Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

8 dtoradh i ndoiciméad amháin

  1. #2574770

    ciallaíonn “údarás inniúil comhpháirtíochta” aon údarás de chuid Ballstáit, nó an Coimisiúin, a dtugtar de chumhacht dóibh feidhm ainmnithe a dhéanamh i ndáil le foirmiúlachtaí neamhchustaim ábhartha an Aontais a chomhlíonadh;

    ‘partner competent authority’ means any Member State authority, or the Commission, empowered to perform a designated function in relation to the fulfilment of the relevant Union non-customs formalities;

    Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena mbunaítear Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custaim agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013

  2. #2574605

    Le próiseas leanúnach na digiteála is féidir aghaidh a thabhairt ar an staid sin ar bhealach níos éifeachtúla trí chórais na n-údarás custaim agus na n-údarás inniúil comhpháirtíochta a nascadh agus trí mhalartú comhtháite, inrochtana agus córasach uathoibrithe faisnéise a chumasú eatarthu, a bhfuil neartú comhair maidir le nósanna imeachta custaim mar chuspóir leis.

    The ongoing process of digitalisation allows this situation to be addressed more efficiently by connecting the systems of customs authorities and partner competent authorities and by enabling an integrated, accessible and systematic automated exchange of information between them, with the objective of strengthening cooperation on customs procedures.

    Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena mbunaítear Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custaim agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013

  3. #2574628

    Is éard atá i bhfoirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais gach oibríocht atá le déanamh ag duine nádúrtha, oibreoir eacnamaíoch nó údarás inniúil comhpháirtíochta le haghaidh gluaiseacht idirnáisiúnta earraí, lena n-áirítear an chuid sin den ghluaiseacht idir na Ballstáit, nuair is gá sin.

    Union non-customs formalities comprise all operations which are to be carried out by a natural person, an economic operator or a partner competent authority for the international movement of goods, including the part of the movement between Member States, when required.

    Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena mbunaítear Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custaim agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013

  4. #2574677

    Ina theannta sin, chun forfheidhmiú comhchuibhithe foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart do CSW-CERTEX AE na nósanna imeachta custaim nó an t-ath-onnmhairiú ar féidir na doiciméid tacaíochta a úsáid ina leith a shainaithint bunaithe ar an gcinneadh riaracháin arna chur in iúl ag an údarás inniúil comhpháirtíochta sa doiciméad tacaíochta.

    In addition, to ensure the harmonised enforcement of Union non-customs formalities across the Union, EU CSW-CERTEX should identify the customs procedure or the re-export for which the supporting document can be used based on the administrative decision indicated by the partner competent authority in the supporting document.

    Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena mbunaítear Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custaim agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013

  5. #2574692

    Ba cheart gur tacar comhtháite sonraí a bheadh sa tacar comhchoiteann sonraí, sa tacar sonraí ón údarás inniúil comhpháirtíochta agus sa tacar sonraí nach n-éilíonn ach na húdaráis chustaim amháin, lena n-áirítear an fhaisnéis uile a bhaineann le himréiteach atá ag teastáil chun na foirmiúlachtaí custaim agus foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a chumhdaítear le CSW-CERTEX AE a chomhlíonadh.

    The common data set, the partner competent authority data set and the data set required only by customs should constitute an integrated data set including all clearance-related information needed to fulfil the customs and Union non-customs formalities covered by EU CSW-CERTEX.

    Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena mbunaítear Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custaim agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013

  6. #2574769

    ciallaíonn “timpeallacht ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam” sraith seirbhísí leictreonacha arna bunú ag Ballstát chun gur féidir faisnéis a mhalartú idir córais leictreonacha a údaráis custaim, na n-údarás inniúil comhpháirtíochta agus na n-oibreoirí eacnamaíocha;

    ‘national single window environment for customs’ means a set of electronic services established by a Member State to enable information to be exchanged between the electronic systems of its customs authority, the partner competent authorities and economic operators;

    Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena mbunaítear Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custaim agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013

  7. #2574771

    ciallaíonn “foirmiúlacht neamhchustaim an Aontais” na hoibríochtaí uile ar gá oibreoir eacnamaíoch nó údarás inniúil comhpháirtíochta iad a chur i gcrích le haghaidh gluaiseacht idirnáisiúnta earraí, mar a leagtar síos i reachtaíocht de chuid an Aontais nach reachtaíocht chustaim í;

    ‘Union non-customs formality’ means all the operations which must be carried out by an economic operator or by a partner competent authority for the international movement of goods, as laid down in Union legislation other than customs legislation;

    Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena mbunaítear Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custaim agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013

  8. #2574772

    ciallaíonn “doiciméad tacaíochta” aon doiciméad riachtanach arna eisiúint ag údarás inniúil comhpháirtíochta nó arna tharraingt suas ag oibreoir eacnamaíoch, nó aon fhaisnéis riachtanach arna soláthar ag oibreoir eacnamaíoch, chun a dheimhniú gur comhlíonadh foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais;

    ‘supporting document’ means any required document issued by a partner competent authority or drawn up by an economic operator, or any required information provided by an economic operator, to certify that Union non-customs formalities have been fulfilled;