#503921
Maidir le táirgí a bhfuil dlúth cadáis íon agus inneach lín íon iontu agus inarb ionann céatadán an lín agus 40 % ar a laghad de mheáchan iomlán na fabraice neamhbhiánaithe, féadfar an t-ainm "cumasc cadáis lín" a thabhairt orthu, ar ainm é nach mór go mbeidh an sonraíocht chomhdhéanaimh "dlúth cadáis íon – inneach lín íon (nó línéadaigh)" ag gabháil leis.
Products having a pure cotton warp and a pure flax weft, in which the percentage of flax accounts for at least 40 % of the total weight of the unsized fabric may be given the name "cotton linen union" which must be accompanied by the composition specification "pure cotton warp — pure flax (or linen) weft".