Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

33 toradh in 5 dhoiciméad

  1. #1151653

    In ailt 81 go 86, déanfar na tagairtí don chathaoirleach seisiún ceathrún a raibh áit chónaithe sheasta ag an bhféichiúnaí laistigh dá dhlínse tráth a bhreithnithe ina fhéimheach a fhorléiriú mar thagairtí don bhreitheamh don chuaird ina raibh áit chónaithe sheasta ag an bhféichiúnaí tráth a bhreithnithe ina fhéimheach.

    In sections 81 to 86, the references to the chairman of quarter sessions within whose jurisdiction the debtor had a fixed abode at the time of the adjudication of bankruptcy shall be construed as references to the judge of the circuit where the debtor had a fixed abode at the time of the adjudication of bankruptcy.

    Uimhir 39 de 1961: ACHT NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLÍONTACHA), 1961

  2. #252632

    (o) aon uair arb iad a bheidh sna himeachtaí imeachtaí de bhun théarmaí an Achta Comharbais, 1965, agus go raibh ag an éagach, tráth a bháis, áit chónaithe sheasta laistigh den dlínse.

    (o) the proceedings are pursuant to the terms of the Succession Act 1965 and the deceased, at the time of his death, had a fixed place of abode within the jurisdiction.

    I.R. Uimh 510 de 2001: Na Rialacha Cúirte Cuarda

  3. #1151258

    An breitheamh don chuaird ina raibh áit chónaithe sheasta ag an tiomnóir nó ag an díthiomnóir tráth a bháis.

    The judge of the circuit where the testator or intestate had at the time of his death a fixed place of abode.

    Uimhir 39 de 1961: ACHT NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLÍONTACHA), 1961

  4. #1151455

    An breitheamh don chuaird ina raibh áit chónaithe sheasta ag an bhféichiúnaí an tráth a ndearnadh an breithniú féimheachta.

    The judge of the circuit where the debtor had a fixed abode at the time of adjudication of bankruptcy. Building Societies Act.

    Uimhir 39 de 1961: ACHT NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLÍONTACHA), 1961

  5. #1207944

    (4) Is é an breitheamh don chuaird ina raibh áit chónaithe sheasta ag an éagach, tráth a bháis, a oibreoidh an dlínse a thugtar don Chúirt Chuarda leis an alt seo.

    (4) The jurisdiction conferred on the Circuit Court by this section shall be exercised by the judge of the circuit where the deceased, at the time of his death, had a fixed place of abode.

    Uimhir 27 de 1965: AN tACHT COMHARBAIS, 1965

  6. #1703423

    Déanfaidh Cláraitheoir Ceantair, sula mbreithneoidh sé an t-iarratas sin, a fhionnadh an áit chónaithe sheasta sin a bheith ag an éagach tráth a bháis.

    A District Registrar, before he entertains such application, shall ascertain that the deceased had, at the time of his death, such fixed place of abode.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  7. #227063

    Más rud é gur deimhin leis an gCúirt go bhfuil oiread acmhainne ag an gcúisí chun a chumasú dó nó di an pionós a íoc láithreach, nó nach bhfuil aon áit chónaithe sheasta ag an gcúisí laistigh den dlínse, nó más rud é, ar cheist a chur ar an gcúisí an mian leis nó léi tréimhse ama lena íoc, nach ndéarfaidh sé nó sí gur mian, nó má ordaíonn an Chúirt go sainráiteach ar aon chúis speisialta nach gceadófar aon tréimhse ama lena íoc, féadfaidh sí a ordú an pionós a íoc láithreach, agus más rud é nach dtabharfar aon tréimhse ama lena íoc, luafar an chúis leis sin sa bharántas cimithe.

    Where the Court is satisfied that the accused is possessed of sufficient means to enable him or her to pay the penalty forthwith, or that the accused has no fixed abode within the jurisdiction, or if the accused, on being asked if he or she desires time for payment, does not express any such desire, or if for any special reason the Court expressly directs that no time shall be allowed for payment, it may order that the penalty shall be paid forthwith, and where no time is allowed the reason therefor shall be stated in the warrant of committal.

    I.R. Uimh. 93 de 1997: Na Rialacha Cúirte Dúiche

  8. #230660

    De bhrí go bhfuarthas A.B., a dhealraíonn don Chúirt gur leanbh é/í atá faoi bhun 15 bliana d'aois (mar gur rugadh é/í, a mhéid atá faighte amach, an lá de 19 ), agus a chónaíonn i i gcontae (nó i gcontaebhuirg) , agus gan aon áitreabh teaghlaigh aige/aici (nó gan aon áit chónaithe sheasta aige/aici, nó gan a chuma air cóir mhaireachtála a bheith aige/aici) (nó agus tuismitheoir nó caomhnóir aige/aici nach ndéanann caomhnú ceart air/uirthi), agus de bhrí gur tugadh deis do Chomhairle an chontae (nó na contaebhuirge) sin éisteacht a fháil.

    Whereas A. B. , who appears to the Court to be a child under the age of 15 years (having been born, so far as has been ascertained, on the day of 19 ), and who resides at in the county (or county borough) of , has been found not having any home (or not having any settled place of abode, or visible means of subsistence) (or having a parent or guardian who does not exercise proper guardianship), and whereas the Council of the said county (or county borough) has been given an opportunity of being heard.

    I.R. Uimh. 93 de 1997: Na Rialacha Cúirte Dúiche

  9. #1208240

    —(1) Féadfar iarratas ar dheontas nó ar chúlghairm ionadaíochta a dhéanamh chun na hOifige Probháide nó chun na clárlainne probháide ceantair don cheantar ina raibh áit chónaithe sheasta ag an éagach tráth a bháis.

    —(1) An application for the grant or revocation of representation may be made to the Probate Office or the district probate registry for the district where the deceased, at the time of his death, had a fixed place of abode.

    Uimhir 27 de 1965: AN tACHT COMHARBAIS, 1965

  10. #1208244

    (3) Más rud é, in aon ábhar cointinneach a éireoidh as iarratas chun na hOifige Probháide, gur deimhin leis an Ard-Chúirt go bhfuil dlínse ag an gCúirt Chuarda san ábhar, féadfaidh an Ard-Chúirt an t-ábhar a tharchur chun breitheamh na cuarda ina raibh áit chónaithe sheasta ag an éagach tráth a bháis, agus rachaidh an breitheamh sin ar aghaidh san ábhar ionann is dá mba chun na Cúirte Cuarda a rinneadh an t-iarratas ar an gcéad ásc.

    (3) Where, in any contentious matter arising out of an application to the Probate Office, the High Court is satisfied that the Circuit Court has jurisdiction in the matter, the High Court may remit the matter to the judge of the circuit where the deceased, at the time of his death, had a fixed place of abode and the said judge shall proceed in the matter as if the application had been made to the Circuit Court in the first instance.

    Uimhir 27 de 1965: AN tACHT COMHARBAIS, 1965

  11. #1208248

    —(1) Féadfaidh cláraitheoir probháide ceantair deontas a thabhairt i bhfoirm choiteann in ainm na hArd-Chúirte agus faoi shéala na clárlainne mar a raibh áit chónaithe sheasta ag an éagach, tráth a bháis, laistigh den cheantar ina n-iarrfar an deontas.

    —(1) A grant may be made in common form by a district probate registrar in the name of the High Court and under the seal of the registry where the deceased, at the time of his death, had a fixed place of abode within the district where the application for the grant is made.

    Uimhir 27 de 1965: AN tACHT COMHARBAIS, 1965

  12. #1209255

    (3) Aon uair a dhéanfaidh an tAire ordú ag dúnadh clárlann phrobháide cheantair, féadfaidh an tAire, leis an ordú sin, socrú a dhéanamh chun gur féidir iarratais ar ionadaíocht, i gcásanna ina raibh ag an éagach, tráth a bháis, áit chónaithe sheasta laistigh den cheantar dar fhónaigh an chlárlann sin roimhe sin, a thaisceadh leis an gcláraitheoir contae don limistéar ina raibh suíomh na háite cónaithe sin, agus chun go dtarchuirfidh an cláraitheoir contae na hiarratais go dtí an Oifig Phrobháide agus go dtarchuirfear na deontais (ar iad a eisiúint, má eisítear) ón Oifig Phrobháide go dtí an cláraitheoir contae sin lena seachadadh don duine atá ina dteideal.

    (3) Whenever the Minister makes an order closing a district probate registry, the Minister may by that order make provision for enabling applications for representation, in cases in which the deceased, at the time of his death, had a fixed place of abode within the district previously served by that registry, to be lodged with the county registrar for the area in which that place of abode was situate and for the transmission of the applications by the county registrar to the Probate Office and the transmission of the grants (if and when issued) from the Probate Office to the said county registrar for delivery to the person entitled thereto.

    Uimhir 27 de 1965: AN tACHT COMHARBAIS, 1965

  13. #1703332

    Díreach ar caveat a thaisceadh, cuirfidh an tOifigeach Probháide fógra ina thaobh sin chuig Cláraitheoir Ceantair an cheantair ina mbeidh líomhnaithe cónaí a bheith ar an éagach tráth a bháis, nó inarb eol áit chónaithe sheasta a bheith aige tráth a bháis.

    The Probate Officer shall, immediately upon a caveat being lodged, send notice thereof to the District Registrar of the district in which it is alleged the deceased resided at the time of his death, or in which he is known to have had a fixed place of abode at the time of his death.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  14. #1703422

    Féadfar iarratas a dhéanamh, freisin, i gClárlann Cheantair i gcásanna ina mbeidh áit chónaithe sheasta tar éis bheith ag an éagach, tráth a bháis, laistigh den cheantar ina mbeidh an t-iarratas á dhéanamh.

    Application may also be made at a District Registry in cases where the deceased, at the time of his death, had a fixed place of abode within the district in which the application is made.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  15. #1703547

    Díreach ar caveat a thaisceadh, cuirfidh Cláraitheoir Ceantair cóip de chuig an Oifigeach Probháide, agus, freisin, chuig Cláraitheoir aon cheantair eile ina mbeidh líomhnaithe cónaí a bheith ar an éagach tráth a bháis, nó inarb eol áit chónaithe sheasta a bheith aige tráth a bháis, agus luafaidh sé lá taiscthe an caveat.

    A District Registrar shall, immediately upon a caveat being lodged, send a copy thereof to the Probate Officer, and also to the Registrar of any other district in which it is alleged the deceased resided at the time of his death, or in which he is known to have a fixed place of abode at the time of his death, and shall state the day on which the same was lodged.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  16. #1706762

    Bíodh a fhios go ndearna an Chúirt, an lá de litreacha riaracháin an eastáit atá ag cineachadh chun ionadaí pearsanta , éagach, a d'éag ina dhíthiomnóir ar, nó um, an lá de [más ó Chlárlann Phrobháide Cheantair a eisítear an deonú, cuir isteach: agus ag a raibh tráth a bháis áit chónaithe sheasta i laistigh de cheantar ], agus atá á dhílsiú don ionadaí pearsanta sin, a dheonú do ar é a bheith curtha faoi mhionn ar dtús go riarfadh sé an céanna go fíreata.

    Be it known that on the day of letters of administration of the estate which devolves on and vests in the personal representative of deceased, who died intestate on or about the day of [where grant issued out of a District Probate Registry insert and who at the time of his death had a fixed place of abode at within the district of ] were granted by the Court to he having been first sworn faithfully to administer the same.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  17. #1706765

    Bíodh a fhios go ndearna , éagach, a d'éag ar, nó um, an lá de i [más ó Chlárlann Phrobháide Cheantair a eisítear an deonú, cuir isteach: agus ag a raibh tráth a bháis áit chónaithe sheasta i laistigh de cheantar ], agus gur fhorghníomhaigh sé go cuí, a uacht dheireanach (gona codaisíleacha), a bhfuil cóip di arna síniú ag an Oifigeach Probháide [nó ag an gCláraitheoir Probháide Ceantair] i gceangal leis seo, agus gur ainmnigh sé san uacht sin mar sheiceadóir [nó nár ainmnigh sé seiceadóir ar bith san uacht sin] [nó de réir mar a bheidh].

    Be it known, that deceased, who died on or about the day of at [where grant issued out of a District Probate Registry insert and who at the time of his death had a fixed place of abode at within the district of ] made and duly executed his last will (and codicils) a copy of which, signed by the Probate Officer [or District Probate Registrar] is hereunto annexed and did therein name [or did not therein name any] executor [or as the case may be].

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  18. #1706780

    Bíodh a fhios go ndearna , éagach, a d'éag ar, nó um, an lá de i [más i gClárlann an Phrobháide Cheantair a dhéantar an t-iarratas, cuir leis: agus ag a raibh áit chónaithe sheasta tráth a bháis i laistigh de cheantar ], agus gur fhorghníomhaigh sé, go cuí, a uacht dheireanach a bhfuil cóip di, arna síniú ag an Oifigeach Probháide [nó ag an gCláraitheoir Probháide Ceantair] i gceangal leis seo, agus gur ainmnigh sé san uacht sin.

    Be it known that deceased, who died on or about the day of at [where application is made in District Probate Registry, add and who at the time of his death had a fixed place of abode at within the district of ], made and duly executed last will a copy of which signed by the Probate Officer [or District Probate Registrar], is hereunto annexed and did therein name .

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  19. #1706783

    Bíodh a fhios go ndearnadh, an lá de 19 , litreacha riaracháin an eastáit atá ag cineachadh chun ionadaí pearsanta , éagach, a d'éag ina dhíthiomnóir ar, nó um, an lá de 19 , i [más i gClárlann Phrobháide Cheantair a dhéantar an t-iarratas, cuir leis: agus ag a raibh áit chónaithe sheasta tráth a bháis i i gceantar ], agus atá á dhílsiú don ionadaí pearsanta sin, a dheonú do , an t-aturnae a ceapadh go dleathach do atá ina chónaí anois i faoi theorainn chun úsáide agus chun tairbhe do go dtí go ndéanfaidh riarachán eastát neamhriartha an éagaigh sin a iarraidh agus a fháil—ar an sin a bheith curtha faoi mhionn ar dtús go riarfadh sé an céanna go fíreata.

    Be it known, that on the day of 19 letters of administration of the estate which devolves on and vests in the personal representative of deceased, who died intestate on or about the day of 19 , at [where application is made in District Probate Registry, add and who at the time of his death had a fixed place of abode at in the district of ], were granted to the attorney lawfully appointed of now residing at limited for use and benefit until shall apply for and obtain administration of the estate unadministered of said deceased—the said having been first sworn faithfully to administer the same.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  20. #1706788

    De bhrí go bhfuair ba as , éagach, bás ina bhaintreach fir agus ina dhíthiomnóir ar, nó um, an lá de 19 , i [más i gClárlann Phrobháide Cheantair a dhéantar an t-iarratas, cuir leis: agus go raibh aige tráth a bháis áit chónaithe sheasta i laistigh de cheantar ], agus gur fhág sé de chlann dhleathach , agus iadsan amháin, ar mionaoiseach an sin agus gan aige/aici ach bliana d'aois, agus ar mionaoiseach freisin an sin agus gan aige/aici ach bliana d'aois.

    Whereas late of deceased, died a widower and intestate, on or about the day of 19 , at [where application is made in a District Probate Registry, add having at the time of his death a fixed place of abode at within the district of ], leaving his lawful and only children, the said being a minor of the age of years only, the said being also a minor of the age of years only.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  21. #1706792

    De bhrí go bhfuair ba as éagach, bás an lá de 19 , i [ más i gClárlann Phrobháide Cheantair a dhéantar an t-iarratas cuir leis: agus go raibh aige tráth a bháis áit chónaithe sheasta i laistigh de cheantar ], agus de bhrí go ndearna agus gur fhorghníomhaigh sé go cuí a uacht dheireanach [nó a uacht dheireanach gona codaisil] dar dáta an lá de 19 , agus gur cheap sé ina sheiceadóir ar an uacht sin [nó de réir mar a bheidh].

    Whereas late of deceased, died on the day of 19 , at [where application is made in a District Probate Registry, add having at the time of his death a fixed place of abode at within the district of ] and whereas, he made and duly executed his last will [or will and codicils] bearing date the day of 19 , and thereof appointed executor [or as the case may be].

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  22. #1706845

    Bíodh seo ina fhógra go ndearnadh iarratas chugam, an lá seo de , 19 , probháid a dheonú i leith na huachta [nó litreacha riaracháin a dheonú maille leis an uacht], dar dáta an lá de , 19 , [gona codaisíl nó codaisíleacha dar dáta an lá de , 19 ], a rinne [i gcásanna riaracháin maille leis an uacht, i leith an eastáit a bhí ag] , ba as , éagach, a d'éag an lá de ,19 , i agus a raibh tráth a bháil áit chónaithe sheasta i laistigh de cheantar , ó as [nó ó as aturnae as ], an seicadóir [nó an leagáidí iarmharach, nó de réir mar a bheidh] atá ainmnithe san uacht [nó sa chodaisíl] sin, sna focail seo a leanas:-[Cuir isteach anseo an sliocht an an uacht nó ag an gcodaisíl].

    Take notice, that on this day of 19 , application has been made to me for a grant of probate of the will [or letters of administration with the will annexed], said will bearing date the day of 19 [and codicil or codicils bearing date the day of 19 ], of [in cases of administration with will, the estate of] late of deceased, who died on the day of 19 , at having at the time of his death a fixed place of abode at within the district of by of [or by of the solicitor of of ] the executor [or residuary legatee, or as the case may be] named in the said will [or codicil], in the words following:—[Here insert the extract from the will or codicil]

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  23. #1706847

    Bíodh seo ina fhógra go ndearnadh iarratas chugam, an lá seo de 19 , litreacha riaracháin a dheonú i leith eastát , ba as , éagach, a d'éag ina dhíthiomnóir an lá de 19 , i agus ag a raibh tráh a bháis áit chónaithe sheasta i laistigh de cheantar , baintreach fir, gan leanbh ná sliochtadh eile, ná athair ná máthair, deartháir na deirfiúr, nia ná neacht, seanathair ná seanmháthair, uncail ná aintín, sin-seanathair ná sin-seanmháthair [nó de réir mar a bheidh] ina dhiaidh, ó as [nó ó as aturnae ], duine de chol ceathracha dleathacha an éagaigh agus neasghaol dó, [nó de réir mar a bheidh].

    Take notice, that on this day of 19 , application has been made to me for a grant of letters of administration of the estate of late of deceased, who died intestate on the day of 19 , at having at the time of his death a fixed place of abode at within the district of a widower, without child or other descendant, or parent, brother or sister, nephew or niece, grandparent, uncle or aunt, great grandparent [or as the case may be], by of [or by of the solicitor of ] one of the lawful cousins german and next-of-kin of the deceased, [or as the case may be].

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  24. #1706850

    "Ná déantar aon ní maidir le heastát , ba as , éagach (a d'éag an lá de 19 , i agus ag a raibh tráth a bháis áit chónaithe sheasta i réamhráite, laistigh de cheantar ), gan fhios domsa [is é sin, aturnae] as , ag a bhfuil leas ann.

    "Let nothing be done in the estate of late of deceased (who died on the day of 19 , at having at the time of his death a fixed place of abode at aforesaid, within the district of ), unknown to me [being the solicitor of] of having interest.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  25. #1706758

    Mionnaímse, as atá bliana d'aois agus os a chionn, agus deirim go bhfuair , ba as [seoladh agus tuairisc], éagach, bás ina dhíthiomnóir [luaigh anseo an baitsiléir, etc., a bhí ann, agus glan as gach páirtí eile atá i dteideal deonú i dtosaíocht ar an iarratasóir; agus luaigh an cháil ina bhfuil an t-iarratasóir ag lorg riaracháin], gur mise dleathach an éagaigh sin agus go riarfaidh mé go hiomlán agus go fíreata eastát an éagaigh sin, trína fhiacha córa a íoc agus iarmhar an eastáit sin a dháileadh de réir dlí, agus go bhfoilseánfaidh mé fardal fíor i leith an eastáit sin agus go dtabharfaidh mé cuntas cruinn ina thaobh, de réir mar a cheanglóidh an dlí orm; gur éag an t-éagach sin i an lá de [más i gClárlann Phrobháide Cheantair a dhéantar an t-iarratas, cuir leis: agus go raibh áit chónaithe sheasta ag an éagach sin tráth a bháis i laistigh de cheantar ] agus gurb é luach an eastáit phearsanta go léir a bhí ag an éagach sin suim [an t-eastát pearsanta comhlán gan aon asbhaint i leith fiach] agus gurb é margadhluach an eastáit réadaigh go léir leis an éagach sin atá ag cineachadh chun a ionadaithe pearsanta dlíthiúla agus á dhílsiú dóibh [an méid a thaispeántar sa mhionnscríbhinn ar mhargadhluach] gan dul thairis sin, de réir mar is fearr is eol dom, mar a cuireadh i bhfios dom agus mar a chreidim.

    I, of aged years and upwards, make oath and say that late of [address and description], deceased, died intestate [state here whether bachelor, &c., and clear off all other parties entitled to grant in priority to applicant; and state capacity in which applicant seeks administration] that I am the lawful of said deceased and that I will well and faithfully administer the estate of the said deceased by paying his just debts and distributing the residue of said estate according to law, and that I will exhibit a true inventory of the said estate and render a true account thereof, whenever required by law so to do; that the said deceased died at on the day of [where application is made in a District Probate Registry, add: and that the said deceased had at the time of his death a fixed place of abode at within the district of ] and that the whole of the personal estate of the said deceased amounts in value to the sum of [the gross personal estate without any deductions for debts] and that the whole of the real estate of the said deceased which devolves on and vests in his legal personal representatives is of the market value of [the amount shown in the affidavit of market value] and no more to the best of my knowledge, information and belief.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  26. #1706759

    Bíodh a fhios go ndearnadh, an lá de , an uacht dheireanach a bhfuil cóip di, arna síniú ag an Oifigeach Probháide [nó ag an gCláraitheoir Probháide Ceantair] i gceangal leis seo, a rinne éagach, a d'éag ar, nó um, an lá de [más ó Chlárlann Phrobháide Cheantair a eisítear an deonú, cuir leis: agus ag a raibh tráth a bháis áit chónaithe sheasta i laistigh de cheantar ] a chruthú, agus í a chlárú san Oifig Phrobháide [nó sa Chlárlann Phrobháide Cheantair] agus go ndearna an Chúirt riarachán an eastáit go léir atá ag cineachadh chun ionadaí pearsanta an éagaigh sin agus á dhílsiú dó a dheonú do atá ainmnithe san uacht [agus sna codaisíleacha] sin, ar é a bheith curtha faoi mhionn ar dtús go riarfadh sé an céanna go fíreata.

    Be it known, that on the day of the last will a copy of which, signed by the Probate Officer [or District Probate Registrar] is hereunto annexed, of deceased, who died on or about the day of [where grant issued out of a District Probate Registry insert and who at the time of his death had a fixed place of abode at within the district of ] was proved, and registered in the Probate Office [or District Probate Registry] and that the administration of all the estate which devolves on and vests in the personal representative of the said deceased was granted by the Court to named in the said will [and codicils] he having been first sworn faithfully to administer the same.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  27. #1706768

    Bíodh a fhios go ndearna , éagach, a d'éag ar, nó um, an lá de i [más ó Chlárlann Phrobháide Cheantair a eisítear an deonú, cuir isteach: agus ag a raibh áit chónaithe sheasta i laistigh de cheantar ], agus gur fhorghníomhaigh sé go cuí, a uacht dheireanach gona cosaisíleacha) a bhfuil cóip di, arna síniú ag an Oifigeach Probháide [nó ag an gCláraitheoir Probháide Ceantair], i gceangal leis seo, agus gur ainmnigh sé san uacht sin mar sheiceadóirí, agus ar an lá de go ndearnadh probháid na huachta sin, maille le riarachán an eastáit atá ag cineachadh chun ionadaí pearsanta an éagaigh sin, agus á dhílsiú dó, a dheonú san Oifig Phrobháide [nó sa Chlárlann Phrobháide Cheantair réamhráite] don sin, probháid atá anois faoi thaifead [agus gur forchoimeádadh cumhacht chun a shamhail a dheonú don sin]; agus go ndearna an sin, tar éis dó an phrobháid sin a ghlacadh air féin, idirláimhsiú ar eastát an éagaigh sin, agus gur éag sé ar an lá de , ag fágáil cuid den eastát sin gan riaradh.

    Be it known that deceased, who died on or about the day of at [where grant issued out of a District Registry insert and who at the time of his death had a fixed place of abode at within the district of ], made and duly executed his last will [a copy of which, signed by the Probate Officer [or District Probate Registrar] is hereunto annexed], and did therein name executors and that on the day of probate of said will, with administration of the estate which devolves on and vests in the personal representative of the said deceased was granted at the Probate Office [or District Registry aforesaid] to the said [power being reserved of making a like grant to the said ] which probate now remains of record; and that the said after taking such probate upon him intermeddled in the estate of the said deceased, and died on the day of , leaving part thereof unadministered.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  28. #1706771

    Bíodh a fhios go ndearnadh, an lá de an uacht dheireanach a bhfuil cóip di arna síniú ag an Oifigeach Probháide [nó ag an gCláraitheoir Probháide Ceantair] i gceangal leis seo, a rinne , éagach, a d'éag ar, nó um, an lá de i [más ó Chlárlann Phrobháide Cheantair a eisítear an deonú, cuir leis: agus ag a raibh áit chónaithe sheasta tráth a bháis i laistigh de cheantar ], a chruthú agus a chlárú san Oifig Phrobháide [nó sa Chlárlann Phrobháide Cheantair] agus go ndearna an Chúirt riarachán an eastáit, atá ag cineachadh chun ionadaí pearsanta an éagaigh sin, agus á dhílsiú dó, a dheonú do , duine de na seiceadóirí a ainmníodh san uacht sin, ar é a bheith curtha faoi mhionn ar dtús go riarfadh sé an céanna go fíreata [agus gur forchoimeádadh cumhacht chun a shamhail a dheonú do , an seiceadóir eile a ainmníodh san uacht sin].

    Be it known that on the day of the last will a copy of which, signed by the Probate Officer [or District Probate Registrar] is hereunto annexed, of deceased, who died on or about the day of at [where grant issued out of a District Probate Registry add and who at the time of his death had a fixed place of abode at within the district of ] was proved and registered in the Probate Office [or District Probate Registry] and that the administration of the estate, which devolves on and vests in the personal representative of the said deceased was granted by the Court to one of the executors named in the said will, he having been first sworn faithfully to administer the same [power being reserved of making a like grant to the other executor named in said will].

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  29. #1706774

    Bíodh a fhios go ndearna , éagach, a d'éag ar, nó um an lá de 19 , i [más i nó um, an gClárlann Phrobháide Cheantair a dhéantar an t-iarratas, cuir leis: agus ag a raibh áit chónaithe sheasta tráth a bháis i laistigh de cheantar ], agus gur fhorghníomhaigh sé, go cuí, a uacht dheireanach [a bhfuil cóip di, arna síniú ag an Oifigeach Probháide [nó ag an gCláraitheoir Probháide Ceantair], i gceangal leis seo], agus gur ainmnigh sé san uacht sin mar sheiceadóir, agus ar an lá de go ndearnadh probháid na huachta sin agus riarachán an eastáit atá ag cineachadh chun ionadaí pearsanta an éagaigh sin, agus á dhílsiú dó, a dheonú san Oifig Phrobháide [nó sa Chlárlann Phrobháide atá anois faoi Cheantair sin] do [ atá anois faoi thaifead i ] agus go ndearna an sin, tar éis dó an sin a ghlacadh air féin, idirláimhsiú ar eastát an éagaigh sin; agus gur éag dá éis sin, ar an lá de 19 , ag fágáil cuid den eastát sin gan riaradh, agus go ndearnadh, an lá de 19 , litreacha riaracháin an eastáit sin atá ag cineachadh chun ionadaí pearsanta an éagaigh sin, agus á dhílsiú dó, agus a fágadh amhlaidh gan riaradh, maille leis an uacht sin , a dheonú san Oifig Phrobháide [nó sa Chlárlann Phrobháide Cheantair] do , ar é a bheith curtha faoi mhionn ar dtús go riarfadh sé an céanna go fíreata.

    Be it known that deceased, who died on or about the day of 19 , at [where application is made in District Probate Registry add and who at the time of his death had a fixed place of abode at within the district of ], made and duly executed last will [a copy of which, signed by the Probate Officer [or District Probate Registrar], is hereunto annexed] and did therein name executor, and that on the day of [probate of the said will and administration of the estate which devolves on and vests in the personal representative] of said deceased were granted at the Probate Office [or District Probate Registry aforesaid] to [which now remains of record in ] who after taking such upon intermeddled in the estate of said deceased; and afterwards died on the day of 19 , leaving part thereof unadministered, and that on the day of 19 , letters of administration of the said estate which devolves on and vests in the personal representative of the said deceased and which was so left unadministered, with said will annexed, were granted at the Probate Office [or District Probate Registry] to he having been first sworn faithfully to administer the same.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  30. #1706776

    Bíodh a fhios go bhfuair éagach, bás ina dhíthiomnóir ar, nó um, an lá de 19 , i [más i gClárlann Phrobháide Cheantair a dhéantar an t-iarratas, cuir leis: agus, tráth a bháis, go raibh áit chónaithe sheasta aige i laistigh de cheantar ], agus tar éis a bháis, eadhon, ar an lá de , go ndearnadh litreacha riaracháin an eastáit atá ag cineachadh chun ionadaí pearsanta an éagaigh sin, agus á dhílsiú dó, a dheonú san Oifig Phrobháide [nó sa Chlárlann Phrobháide Cheantair] do [litreacha riaracháin atá anois faoi thaifead i ] agus go ndearna an sin, tar éis dó an riarachán sin a ghlacadh air féin, idirláimhsiú ar eastát an éagaigh sin; agus gur éag dá éis sin, ar, nó um, an lá de 19 , ag fágáil cuid den eastát sin gan riaradh, agus go ndearnadh, an lá de 19 , litreacha riaracháin an eastáit sin atá ag cineachadh chun ionadaí pearsanta an éagaigh sin, agus á dhílsiú dó, agus a fágadh amhlaidh gan riaradh, a dheonú do ar é a bheith curtha faoi mhionn ar dtús go riarfadh sé an céanna go fíreata.

    Be it known, that deceased, died intestate on or about the day of 19 , at [where application is made in District Probate Registry, add and at the time of his death had a fixed place of abode at within the district of ], and that since death, on the day of 19 , letters of administration of the estate which devolves on and vests in the personal representative of the said deceased were granted at the Probate Office [or District Probate Registry] to [which letters of administration now remain of record in ] which said after taking such administration upon intermeddled in the estate of said deceased; and afterwards, on or about the day of 19 , died leaving part thereof unadministered, and that on the day of 19 , letters of administration of the said estate which devolves on and vests in the personal representative of the said deceased and which was so left unadministered were granted to he having been first sworn faithfully to administer the same.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  31. #1706778

    Bíodh a fhios go ndearna an Chúirt, an lá de , litreacha riaracháin an eastáit atá ag cineachadh chun ionadaí pearsanta , éagach, a d'éag ina dhíthiomnóir ar, nó um, an lá de i [más i gClárlann Phrobháide Cheantair a dhéantar an t-iarratas, cuir leis: agus ag a raibh áit chónaithe sheasta tráth a bháis i laistigh de cheantar ], agus atá á dhílsiú don ionadaí pearsanta sin, a dheonú do , an caomhnóir a ceapadh go dleathach ar naíon (darb aois faoi seach bliana, bliana, bliana, bliana, bliana agus bliana nó mar sin) faoi theorainn chun úsáide agus chun tairbhe do agus go dtí go slánóidh ocht mbliana déag d'aois (nó go dtí go ndéanfaidh duine de na naín sin, ar an aois sin a shlánú, riarachán a iarraidh agus a fháil i leith eastát neamhriartha an éagaigh sin), ar an sin a bheith curtha faoi mhionn ar dtús go riarfadh sé an céanna go fíreata.

    Be it known that on the day of letters of administration of the estate which devolves on and vests in the personal representative of deceased, who died intestate on or about the day of at [where application is made in a District Probate Registry, add: and who at the time of his death had a fixed place of abode at within the district of ], were granted by the Court to the guardian lawfully appointed of infants (aged respectively years, years, years, years, years and years or thereabouts) limited for use and benefit and until shall attain the age of eighteen years (or until one of the said infants having attained such age shall apply for and obtain administration of the estate unadministered of said deceased) the said having been first sworn faithfully to administer the same.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  32. #1706754

    Mionnaímse, , as , atá bliana d'aois agus os a chionn, agus deirim go gcreidim go bhfuil sa scríbhinn pháipéir atá i gceangal leis seo, agus atá marcáilte agam, an fhíor-uacht dheireanach bhunaidh [no´ an uacht dheireanach gona codaisíl] a rinne , ba as [seoladh agus tuairisc], éagach; go ndearna an sin an céanna tar éis bliana d'aois a bheith slánaithe aige, agus nár phós sé duine ar bith tar éis a dhéanta; gur mise [luaigh an gaol] an sin agus an seiceadóir aonair san uacht sin [nó san uacht sin gona codaisíleacha], faoin ainm [nó de réir mar a bheidh]; go riarfaidh mé go fíreata eastát an tiomnóra sin trína fhiacha córa agus na leagáidí a tiomnaíodh leis an uacht sin [nó leis an uacht sin gona codaisíleacha] aige a íoc, a mhéid a shroichfidh an t-eastát chuige sin agus a mbeidh iallach dlí orm; go bhfoilseánfaidh mé fardal fíor i leith an eastáit sin, agus go dtabharfaidh mé cuntas cruinn ina thaobh, de réir mar a cheanglóidh an dlí orm; gur éag an tiomnóir i an lá de [más i gClárlann Phrobháide Cheantair a dhéantar an t-iarratas, cuir leis: agus go raibh áit chónaithe sheasta ag an tiomnóir tráth a bháis i laistigh de cheantar ] agus gurb é luach an eastáit go léir atá ag cineachadh chun a ionadaí phearsanta dhlíthiúil agus á dhílsiú dó suim [na sócmhainní comhlána, gan aon asbhaint i leith fiach] gan dul thairis sin, de réir mar is fearr is eol dom, mar a cuireadh i bhfios dom agus mar a chreidim.

    I, of aged years and upwards, make oath and say, that I believe the paper writing hereto annexed, and marked by me, to contain the trueand original last will [or last will with codicils] of late of [address and description] deceased; that same was made by the said after attaining the age of years, and that he did not intermarry with any person after the making of same; that I am the [state relationship] of the said and the sole executor in the said will [or will and codicils] named [or as the case may be]; that I will faithfully administer the estate of the said testator, by paying his just debts and the legacies bequeathed by his said will [or will and codicils], so far as the same shall thereto extend and the law bind me; that I will exhibit a true inventory of the said estate, and render a true account thereof, whenever required by law so to do; that the testator died at on the day of [where application is made in District Probate Registry add] and that the testator has at the time of his death a fixed place of abode at within the district of and that the whole of the estate which devolves on and vests in his legal personal representative amounts in value to [the gross assets, without any deductions for debts] and no more, to the best of my knowledge, information and belief.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna

  33. #1706756

    Mionnaímse, as atá bliana d'aois agus os a chionn, agus deirim go gcreidim go bhfuil sa scríbhinn pháipéir atá i gceangal leis seo, agus atá marcáilte agam, an fhíoruacht dheireanach bhunaidh [nó an uacht dheireanach gona codaisíl] a rinne ba as [seoladh agus tuairisc], éagach, agus go ndearna an sin an céanna tar éis bliana d'aois a bheith slánaithe aige, agus nár phós sé duine ar bith tar éis a dhéanta agus go bhfuair , an seiceadóir atá ainmnithe sa chéanna, bás roimh an tiomnóir sin [nó de réir mar a bheidh], agus gur mise [luaigh an gaol] an tiomnóra sin agus an leagáidí iarmharach atá ainmnithe san uacht sin [nó de réir mar a bheidh], agus go riarfaidh mé go hiomlán agus go fíreata eastát an tiomnóra sin, trína fhiacha córa agus na leagáidí a tiomnaíodh leis an uacht sin [nó leis an uacht sin gona codaisíleacha] aige a íoc agus iarmhar a eastáit a dháileadh de réir dlí; agus go bhfoilseánfaidh mé fardal fíor iomlán i leith an eastáit sin, agus go dtabharfaidh mé cuntas cruinn ina thaobh de réir mar a cheanglóidh an dlí orm; agus gur éag an tiomnóir i an lá de [más i gClárlann Phrobháide Cheantair a dhéantar an t-iarratas, cuir leis: agus go raibh áit chónaithe sheasta aige tráth a bháis i laistigh de cheantar ] agus gurb é luach an eastáit phearsanta go léir a bhí ag an tiomnóir sin suim [an t-eastát pearsanta comhlán gan aon asbhaint i leith fiach] agus gurb é margadhluach an eastáit réadaigh go léir leis an tiomnóir sin atá ag cineachadh chun a ionadaí phearsanta dhlíthiúil agus á dhílsiú dó [an méid a thaispeántar sa mhionnscríbhinn ar mhargadhluach] gan dul thairis sin, de réir mar is fearr is eol dom, mar a cuireadh i bhfios dom agus mar a chreidim.

    I, of aged years and upwards, make oath and say, that I believe the paper writing hereunto annexed, and marked by me, to contain the true and original last will [or last will with codicils] of late of [address and description], deceased, and that same was made by the said after attaining the age of years, and that he did not intermarry with any person after the making of same, and that the executor therein named, predeceased the said testator [or as the case may be], and that I am the [state relationship] of said testator and the residuary legatee named in the said will [or as the case may be], that I will well and faithfully administer the estate of the said testator, by paying his just debts and the legacies bequeathed by his said will [or will and codicils] and distributing the residue of his estate according to law; and that I will exhibit a true and perfect inventory of the said estate, and render a true account thereof whenever required by law so to do; and that the testator died at on the day of [where application is made in a District Probate Registry, add: and had at the time of his death a fixed place of abode at within the district of ] and that the whole of the personal estate of the said testator amounts in value to the sum of [the gross personal estate, without any deductions for debts] and that the whole of the real estate of the said testator which devolves on and vests in his legal personal representative is of the market value of [the amount shown in the affidavit of market value] and no more to the best of my knowledge, information and belief.

    I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha na nUaschúirteanna