Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

2 thoradh in 2 dhoiciméad

  1. #1817066

    Chun na coinníollacha a leagan amach maidir leis an bhFearann Barrleibhéil cód tíre.eu (ccTLD) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 a chur chun feidhme, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán sin a fhorlíonadh leis na critéir agus leis an nós imeachta chun an Chlárlann a ainmniú, agus leis na rialacha beartais phoiblí a bhaineann le cur chun feidhme agus le feidhmeanna an Fhearainn Bharrleibhéil.eu (TLD) agus na prionsabail beartais phoiblí faoi chlárú.

    In order to set out the conditions for the implementation of the .eu country code Top Level Domain (ccTLD) established by Regulation (EC) No 733/2002, the power to adopt acts in accordance with Article 290 TFEU should be delegated to the Commission to supplement that Regulation with the criteria and the procedure for the designation of the Registry, and with public policy rules concerning the implementation and functions of the .eu Top Level Domain (TLD) and the public policy principles on registration.

    Rialachán (AE) 2019/1243 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena ndéantar roinnt gníomhartha dlí lena ndéantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a oiriúnú d’Airteagail 290 agus 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  2. #2527039

    Ós rud é go bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2019/517 ar fud an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch, gnóthais a bhfuil a n-oifig chláraithe, a riarachán lárnach nó a bpríomháit ghnó san Íoslainn, san Iorua agus i Lichtinstéin, eagraíochtaí atá bunaithe san Íoslainn, san Iorua agus i Lichtinstéin agus cónaitheoirí san Íoslainn, san Iorua agus i Lichtinstéin, ceadaítear dóibh ainmneacha a chlárú faoin bhfearann barrleibhéil.eu (TLD).

    Since Regulation (EU) 2019/517 applies throughout the European Economic Area, undertakings having their registered office, central administration or principal place of business in Iceland, Norway and Liechtenstein, organisations established in Iceland, Norway and Liechtenstein and residents in Iceland, Norway and Liechtenstein are allowed to register names under the .eu top-level domain (TLD).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1862 ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2022 lena mbunaítear na liostaí d’ainmneacha fearainn atá forchoimeádta agus blocáilte faoin bhfearann barrleibhéil.eu i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/517 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)