Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

6 thoradh in 5 dhoiciméad

  1. #2201831

    Féach go sonrach, Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘Fit for 55’: [‘Oiriúnach do 55’]:

    See in particular, the Commission communication 'Fit for 55':

    TOGRA LE hAGHAIDH TUARASCÁIL CHOMHPHÁIRTEACH AR FHOSTAÍOCHT ÓN gCOIMISIÚN AGUS ÓN gCOMHAIRLE

  2. #2630022

    Léiríonn anailís an Choimisiúin go bhfuil infheistíocht bhreise is EUR 210 billiún idir seo agus 2027 i gceist le REPowerEU, sa bhreis ar an méid is gá chun cuspóirí thogra Fit for 55 a bhaint amach.

    The Commission’s analysis indicates that REPowerEU entails additional investment of 210 billion euro between now and 2027, on top of what is needed to realise the objectives of the Fit for 55 proposals.

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN Plean REPowerEU

  3. #2630227

    D’fhonn tacú le dlús a chur le cead a thabhairt do thionscadail fuinnimh in-athnuaite agus don bhonneagar a bhaineann leo, tá an Coimisiún ag leasú a thogra maidir leis an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite agus iarrann sé ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle a áirithiú go mbeidh comhaontú tapa ann mar chuid den phacáiste Fit for 55.

    In order to support an acceleration of permitting procedures for renewable energy projects and related infrastructure, the Commission is amending its proposal on the Renewable Energy Directive and asks the European Parliament and Council to ensure a swift agreement as part of the Fit for 55 package.

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN Plean REPowerEU

  4. #2970240

    I ndáil leis an méid sin, cuireann feistí leathsheoltóra agus próisis mhonaraíochta deiseanna suntasacha ar fáil chun tionchar comhshaoil, agus, go háirithe, tionchar carbóin, na dtionscal a laghdú, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le huaillmhianta, mar shampla, an teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 dar teideal ‘ “Fit for 55”: delivering the EU’s 2030 Climate Target on the way to climate neutrality’ [“Oiriúnach do 55”: Sprioc Aeráide 2030 AE i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach], na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022 dar teideal ‘plean REPowerEU’.

    In this regard, semiconductor devices and manufacturing processes offer significant opportunities for decreasing the environmental, and, in particular, the carbon impact of industries, thereby contributing to the ambitions of, for instance, the Commission communication of 14 July 2021 entitled ‘Fit for 55’: delivering the EU’s 2030 Climate Target on the way to climate neutrality’, the Recovery and Resilience Facility established by Regulation (EU) 2021/241 of the European Parliament and of the Council and the communication of the Commission of 18 May 2022 entitled ‘REPowerEU plan’.

    Rialachán (AE) 2023/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóra na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 (an Gníomh um Shliseanna) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  5. #3034216

    Teachtaireacht ón gCoimisiún, ‘Fit for 55’: delivering the EU’s 2030 Climate Target on the way to climate neutrality ( ‘Oiriúnach do 55’: Sprioc Aeráide 2030 an Aontais a bhaint amach ar an gconair i dtreo na haeráidneodrachta) (COM(2021) 550 final).

    Communication from the Commission ‘Fit for 55’: delivering the EU’s 2030 Climate Target on the way to climate neutrality’ (COM(2021) 550 final).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2527 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2023 lena sonraítear míreanna teicniúla na dtacar sonraí le haghaidh ábhar ad hoc 2025 maidir le Fuinneamh agus an comhshaol i réimse an ioncaim agus na ndálaí maireachtála de bhun Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

  6. #1998518

    Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic le géarchéimeanna aeráide agus dúlra i gcomhréir le gealltanais an Aontais i leith chur chun feidhme Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (“Comhaontú Pháras”), agus chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach agus an Comhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt, leis an mBliain Eorpach, ba cheart rannchuidiú le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an aeráid agus leis an dúlra a phríomhshruthú agus leis na cuspóirí a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal “An Comhaontú Glas don Eoraip” a chur chun feidhme ar bhealach cothrom agus cuimsitheach, sna misin Fís Eorpach, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus sa phacáiste “Oiriúnach do 55” a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 dar teideal “Fit for 55”: delivering the EU’s 2030 Climate Target on the way to climate neutrality [“Oiriúnach do 55”: Sprioc Aeráide 2030 AE i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach] go háirithe trí dhaoine óga a spreagadh a dtionscnaimh féin agus a smaointe cruthaitheacha a cheapadh maidir leis na spriocanna ábhartha a bhaint amach agus dá bhrí sin aitheantas a thabhairt d’acmhainneacht chruthaitheach agus nuálach agus cumais na ndaoine óga.

    Reflecting the importance of tackling climate and nature crises in accordance with the Union’s commitments to implement the Paris Agreement adopted under the United Nations Framework Convention on Climate Change (the ‘Paris Agreement’), and to achieve the United Nations Sustainable Development Goals and the European Consensus on Development, the European Year should contribute to mainstreaming climate- and nature-related actions and to the implementation of the objectives set out in the communication of the Commission of 11 December 2019 entitled ‘The European Green Deal’ in a fair and inclusive manner, Horizon Europe missions, as set out in Regulation (EU) 2021/695 of the European Parliament and of the Council, and the Fit for 55 package set out in the communication of the Commission of 14 July 2021 entitled ‘“Fit for 55”: delivering the EU’s 2030 Climate Target on the way to climate neutrality’, in particular by encouraging young people to formulate their own initiatives and creative ideas on achieving the relevant targets, thereby recognising the creative and innovative potential and abilities of young people.

    Cinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 maidir le Bliain Eorpach na hÓige (2022) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)