Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

5 thoradh in 5 dhoiciméad

  1. #1673024

    Sa Teachtaireacht uaidh an 13 Bealtaine 2015 dar teideal “A European agenda on migration” (Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce], thug an Coimisiún dá aire go dtiocfadh céim nua leis an tionscnamh “Teorainneacha Cliste”, céim a mhéadódh éifeachtúlacht na dtrasnuithe teorann, a éascódh trasnuithe i gcás fhormhór mór na dtaistealaithe tríú tír bona fide, agus a neartódh, ag an am céanna, an comhrac i gcoinne na himirce neamhrialta trí thaifead a chruthú ar na gluaiseachtaí trasteorann uile a dhéanann náisiúnaigh tríú tír, agus prionsabal na comhréireachta á urramú go hiomlán ag an am céanna.

    In its Communication of 13 May 2015 entitled ‘A European agenda on migration’, the Commission noted that a new phase would come with the ‘Smart Borders’ initiative to increase the efficiency of border crossings, facilitating crossings for the large majority of ‘bona fide’ third country travellers, whilst at the same time strengthening the fight against irregular migration by creating a record of all cross-border movements by third-country nationals, fully respecting proportionality.

    Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011

  2. #1762658

    an Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce agus teachtaireachtaí dá éis sin, lena n-áirítear an Teachtaireacht chun Schengen a chaomhnú agus a neartú 30 , an Clár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil 31 agus obair an Choimisiúin agus na tuarascálacha ar dhul chun cinn dá chuid i dtreo aontas slándála éifeachtach dílis 32 .

    This proposal together with its sister proposal delivers on, and is in line with, the European Agenda on Migration and subsequent communications, including the Communication on preserving and strengthening Schengen 30 , as well as the European Agenda on Security 31 and the Commission’s work and progress reports towards an effective and genuine Security Union 32 .

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh (teorainneacha agus víosaí) agus lena leasaítear Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Cinneadh 2008/633/CGB, Rialachán (AE) 2016/399 agus Rialachán (AE) 2017/2226

  3. #1764237

    an Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce agus teachtaireachtaí dá éis sin, lena náirítear an Teachtaireacht chun Schengen a chaomhnú agus a neartú 30 , an Clár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil 31 agus obair an Choimisiúin agus na tuarascálacha ar dhul chun cinn dá chuid i dtreo aontas slándála éifeachtach dílis 32.

    This proposal together with its sister proposal delivers on, and is in line with, the European Agenda on Migration and subsequent communications, including the Communication on preserving and strengthening Schengen 30 , as well as the European Agenda on Security 31 and the Commission’s work and progress reports towards an effective and genuine Security Union 32.

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh (comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach, tearmann agus imirce)

  4. #2001783

    Sa teachtaireacht ón gCoimisiúin an 13 Bealtaine 2015 dar teideal European Agenda on Migration [an Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce], iarrtar go gcuirfí scéim tharraingteach ar bun ar fud an Aontais i dtaca le náisiúnaigh ardcháilithe tríú tír agus sonraítear ann gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2009/50/CE ón gComhairle le cur ar chumas an Aontais lucht tréitheach a mhealladh ar bhealach níos éifeachtaí agus, ar an gcaoi sin, aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhéimeagrafacha atá roimh an Aontas agus ar na ganntanais saothair agus oibrithe oilte atá i bpríomhearnálacha gheilleagar an Aontais.

    The Commission communication of 13 May 2015 entitled ‘European Agenda on Migration’ calls for an attractive Union-wide scheme for highly qualified third-country nationals and specifies that a review of Council Directive 2009/50/EC is needed to enable the Union to more effectively attract talent and thereby to address both the demographic challenges faced by the Union and labour and skills shortages in key sectors of the Union economy.

    Treoir (AE) 2021/1883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tír chun críche fostaíocht dár gá ardcháilíochtaí, agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/50/CE ón gComhairle

  5. #2097661

    A mhéid a iarrfaidh na Ballstáit a ndéanfar difear dóibh amhlaidh, ba cheart leis an Ionstraim tacú le cur chun feidhme chur chuige na dteophointí mar a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2015 dar teideal “Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce” agus a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 25 Meitheamh agus an 26 Meitheamh 2015 agus a shonraítear tuilleadh i Rialachán (AE) 2019/1896. Le cur chuige na dteophointí, cuirtear tacaíocht oibríochtúil ar fáil do na Ballstáit sin a bhfuil dúshláin dhíréireacha imirce rompu ag na teorainneacha seachtracha.

    In so far as the affected Member States so request, the Instrument should support the implementation of the hotspot approach as outlined in the communication of the Commission of 13 May 2015 entitled ‘A European Agenda on Migration’ and endorsed by the European Council of 25 and 26 June 2015 and further detailed in Regulation (EU) 2019/1896.

    Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí