Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

2 thoradh in 2 dhoiciméad

  1. #2626697

    á chur in iúl gur mór aici go ndearna an Maoirseoir treoir ar an Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí (DPIA) a chur i dtoll a chéile; ag tabhairt chun suntais go ndearna an Maoirseoir faireachán ar conas atá DPIA á úsáid ag institiúidí an Aontais ó tháinig Rialachán (AE) 2018/1725 i bhfeidhm trí shuirbhé i mí Feabhra 2020, agus gur foilsíodh tuarascáil mar ghníomh iardain ina leith sin i mí Iúil 2020;

    Appreciates that the Supervisor produced a guidance on Data Protection Impact Assessment (DPIA); highlights that the Supervisor has monitored how Union institutions have been using DPIA since the entry into force of Regulation (EU) 2018/1725 through a survey in February 2020, and a report was published as a follow-up in July 2020;

    Rún (AE) 2022/1710 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn IX — an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

  2. #2626795

    ag tabhairt dá haire gur díol sásaimh di go ndearna MECS cianiniúchadh ar chláir próiseála sonraí institiúidí an Aontais agus SEGS a bhí go hiomlán comhlíontach; á chur in iúl gur geal léi an nuashonrú leanúnach ar ráitis phríobháideachais COVID-19 a rinne rialaitheoirí sonraí SEGS i ndlúthchomhar leis an OCS, chun aghaidh a thabhairt ar chúiseanna buartha nua maidir le príobháideachas i ndáil le rialú láithreacht oifige agus cianoibriú, d’fhonn comhréireacht a bhaint amach idir na riachtanais maidir leis an tsláinte a chaomhnú agus rioscaí éillithe a mhaolú agus sonraí pearsanta a chosaint; ag tabhairt dá haire, in 2020, gur chuir rialaitheoirí sonraí SEGS dhá mheasúnú tionchair ar chosaint sonraí (DPIA) i gcrích maidir le faireachán ar shlándáil TF agus maidir le húsáid KITRY, bogearra chun sláinte agus sábháilteacht a bhainistiú san ionad oibre don tSeirbhís Liachta (le cur i gcrích in 2021);

    Notes with satisfaction that the EDPS conducted a remote audit of the data processing registers of the Union institutions and the EEAS was deemed to be fully compliant; welcomes the continuous update of the COVID-19 privacy statement that the EEAS data controllers have carried out in close cooperation with the DPO, to address new privacy concerns in relation to the control of office presence and remote working, with a view to achieving proportionality between the needs of preserving health and mitigating contamination risks and the protection of personal data; notes that in 2020 the EEAS data controllers completed two data protection impact assessments (DPIA) on IT security monitoring and on the use of KITRY, an application to manage health and safety in the workplace for the Medical Service (to be completed in 2021);

    Rún (AE) 2022/1712 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn X — an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí