Síníodh Conradh Marrakech maidir le Rochtain ar Shaothair Fhoilsithe a Éascú do Dhaoine Dalla, do Dhaoine Lagamhairc nó Dóibh Siúd atá faoi Mhíchumas Léitheoireachta Cló ar Bhealach Eile (“Conradh Marrakech”) thar ceann an Aontais an 30 Aibreán 2014 [8].
The Marrakesh Treaty to Facilitate Access to Published Works for Persons Who Are Blind, Visually Impaired, or Otherwise Print Disabled (the ‘Marrakesh Treaty’) was signed on behalf of the Union on 30 April 2014 [8].
#1668970
Síníodh Conradh Marrakech chun Rochtain ar Shaothair Fhoilsithe a Éascú do Dhaoine Dalla, do Dhaoine Lagamhairc nó Dóibh Siúd atá faoi Mhíchumas Léitheoireachta Cló ar Bhealach Eile (“Conradh Marrakech”) thar ceann an Aontais an 30 Aibreán 2014 [3].
The Marrakesh Treaty to Facilitate Access to Published Works for Persons Who Are Blind, Visually Impaired, or Otherwise Print Disabled (the ‘Marrakesh Treaty’) was signed on behalf of the Union on 30 April 2014 [3].
#1666439
Forchuirtear le Conradh Marrakech oibleagáidí áirithe maidir le malartú cóipeanna i bhformáid inrochtana idir an tAontas agus tríú tíortha atá ina bpáirtithe sa Chonradh sin.
The Marrakesh Treaty imposes certain obligations regarding the exchange of accessible format copies between the Union and third countries that are parties to that Treaty.
#1666387
Ceanglaítear le Conradh Marrakech ar pháirtithe conarthacha eisceachtaí nó teorainneacha a sholáthar ar chearta sealbhóirí cóipchirt agus ceart gaolmhar maidir le cóipeanna, i bhformáidí inrochtana, de shaothair áirithe agus ábhar chosanta eile a dhéanamh agus a scaipeadh agus chun na cóipeanna sin a mhalartú trasna teorainneacha.
The Marrakesh Treaty requires contracting parties to provide for exceptions or limitations to copyright and related rights for the making and dissemination of copies, in accessible formats, of certain works and other protected subject matter, and for the cross-border exchange of those copies.
#1666388
Ceanglaítear le Conradh Marrakech, arna thabhairt i gcrích ag an Aontas, dlí an Aontais a oiriúnú trí eisceacht shainordaitheach agus chomhchuibhithe a bhunú d'úsáidí, do shaothair agus do dhaoine is tairbhithe a chumhdaítear sa chonradh sin.
The conclusion of the Marrakesh Treaty by the Union requires the adaptation of Union law by establishing a mandatory and harmonised exception for uses, works and beneficiary persons covered by that treaty.
#1666393
Ós rud é go n-áirítear saothair i bhformáidí fuaime, amhail closleabhair, i raon feidhme na n-eisceachtaí nó na teorainneacha a cheanglaítear le Conradh Marrakech, ba cheart feidhm a bheith ag an eisceacht shainordaitheach dá bhforáiltear faoin Treoir seo maidir le cearta gaolmhara.
As the scope of the exceptions or limitations required by the Marrakesh Treaty also includes works in audio form, like audiobooks, the mandatory exception provided for under this Directive should also apply to related rights.
#1668898
Leis an Rialachán seo freisin ba cheart ceadú d'onnmhairiú agus rochtain ar chóipeanna i bhformáid inrochtana a dhéantar i gcomhréir le cur chun feidhme Conradh Marrakech, ó thríú tír, ag daoine is tairbhithe san Aontas agus ag eintitis údaraithe atá bunaithe i mBallstát, chun críoch neamhthráchtála chun leasa daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar aon bhealach eile.
This Regulation should also allow for the importation of, and access to, accessible format copies made in accordance with the implementation of the Marrakesh Treaty, from a third country, by beneficiary persons in the Union and authorised entities established in a Member State, for non-commercial purposes for the benefit of persons who are blind, visually impaired or otherwise print-disabled.
#1668971
Ceanglaítear le Conradh Marrakech ar pháirtithe conarthacha foráil d'eisceachtaí nó teorainneacha i dtaca le cóipcheart agus le cearta gaolmhara chun cóipeanna, i bhformáidí inrochtana, de shaothair áirithe agus ábhar cosanta eile a dhéanamh agus a scaipeadh agus chun na cóipeanna i bhformáid inrochtana seo a mhalartú trasteorann.
It requires contracting parties to provide for exceptions or limitations to copyright and related rights for the making and dissemination of copies, in accessible formats, of certain works and other protected subject matter, and for the cross-border exchange of those copies.
#3065278
Conradh Marrakech maidir le rochtain ar shaothair fhoilsithe a éascú do dhaoine dalla, do dhaoine lagamhairc nó dóibh siúd atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar aon bhealach eile, arna dhéanamh in Marrakech an 27 Meitheamh 2013; agus
Marrakesh Treaty to Facilitate Access to Published Works for Persons Who are Blind, Visually Impaired, or Otherwise Print Disabled, done in Marrakesh on 27 June 2013; and