I gcomhréir le hionstraimí idirnáisiúnta dlí, amhail Coinbhinsiún na NáisiúnAontaithe um Chearta an Linbh, déanfar aon duine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois a mheas mar leanbh faoin Rialachán seo.
In accordance with international law instruments such as the United Nations Convention on the Rights of the Child, any individual below the age of 18 is to be considered as a child under this Regulation.
#438691
Ós mian leo forálacha comhchoiteanna a bhunú chuige seo, á chur i gcuntas na prionsabail atá leagtha amach in ionstraimí idirnáisiúnta, go háirithe Coinbhinsiún na NáisiúnAontaithe um Chearta an Linbh, an 20 Samhain 1989, agus Dearbhú na NáisiúnAontaithe maidir le Prionsabail Shóisialta agus Dhlíthiúla a bhaineann le Cosaint agus Leas Leanaí, ag Tagairt go Speisialta do Shuíomh Altrama agus d’Uchtáil go Náisiúnta agus go hIdirnáisiúnta (Rún 41/85 ón Olltionól Ginearálta, an 3 Nollaig 1986),
Desiring to establish common provisions to this effect, taking into account the principles set forth in international instruments, in particular the United Nations Convention on the Rights of the Child, of 20 November 1989, and the United Nations Declaration on Social and Legal Principles relating to the Protection and Welfare of Children, with Special Reference to Foster Placement and Adoption Nationally and Internationally (General Assembly Resolution 41/85, of 3 December 1986),
#595960
I gcomhréir le Coinbhinsiún na NáisiúnAontaithe um Chearta an Linbh 1989 agus le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ba cheart do Bhallstáit tús áite a thabhairt do leasa an linbh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu.
In accordance with the 1989 United Nations Convention on the Rights of the Child and with the Charter of Fundamental Rights of the European Union, the best interests of the child should be a primary consideration of Member States when applying this Regulation.
#1623538
Oifig an Aire Leanaí: Mar a fheicimidne é – Tuairimí leanaí agus daoine óga maidir le Coinbhinsiún na NáisiúnAontaithe um Chearta an Linbh a chur i bhfeidhm in Éirinn. 2006.
OFFICE OF THE MINISTER FOR CHILDREN: HOW WE SEE IT – CHILDREN AND YOUNG PEOPLE’S VIEWS ON THE IMPLEMENTATION OF THE UNITED NATIONS CONVENTION ON THE RIGHTS OF THE CHILD IN IRELAND. 2006.
#1645143
Sraith Conarthaí Uimh. 9 de 2002. Prótacal Roghnach a ghabhann le Coinbhinsiún na NáisiúnAontaithe um Chearta an Linbh maidir leis an bPáirt a bhíonn ag Leanaí i gCoinbhleacht Armtha mar aon le dearbhú arna dhéanamh ag Éirinn ar í a dhaingniú. Arna dhéanamh i Nua-Eabhrac an 25 Bealtaine 2000. Tháinig i bhfeidhm go hidirnáisiunta an 12 Feabhra 2002. Thaisc Éire an Ionstraim Dhaingniúcháin an 18 Samhain 2002. Tháinig i bhfeidhm d’Éirinn an 18 Nollaig 2002.
TREATY SERIES NO. 9 OF 2002. OPTIONAL PROTOCOL TO THE UNITED NATIONS CONVENTION OF THE RIGHTS OF THE CHILD ON THE INVOLVEMENT OF CHILDREN IN ARMED CONFLICT WITH DECLARATION MADE BY IRELAND ON RATIFICATION. DONE AT NEW YORK ON 25 MAY 2000. ENTERED INTO FORCE INTERNATIONALLY ON 12 FEBRUARY 2002. INSTRUMENT OF RATIFICATION DEPOSITED BY IRELAND ON 18 NOVEMBER 2002. ENTERED INTO FORCE FOR IRELAND ON 18 DECEMBER 2002.
#725093
Ba cheart do Gharda Teorann agus Cósta na hEorpa, lena n-áirítear an Ghníomhaireacht agus údaráis náisiúnta na mBallstát atá freagrach as bainistiú teorann, lena n-áirítear gardaí cósta sa mhéid is go ndéanann siad cúraimí rialaithe ag teorainneacha, a gcuid cúraimí a chomhall i lán-urraim do chearta bunúsacha, go háirithe Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, an dlí idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear Coinbhinsiún na NáisiúnAontaithe um Chearta an Linbh, an Coinbhinsiún maidir le gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, an Coinbhinsiún i dtaobh Stádas Dídeanaithe agus oibleagáidí a bhaineann le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, go háirithe prionsabal an non-refoulement, Coinbhinsiún na NáisiúnAontaithe maidir le Dlí na Farraige, an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir agus an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cuardach agus Tarrtháil ar Muir.
The European Border and Coast Guard, which includes the Agency and the national authorities of Member States which are responsible for border management, including coast guards to the extent that they carry out border control tasks, should fulfil its tasks in full respect for fundamental rights, in particular the Charter of Fundamental Rights of the European Union (‘the Charter’), the European Convention for the Protection of Human Rights and Fundamental Freedoms, relevant international law, including the United Nations Convention on the Rights of the Child, the Convention on the Elimination of All Forms of Discrimination Against Women, the Convention Relating to the Status of Refugees and obligations related to access to international protection, in particular the principle of non-refoulement, the United Nations Convention on the Law of the Sea, the International Convention for the Safety of Life at Sea, and the International Convention on Maritime Search and Rescue.
#1645144
Sraith Conarthaí Uimh. 9 de 2002. Prótacal Roghnach a ghabhann le Coinbhinsiún na NáisiúnAontaithe um Chearta an Linbh maidir leis an bPáirt a bhíonn ag Leanaí i gCoinbhleacht Armtha. Arna dhéanamh i Nua_Eabhrac an 25 Bealtaine, 2000. Síníodh thar ceann na hÉireann an 7 Meán Fómhair, 2000. Tháinig i bhfeidhm go hidirnáisiunta an 12 Feabhra, 2002. Thaisc Éire an Ionstraim Dhaingniúcháin (mar aon le dearbhú) an 18 Samhain, 2002. Tháinig i bhfeidhm maidir le hÉirinn an 18 Nollaig, 2002.
TREATY SERIES NO. 9 OF 2002. OPTIONAL PROTOCOL TO THE UNITED NATIONS CONVENTION OF THE RIGHTS OF THE CHILD ON THE INVOLVEMENT OF CHILDREN IN ARMED CONFLICT. DONE AT NEW YORK ON 25 MAY, 2000. SIGNED ON BEHALF OF IRELAND ON 7 SEPTEMBER, 2000. ENTERED INTO FORCE INTERNATIONALLY ON 12 FEBRUARY, 2002. INSTRUMENT OF RATIFICATION (WITH DECLARATION) DEPOSITED BY IRELAND ON 18 NOVEMBER, 2002. ENTERED INTO FORCE WITH RESPECT TO IRELAND ON 18 DECEMBER, 2002.
#2205167
Agus a gcuid oibleagáidí faoin gComhaontú á gcomhlíonadh acu, glacann na Páirtithe mar chúram orthu féin gníomhú i gcomhréir le gach ionstraim dlí is infheidhme um chearta an duine, lena n-áirítear an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine 1950, Coinbhinsiún na NáisiúnAontaithe i dtaobh Stádas Dídeanaithe 1951, agus Prótacal 1967 a ghabhann leis, Coinbhinsiún Idirnáisiúnta na NáisiúnAontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú 1965, an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla 1966, an Coinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú 1979, Coinbhinsiún na NáisiúnAontaithe in aghaidh Céastóireachta 1984, Coinbhinsiún na NáisiúnAontaithe um Chearta an Linbh 1989, agus Coinbhinsiún na NáisiúnAontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas 2006, agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
In performing their obligations under this Agreement, the Parties undertake to act in compliance with all applicable human rights law instruments, including the 1950 European Convention on Human Rights, the 1951 United Nations Convention Relating to the Status of Refugees and the 1967 Protocol thereto, the 1965 Convention on the Elimination of All Forms of Racial Discrimination, the 1966 International Covenant on Civil and Political Rights, the 1979 Convention on the Elimination of All Forms of Discrimination against Women, the 1984 UN Convention Against Torture, the 1989 UN Convention on the Rights of the Child, the 2006 United Nations Convention on the rights of persons with disabilities, and the Charter of Fundamental Rights of the European Union.
#2071897
Leis an Ionstraim, ba cheart doiciméid ábhartha bheartais a chur san áireamh, lena n-áirítear leasuithe a dhéanfar orthu amach anseo amhail: Coinbhinsiún na NáisiúnAontaithe i dtaobh stádas Dídeanaithe, Coinbhinsiún na NáisiúnAontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, Coinbhinsiún na NáisiúnAontaithe um Chearta an Linbh, Clár Gníomhaíochta na Comhdhála Idirnáisiúnta maidir le Daonra agus Forbairt (CIDF), Clár oibre gníomhaíochta Bhéising, Coinbhinsiún na NáisiúnAontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, Coincheap AE maidir le Tacaíocht a thabhairt do Dhí-armáil, Díshlógadh agus Athimeascadh, an Cur Chuige Cuimsitheach maidir le cur chun feidhme Rúin 1325 (2000) agus 1820 (2009) ó Chomhairle Slándála na NáisiúinAontaithe (RCSNAnna) maidir le mná, an tsíocháin agus an tslándáil san Aontas Eorpach, an Coincheap maidir le hIdirghabháil AE agus Acmhainneachtaí Idirphlé AE a Neartú, Conclúidí ón gComhairle an 20 Meitheamh 2011 maidir le Coinbhleacht a Chomhrac, Creat Straitéiseach AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas agus na Pleananna Gníomhaíochta atá bunaithe air sin, Conclúidí ón gComhairle an 14 Samhain 2016 maidir le Creat straitéiseach uile-Aontais chun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála lena bhformhuinítear an Teachtaireacht Chomhpháirteach dar teideal Elements for an EU-wide strategic framework to support Security Sector Reform [Gnéithe de Chreat straitéiseach uile-Aontais chun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála], Straitéis de chuid an Aontais i gcoinne airm thine, mionairm agus armáin éadroma aindleathacha agus a n-armlón, treoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Duine, coinbhinsiúin ábhartha eile de chuid na NáisiúnAontaithe; Coinbhinsiúin na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach maidir le Sábháilteacht Núicléach.
The Instrument should take into account relevant policy documents, including future revisions thereof, such as: the UN Convention relating to the Status of Refugees, the UN Convention on the Elimination of All Forms of Discrimination against Women, the UN Convention on the Rights of the Child, the Programme of Action of the International Conference on Population and Development (ICPD), the Beijing Platform for Action, the UN Convention on the Rights of Persons with Disabilities, the EU Concept for Support to Disarmament, Demobilisation and Reintegration, the Comprehensive approach to the EU implementation of the United Nations Security Council Resolutions (UNSCRs) 1325 (2000) and 1820 (2009) on women, peace and security, the Concept on Strengthening EU Mediation and Dialogue Capacities, the Council conclusions of 20 June 2011 on conflict prevention, the EU Strategic Framework on Human Rights and Democracy and the Action Plans based thereon, the Council conclusions of 14 November 2016 on EU-wide strategic framework to support Security Sector Reform endorsing the Joint Communication on ‘Elements for an EU-wide strategic framework to support Security Sector Reform’, the EU strategy against illicit firearms, small arms and light weapons and their ammunition, the EU Human Rights guidelines, other relevant UN conventions and the International Atomic Energy Agency Convention on Nuclear Safety.