#514549
Sa tuarascáil bhí anailís ar staid reatha na hearnála déiríochta agus roinnt moltaí a bhí dírithe ar chaidreamh conarthach, cumhacht margála táirgeoirí, eagraíochtaí idirghairme/idirchraoibhe, trédhearcacht (lena n-áirítear tuilleadh forbartha ar an Uirlis Eorpach um Fhaireachán Praghsanna) bearta margaidh agus todhchaíochtaí, caighdeáin margaíochta agus lipéadú de réir ionaid tionscnaimh, agus nuálaíocht agus taighde.
The report contained an analysis of the current state of the dairy sector and a number of recommendations which focused on contractual relations, the bargaining power of producers, interprofessional/interbranch organisations, transparency (including the further elaboration of the European Price Monitoring Tool), market measures and futures, marketing standards and origin labelling, and innovation and research.