put to use by Parliament;

    Rún (AE) 2023/1814 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn I – Parlaimint na hEorpa