#1827762
I gcás ina gceadaítear, faoi rialacha eagraíochta réigiúnaí bainistíochta iascaigh (‘ERBI’), aistrithe cuótaí nó malartuithe idir na páirtithe conarthacha chuig an ERBI, féadfaidh Ballstát (‘an Ballstát lena mbaineann’) plé a dhéanamh le páirtí conarthach san ERBI agus, de réir mar is iomchuí, leagan amach féideartha a bhunú i dtaca le haistriú nó malartú cuótaí atá beartaithe.
Where, under the rules of a regional fisheries management organisation (RFMO), quota transfers or exchanges between the Contracting Parties to the RFMO are permitted, a Member State (‘the Member State concerned’) may discuss with a Contracting Party to the RFMO and, as appropriate, establish a possible outline of an intended quota transfer or exchange.